Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 113

TECH NDUINN

¶1] Teach nDuind, cidh diatá? Ní ansa. In tan dolotar meic Miled aniar don Erinn, asbert a n-druí fríu: ‘Fear raghas isin crand siúil’, for se, ‘& madh é chanus ar tus dichedla for Tuathaib Dei, maighfidh in cath forro, & lindi íarsin co brath a tír: & bebais in fer cuirfes in m-bricht.’ Fochres crandchor forro, & tachraidh do Dhonn taidhecht isin seól. Dogníther íarom samlaid, & luidh Dond isin seól, & canaidh tinchetla fríu, & doluidh sís iarsin, & asbert: ‘Tonga na deo’ ol sé, ‘cona didhemthar cert no cóir duib festa.’ Canaid-seom dano di thír tinchedla forro-som dia fregra. Iar mallachadh Duinn íarom do Thuaith De dofáinic crith-ghalar fo chétóir isin luing. Asbert Amarghen: ‘Bidh marb Dond’, for se, ‘& ní seghdha dund congbail im athgabail an ghalair. Ar día ructhar Dond i tír, bíaidh an galar-sa co brath a n-Erinn.’ Asbert Dond: ‘Berar mo choland-sa’, for sé, ‘a n-oen na n-ínnsi, & dobéra mo chinél bendachtain form co brath.’ Ticc íarom ainbhtine doibh tria thinchedlaibh na n-drúadh, & báiter an bárc a m-bái Dond. ‘Berar a choland isin carraic n-aird thall’, ol Aimhirghen: conidh de dogarar Teach nDuind. ‘Ticfad a munnter an maighin sin’, ol Amhirghen. Is aire sin adellad na h-anmanda peccacha co teach nDuind ría techt a n-ifearn, do reír na ngennti, cédus, co tabraid a m-bendachtain for anmain Duinn. Madh anum fírén imorro fir aithrighe is di chéin adcí-sidhe, & ní berar fordul. As i sin tra cédfaidh na ngénnti. Conid desin dogarar Tech nDuind.


p.312

The poems which follow are found in L and in no other copy of the Dindshenchas


p.314