Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 65

DRUIM SÚAMAIG I

  1. Druim Súamaig, dara saigid,
    co slúagaib, co sídchairib,
    fon druim dúanach co n-duba
    fail Súamach mac Samguba.
  2. Ba fáith, ba fili, fír dam,
    ba suí, ba sencha solam,
    Súamach, cen chaite caccaid,
    aite ríam do ríg-maccaib.

  3. p.236

  4. Ingen Gaimgelta, in glúair glé,
    meic Rodba meic Thúaig Tuile,
    Caindlech, nírb étig ria h-ail,
    ba sí sin sétig Súamaich.
  5. Altsat a n-dís immalle
    Cormac, cond na loingse-se,
    mac ríg Ulad co n-úath-bla,
    hi crích curad cáem-Chrúachna.
  6. Diar' chechaing Cormac aníar,
    in borr-shlat cosin bláth-níam,
    ó Chrúachain, nach rabáid blad,
    do gabáil ríge n-Ulad;
  7. Ó rosíacht bruidin na m-breth
    Cormac, duilig a debech,
    Da Choca, cen tlás temil,
    fúair bas ocus beó-thenid.
  8. Cechaing Súamach dar cach sruth
    dia aurgaire, dia astud,
    is a ainder ér arnaid
    co Tulaig nDér n-dron-adbail.
  9. Déra in Dagdai, díles dó,
    ic caíniud Áeda ó Áth Nó:
    roscí rí Cuilt, in curaid,
    ina thuirt 'sin trom-thulaig.
  10. Ó doríacht cen laice ille
    aite in maic maith 's a muime,
    adcíat in daigid n-duilig
    'na brainig don beó-bruidin.
  11. ‘Díaid oirgne Cormaic adciu’,
    ol Súamach, ‘ic serb-laigiu:’
    ‘dalta romdechair cose,’
    ‘ní béo im bethaid dia ésse.’

  12. p.238

  13. Ronguil Caindlech, cruth rochar
    is roscaíl a folt find-glan:
    fúair a tairnem, a tuirim
    i n-Ard Chaindlech comduilig.
  14. Comainm na cnoc, ní celar,
    ó díth na deise atberar:
    réil cen min-dergnas don maig
    dindshenchas Dromma Súamaig. D.