Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 82

CONACHAIL

¶1] Conachail, cidh díatá? Ní ansa. Corann ingen Daíl doróne sealcc and for mucaibh allta co romarbsat na muca nái coin da conaibh, co roadhnacht lei-si íat acus co n-dernad duma úasa. Conadh desin atá Conachail, día n-debradh:

    1. Corann, robo ben co céill,
      ingen Dail, is domhna fhél:
      dorighne selg for an muigh,
      conadh de atá Conachail.
    2. Marbaid na muca móra
      nái coin da conaib crodha:
      a fert roclaidhedh cen ail,
      conidh de atá Conachail.
    3. Cidh Corann a ainm aníu
      ac na h-ócaibh fír-Fochlíu
      in caille, etar slíabh is chaill,
      dob ainm do riamh ría Corann. C.


p.276