Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 89

TULACH EOGAIN

¶1] Tulach Eoghain a n-Uaib Failghe, cidh diatá? Ní ansa. Eogan Bruighne Dá Chocca roadhnacht innti. Is aire imorro adberthe Eogan Bruighne de, air is a mBruighin Dá Chocca rucadh & ro-hoileadh h-é .i. Eogan Bruighne mac Nathí meic Rossa Failghe meic Cathaír móir, & is uadh ainmnighther Tulach Eogain, día n-ebradh:

    1. Fuil sunn lecht Eogain Bruighne
      ní leacht deoradh cen duilghe,
      fer gan tath[a]ír na thír thair
      úa Cathaír móir meic Eoghain.

¶2] Cormac úa Cuind, issé roalt Eogan. Eiched imorro ingen Dén rodnalt. Is eissiumh dorat in magh fris n-abar Mag Riched disi a ferannus, & comadh uaithe nóghabhadh ainmniughadh. Isin


p.284

tulaigh sin dano roadhnacht Cathaír mór & Rossa Failghe & Nathí & Eogan Bruighne, día n-ebradh:
    1. Tathum domna bróin ar beirt
      for ligib láech ós lom-deirc:
      ní fil adféta co fír
      ingnais éca na n-ard-ríg.
    2. Missi sund ós lepthaib trá
      fri serc-maid, fri sír-guba:
      iat-som fo brón bethad cé
      cen sód is cen sóinmige.
    3. Failet sund cethrur calma
      i n-óen-áit i n-óen-adba:
      bith for lepaid nal-láech lond
      is deccair, is díchumung.
    4. Cethair, is rúss, rúamdais gail,
      Nathí úais athair Eogain,
      Eogan Nathí, Ross na rath,
      Cathaír cóir in cethramad.
    5. Sé meic Rosa Falge fheil,
      bítis Lagnig dia lán-réir,
      fir allaid ar cach achud
      co nostarraid trom-thathum: T.
    6. Oengus find, Oengus dub dían,
      Brenaind, Dalán, daig dar sliab,
      Eochaid, ba airech achaid,
      is Nathí, co trom-thathaim. T.
    7. Maclocc, Fergus, Cetach cruaid,
      Currech, Furudran find-gluair,
      aithellach da Ailill ail,
      Oengus, Coelan, Conamail,
    8. Deich meic sin do Chathair cruaid
      ocus sé h-úi 'sind oen-uaig:
      ba sluag leoman cen lacad
      sund im Eogan tamthata. T.

    9. p.286

    10. Siat sain a meice sa h-úi
      ind ard-ríg Cathair cleth-núi:
      i Carmun na rig ir-rag
      adbul in gnim a tatham. T.
    11. Éber mac Miled, meit gal,
      leat líath Lugna luath-mongach
      'sin Bothur eter Da Mag
      tát sin tóchur 'na tatham. T.
    12. Secht fir secht fichit secht cét
      secht ríg-fhir co soilse dét:
      mac Heiris iar coll a chor
      tá sund co tromm na thathom. T.
    13. Ainm in chnuicc maith as cach mud,
      fo fail cach flaith 'na foluch,
      ruc leis in leoman mar Lug:
      fotá Eogan na thathum. T.
    14. Mór láech, mór lige, mór lecht,
      mór fine ocus mór n-airecht,
      dars' tic túr ocus tachud
      noco rún in ríg-thathum. T.
    15. Cormac úa Cuind, cen chur de,
      roalt sund Eogan Bruidne:
      ainm a muimme cen mafad
      Rechet, ruc in ríg-thatham. T.
    16. 7An tEogan-sa, as i do oil,
      Rechet, inghean Dein dírmaigh:
      dorad roinn dia muime maith
      gan coing uirre acht an t-ard-fhlaith.
    17. Dobherainn eol gan dailbh daith
      go ttug duthaigh di an dath-maith:
      fonn glan gan doméin rodet
      conadh Magh roréidh Reichet.

    18. p.288

    19. An lo tall a dalta di
      do Reichet an magh mín-si
      gan chárait gun mnaoi mun magh
      búi, go ttáinig a tathamh. T.