Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 43

LUSMAG

  1. In eól duíb aní dia fail
    Lusmag cosin lí luchair?
    ria cath Maige Tuired te
    ba Mag Muired Moncaide.
  2. Ó chath Maige Tuired túaid
    ainm dó Lusmag co láech-búaid:
    and roben Diancécht cen chair
    lus ra cach crécht dia chobair.

  3. p.184

  4. Conmelt cach lus, láthar nglé,
    hi fus ar tiprait Sláinge:
    i n-Achud Abla fuilech
    ba cabra ríg robuidech.
  5. Cach láech nolaiged fon lind
    atraiged súas co slán-grind,
    cen on cen anim cen olc
    for agid nó for ard-chorp.
  6. Is ed sin fodera tan
    Lusmag na lega labar:
    do gnímrad Diancécht na ceól
    drécht co n-dírgud rodag-eól. In.