¶1] Cruachán Oighle, cid diatá? Ní ansa. Aighle mac Deirg meic Condrach dorochair and lá Cromderg mac Connrach uaír[gap: extent: some words]Clíara cedach romarbh Aighle for comairce Chromdeirg. Cruachán Garbrois a ainm reme-sin. Crúachán Oighle imorro a ainm ósin ille, ut dicitur in sequenti.
- Oighle mac Deirg, derg a dhrech,
romarb Cromderg mac Connrach:
don gnim-sin co ngairge ngus
as de atá Oighle ar Gharbrus.- Crúachán Garbrois gairmdís de
lucht eólais in tiri-si:
Cruachán Aighle ósin amach
a ainm co tí ia bráth brethach.- Cidh díatá Clíara cétach?
finnad senchadha Olnécmacht:
ann robíth ingen in Scáil
isa clíar ótha Espáin.- Is Druímne, cidh díatá an t-ainm?
ann ba Luat mac in Scáil Bhailb:
ann robíth Bairend a ben
dár' bhris a druim trén-galar.- Ecaill atá for an linn
an feas duibh cidh díatá in dínd?
Ecaill ingen Aedha deirg
and robíth, meic in Leth-deirg.