Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 112

EMAIN MACHA

¶1] Eamhain Macha, cidh diatá? Ní ansa. Macha mong-ruadh, ingen Aedha rúaidh meic Badhuirnn, dorad for macaibh Díthorba in ráith do chlaidhe. Día m-batar for indarba i fothribh Bairne luidh-si ir-richt chlaimsighe chuco día m-batar ac fuine thuirc allaidh isin chaille. Berigh gach fer ar úair les h-í do aentughudh fría, & nochengladh-si iarom. Beridh-si iarom lei co h-Emain fon chruth sin cóic meic Dithorba .i. Baeth & Brass & Bétach, Uallach & Borbchass a n-anmand-sidhe. Fororchongairt-sidhe dino in ráith do chlaidhe, ar bá fearr lei moghsaine forro andá a marbudh. Rothoraind doibh ímpi 'ma cúairt día dealg íarsin in ratha, & rosclaidhset-som. Unde dicitur Eamain .i. eomhuin .i. eo imma mhuin Mhacha .i. delg ímmá braighit. Acht chena fégh in Réim Rigraidhi, si desideras inuenire prolixius, & causa breuitatis hic praetermito.

¶2] Nó dano is de Eamhuin Macha. Dia luidh Macha ingen Sainrith


p.310

meic Inboith do choimling fri dha ghabair an righ Choncobair isin aenach, íarna radh do Chrunnchoin ba luaithi a ben andate eich an righ. Asbert in rí fri Crundchoin, foghebadh báss mene thísad a ben don coimling. Tanic iarom Macha do sháeradh a fir, & si alachta, & roreith an cend m-blai frisna h-eocho, & ba luaithe dhi anda dona h-echaibh. Arsisbis iarom mac & ingen d'aen-tairbert, & scredsad in noidhin, co rolai Ullta ina cess, co m-ba coimneart fria mnai siúil cach fear, conidh o sin rolen an cess, & conidh on Macha sin & don eamon rosfuc ata Magh Macha & Eamain Macha.