Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 64

LOCH AINDIND

  1. Loch n-Aindind ós Mide múad
    sund ar slige na sáer-shlúag:
    Aindind mac Gúmóir gab and
    iar tíachtain tíre h-Érend.
  2. Is Loch n-Úair, cía h-Úar 'sa loch?
    cía díb in t-Úar ronúar-chroth?
    ised ráiter fíad cach dáil
    bráthair d' Óengus mac Úmáir.

  3. p.232

  4. Inann athair ós cach dind
    dorigne Úar is Aindind,
    ocus inann brú rosbert:
    dú dóib a m-beith im chomchert.
  5. Inann ben rosnalt malle
    in dá mac co mór-aidble:
    inann finde ocus fégad,
    inann mét is mór-dénam.
  6. I n-óen-fhecht rucait a n-dís,
    Aindind is Úar, cen athscís,
    acht is toísciu robreth brú
    Aindind, roleth cach lán-chlú.
  7. Ocus rígrad Gúmóir glain,
    lib in clos can dia n-athair,
    acht co Firu Bolg bladmar
    berar a n-ord imadbal?
  8. Ac Point robátar dá mac
    Danaus, Grécus na nglac,
    ótát Gréic cen ord n-dubach
    is Fir Bolg na m-borb-churach.
  9. Rogab Grécus co ngraimm glan
    rigi for claind a bráthar,
    co m-bátar fo mámus mass
    cen chádus cen chairtechas.
  10. Tarrúd úire ar airib
    for leccaib ar láech-maigib
    fognítis clann Danai dil,
    ba gním gann dia nglan-bráithrib.

  11. p.234

  12. Ní laimtis usce úar d' ól
    acht in muir múad cen mín-glór
    Fir Bolg 'ca m-bráithrib bunaid,
    cíarb ord áith-mer écubaid.
  13. Iarsin moslúat immach
    Úar ocus Aindind óach
    fir in chóem-lossa, ba cóir,
    d' éis Óengossa maic Úmóir.
  14. Gabsat 'car lochaib lethnaib
    iar scarthain ria mór-ethraib:
    hi flaith Chairpri Níad Fir
    táncatar Temraig taíb-gil.
  15. Dochúaid Aindind coa loch lainn;
    luid Úar úad ass cen errainn
    co ríacht in loch n-úar n-aile,
    ó fil lúad a láech-blaide.
  16. Is Loch n-Úair óshin amach
    ‘ca ragaib Úar a athach:’
    cid d' éis Aindind, gairb im ga,
    rolen a ainm in loch-sa. Loch.