¶1] Mag Leathluachra, cidh díatá? Ní ansa. Leathluachair & Furu-drán, dá óclach gradha do Fhínn mac Cumhaill, robadar isin maighin sin. Dá dún acco a Muigh Léthluachra, Dún Furudhráin & Dún Lethluachra. Anand fhind, ben Fhurudhráin isin dún medhonach, conidh de raiter Dún Anainne finne. Dorat Anand gradh do Lethluachair, co n-dernsad aentaigh, co feas forro a m-béd. Conidhromarb Furudrán Lethluachair ina míghnímh, co roadhnacht isin muigh sin, conidh de raiter Magh Leathluachra, ut dicitur:
- Leathluachair mór-óglach Finn
gilla is úallcha baí a n-Erinn,
is é robai sunda ana
is uadh sloindter an mag-sa.