Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 78
DUBAD
¶1] Dubadh, cidh díatá? Ní ansa. Rí rogabustar for Erinn, Bressal bo-díbadh a ainm. Taínic díth do buaibh Erenn fría linn, cona rabatar acht secht m-ba & tarb indti. Rothinolaid fir Erenn as gach aird chuice do genam thuir occa fo chosmuilis thuir Neamhruaidh, comadh de nodigsitis dochum nime. Taínic a shiúr
p.272
dia saigthin, & adrubairt rofhosaighfedh an ngréin a clethib nime cen rith, comadh lá shir doib fri dénam a saethar. Luidh inn ingen for leth do dhénam a draidechta. Luidh Bresal 'na díaidh & comraicidh fría, conidh ón chul doronadh and raiter Ferta Chuile don inadh. Taínic adhaidh doib íarsin, ar romilledh a draighecht mon n-inghin. Tiagham as dono oldad fir Erenn, ar nír gheallsom acht bith aen-lá oc denamh an chnuic-si, & ó rodubadh fornn ar ngnímh & o thaínic adhaidh, & dochóidh an lá ass, tíat cách día n-inad. Ba Dubadh a ainm co brath an inaigh-si, ol an ingen. Conidh de atá Dubadh & Cnoc Dubadha.