Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 111

AILÉN COBTHAIG

¶1] Ailén Cobthaig cid diatá? Ní ansa. Dubthach dornmár mac Eogain rí Muman. Ben ambrit leis: mór imorro a túaithe na mná. Nobíd dano in ben oca chomét col-léir, conna comairsed fri mnaí n-aile. Bátar fir Muman oca chairigud cen chlannugud do dénum. Docúas uad do chungid ingine as áillem nobeth la Mumain dó. Fofríth dó iarsuidiu Fedelm fholt-buide ingen Dínil ó Chum Dínil i crích Chorco Duibne ir-Ros Túascirt. Tic in techta aníar co n-ebert frisseom. Dolluid-seom iarom do fheiss lassin n-ingin. Dollotar co m-batar issind fhaithchi uile a munter. Dolluid in ben immach cor-rala cor impu for túathbiul conna cungnétar nem na talmain. Ité clama bodra. Issed ruc a ech inní Dubthach, co tech a ingine búi issind fhaithchi .i. Ethne thóeb-fhota, ingen Dubthaig. ‘Olc ón imorro’, ar sí, ‘soífet-sa uile: úam-se rucad in t-eolas di.’ Imthéit-side impu, conidrala díb acht in buidre nammá. ‘Ní h-uaim-se rucad ón’, or sí. Ní rolá díb iarom. Gaibthi síar. ‘Táet Dínel’ ar se ‘ar mo chend dom shénad.’ Druí side. Noséna-side, condarala de. Do tháet ind ingen immach do fherthain fháilte frisin ríg. ‘Is cóir duit’, ar Dínel, ‘ferthain fáilte fris: is tú doroacht do maith ocus do líth duíb.’ ‘Ba maith ón ám, a Díneil’, ar ind ingen, ‘dia m-beth iartaige de.’ ‘Bíaid’, or Dínel. ‘Cíd bías de?’ or ind ingen. Is and asbert Dínel:

    Dínel

    1. A Fedelm, a fholt-buide,
      béra mac do Dubthach de:
      bid fer innraic in cech airm,
      Carpre cend-chotut a ainm.
    2. Genfid i n-inis iar nglind,
      rofestar Ériu imrind:
      gébaid ríge, regtait fir
      for Clanna Dedad meic Shin.

    3. p.306

    4. Bíaid cét m-blíadna i flaithius,
      bid airdirc a mór-maithius:
      genfit adamra 'na ré,
      nad co tancatar cose.
    5. Finnai cid lethan al-loch,
      ocus cid mór a anfod,
      tráigfid, ní bia banna fair,
      i flaith meic Dubthaig dornmair.
    6. A tír fil la tóeb Cláre,
      otá Cnámchaill co h-Áne,
      ní nad raibe fair cose,
      donicfa immed dáme.
    7. Bairend, cid soréid uile,
      ásfaid comba Cloch Daire:
      bíaid immad aittin ann
      i tírib áillib Érann.
    8. Femen cid sescand cose,
      ocus cid rota Raigne,
      dorega scoth-shemmor ind
      i flaith Chairpri chotut-chind.
    9. Báidfidir iarora túaid Buí,
      is and atbeir Dinél druí
      díth meic Dubthaig, trúag n-élang,
      caínfitit túatha Érann.
    10. Ásfaid carrac for a druim
      issind aicén oc Taig Duinn,
      comba fadirc ós ler lán
      in charrac cach leth for snám.
    11. Rafáid iarom timchell sair
      ecna do thir ocus muir
      la toíb n-Érenn, érim nglé,
      condaben fri Bentraige.

    12. p.308

    13. Ó docomce Corpre clí
      colla for crích mBentraigi
      nícon bia senchas iarsin
      do mac Dubthaig meic Eogain.
    14. Regthair etarru ocus tír
      oc buain míanna, mór in bríg;
      it é dogénat in m-brú
      síl mBuinne do Bentraigiu.
    15. Ticfa rí rúnda aile,
      Cobthach dít h-uíb tarraige:
      is leis bérthar aittreb ind
      for Druim Corpri chotut-chind.
    16. Bíaid caín lind
      condaticfat in Tálchind:
      fíal étrocht, aille sretha,
      bid leó tria bithu betha.