Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 50

CLEITECH

  1. Cleitech in druí díles daith,
    scél cen mímes, ba mór-fhlaith,
    sund roadnacht in fáid fir,
    ó fil comainm cáid Cleitig.
  2. Bés ba h-é in tech turcbad and,
    iar ngrés na n-ugdar nemgand,
    dia n-ebrad cen tréithe the
    cléithe tech n-Érend uile.
  3. Nó ba cléithe ach n-anbal
    mac Erca do moch-marbad:
    hi Cleitig crúaid cen chrábud
    fúair guin, loscud, lind-bádud.

  4. p.202

  5. Cléithe ach i n-Erind uill
    díth cáid Cormaic uí chóem-Chuinn
    hi tig Cleitig iar nglíaid glic
    dia lil cnáim íaich 'na brágait.
  6. Adchúala mac ac Degaid
    mac Sin meic Rois in rebaig:
    and dorigne thúaid a thech
    fer crúaid dar chomainm Cleitech. C.
  7. Iar labrad do fhlaith cach fhir
    co fagbar a maith mór-dil:
    in rí as nóebu ná cach nech
    roscar ria chóemu Cleitech. C.