Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 35
SLIAB FÚAIT II
- Finnaid úaim, co ségda suairc,
aní dia n-abar Slíab Fúait,
ar domrala sund co cas,
co fesabair a shenchas.
- [Fúat mac Bili, beóda in fer,
tuc leis a h-indsib Maigden
tar cach rót 'na rémimm ráin
fót co h-Érinn a h-Espáin.]
- Fúat úa Breogain, bailc a bann,
ba trén dar tíre trebann,
óclach nárb úathad 'na luing,
taísech búadach mac mBreoguinn.
- Fúat úa Breogain, bailc a bann,
ba trén dar tíre trebann,
ruc céim cen gúasacht grinne
co h-inis na Fírinne.
p.168
- Tuc leis do lár na h-indsi
fót dar tonna trón-millsi,
co rofuirim, cadla in chúairt,
sunna for lár sléibe Fúaitt.
- [In fer atbeired gaí nglais
ós chaín in fhóit eochar-glais,
don fhót ba soblad in sód,
ní fodmad cen a impód.]
- In tan ba fírén in rí,
nobíd in fót fo cháem-lí :
mad dia ráided goí in cach than,
súas nochuired a fhaescal.
- [Maraid in fót 'sin tshléib thúaid,
co fúair 'sin rót cach robúaid :
fót ná fuilnged claíne cúac
tuc fer cen saíbe sáer-Fúat.]
- Is fair-sin, céim cen timme,
do chomét na fírinne,
doluid iar céin móir cen gait
in t-apstal prímda Pátraic.
- Atá sunna fót co lí
fótán tíre tairngiri,
i maig Náir, níthach a nert,
dogén co follus foderc.
- Doáirim úa Duinn duibe
fót Cinn builid Berraide
do sheól co becht dar' fuaig lib
cert sléibe Fúait, is finnaid. F.
p.170