Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 46
MAG BREG
- Secht maic Breogain, bríg cen brón,
Brega, Blad, Cúalu cath-mór,
Cúalnge, Fúat, Murthemne maith,
ocus íth úasal ard-fhlaith.
- Slechtsat maige ar maith dia claind
in cumann daith derb-álaind,
conid leó iar n-úairib airthir,
ocus úaidib ainmnigthir.
- Roslecht Brega, bág cen chleith,
in mag-sa imríadat ar n-eich,
co mair ria gairm ngel, roglac,
a ainm sel mar cach secht-mac.
- Dochúaid fri senchas nach snéid,
iar sreith na súad co soréid,
Brega cen bine blaide
ainm daim Dile dell-glaine.
p.192
- Aire rochar Dil, nár dúail,
in dam ba muirech mór-búair,
dáig i n-óen-fhecht rochin sí
ocus in dam co n-dath-lí.
- Tulchinde druí, derbdait máil,
tuc leis in n-ingin n-óc-náir
co lóeg búadach na blaide
co Mag m-búarach mBolcgaide.
- Rolen ainm in daim duilig
do Maig Breg co mór-chuirib:
bréit Breg, in dom-airm cen acht,
rotréic sogairm na secht-macc. S.