Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 71
LOCH LAIGLINDE
- Loch Laiglinde, loch na tonn,
co fúair ainm tri écomlonn?
cid h-é a ainm, nírb ed roime
nocor' báided Laiglinde.
- Táinic Laiglinde, an láech lir,
a cáeca láech co longaib,
co torchair in cáem 'sin glind
re táeb tobair don dílind.
- Romaid iman mag amach
tond asin tipra thiprach,
co n-derna loch can tráig de
ocus cor' báid Laiglinde.
- Tipra Dera meic Scera
rob é sin a h-ainm chena:
Tipra Dera, ba h-ainm dí
nocur' báided Laiglindi.
- Delgnat ingen Lochtaig luind,
ben Parrthalóin don phrím-thuind,
máthair Laiglinde co m-blaid,
ara tuc tonn trom-dígail.
- Cáeca ban, ba mór an gním,
im Delgnait, 'ma mnaí in aird-ríg;
dochóid 'sin duma ara n-éis:
romarb guba re n-aisnéis.
- Is misi Findtan abus:
ragab isa maithreachus:
atá lem can cadhus de
senchus Locha Laiglinde. Loch.
p.258