¶1] Loch Lughborta, cidh diatá? Ní ansa. Mór-dál robaí ac trí maccaibh Cermada meic in Daghda annsin a Cáendruim frisa raiter Uisnech, fri Lugh mac n-Eithne, do dhenamh chóra fris a lus a n-athar .i. Chermuda, rosmarb-som ic éd 'ma mhnaí. Rococradh Lugh dino la maccaibh Cermuda .i. Mac Cuill, Mac Cécht, Mac Gréne, Lugh do marbadh. Saidhis Mac Cuill sleigh inna thraigid an fir. Doluidh-sim íarom uaidhibh a n-eisimul cusin loch ucut. Marbthair & baiter andsin h-é, & issed adberad-som, conidh fair rogníadh in carn fil isin phurt frisa n-abur in Sidhán, Conidh Lecht Logha in carnn-sin, & conidh Loch Lughborta & Carnd Lughdhach íarom desin.
¶2] Nó comadh o Lughaidh mac Táil frisa n-aparthaí Delb Aedh rohainmnighedh. Uair in tan taínic Delb Aedh mac Táil aness a Mumain cona chóig maccaibh, íarna fogra día inghin fesin dó a fherann d' fhagbáil disi & día fir .i. do Thrad mac Tasaigh, is é port rogab-som in crích út, co n-derna-som tene druidhechta íar sin, cor' muighsed cóic sruama eisti, & cur' lái-sium mac fri gach sruaim díbh .i. dá mac fri h-Oirbsen aníar .i. Gnó beg & Gnó mór, Baetan i mBeathra, Andiledh a nDelbna móir, Anlenn a nDelbna