Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 84

MAG N-ÚRA

¶1] Mag n-Úra, cidh diátá? Ní ansa. Colum Cille dorighne moladh do Chiarán mac an tShaír íarna écc. Énna macu Laíghsi, issé robáei for cínd Cholaim Chille. Bearchán a farrudh Cholaim Chille, air issé rob aite dó, & is uadh fuaír irmhór a fháitsine. Is ann rorecadh an t-immond, aít a fuil Cros Cholaim Chille forsin faichthi. Tarcas lán tíre na manchán do búaib do Cholaim Chille, nó. xx. cét uinge d'argat, & nír gab Colum Cille sin, acht a trí mámanna do úraibh Cíaráin. Tucadh dosum sin, & rucc leis co Magh n-Uatha. Rocraith-sim a thri mhám isin muigh-sin, cor'chuir na deamna ass, ar robo lán do dheamhnaib conice sin é. Conidh óna h-uraib Cíaráin rolen Magh n-Úra dhe. Mag nDerg a ainm ar tús, ó Derg mac Dolair, dorochair and. Mag n-Uatha a ainm íarsin, ó Uath échtach mac Feradhaigh, dorochair and for cath Muighe Deirg, tucsat Connachta do Chormac Conloinges in lá ría toghail Bruighne Dá Choga. Magh n-Úra imorro a ainm iar tain óna h-úraibh Cíaráin do chrothadh fair.


p.278