Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 105

SLÍAB SLANGA

¶1] Sliab Slangha, cidh díata? Ní ansa. Selg dorónadh la Rudhraighe, trí coícta laech, ba h-edh a lín. Dúiscther torc allaidh oco. Marbaidh-sidhe cóicait don tshluagh & brisis da ghaí Rudhraighe.


p.300

Tic Rossa mac Rudhraighe a foírithin a athar & desela an torc & térnaid, a ghaí slána leis. ‘Rob buana do rei’, for an rí, ‘as slan-ghaítheach tice on torc.’ Conidh desin atá Slíab Slangha fair.

¶2] No Slangha mac Partholáin an cethramadh aire Erenn rohadhnaiced ann la Partholán, unde Slíab Slangha nominatur: & is é cétna liaigh Erenn é, amail adberar sunn:

    1. Slanga, mac Pártholáin grínd,
      leighis doróne a n-Erind
      Laighlind rogaed ina blai
      i cath mór Muighe h-Ithaí.