Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 47

MAG LÉNA I

  1. Inmain in fert, fichtib slúag,
    ocus inmain lecht láech-búan:
    inmain marbán cen mire,
    dia tuc banbán bith-lige.
  2. Scenb in scél roscaíled ann,
    láech nár laíded nach labrann:
    díth lúath Léna cen logud
    dorat úath is airomun.
  3. Léna mac Róeda rathaig
    ailis muic mó cach fachaid:
    rob é sin in torc tigba,
    las' rort Léna in láech-bidba.
  4. Is de shin frisngéra thúaid
    Mag lond Léna co láech-búaid,
    ón gas gurm nogaibed gail,
    luid as, aided nárb inmain,

  5. p.194

  6. Dia lotar 'na tóitib trell
    cóic cóicid áille Érenn
    dia saigid día Samna sair
    áit i m-baí a h-adba inmain.
  7. Roalt sab na sír-glec sáer
    Ailbe mín-brec mullach-máel;
    tuc mór slúag fo thalmain tair
    in cú úag arnaid inmain. In.