Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 33
TALTIU
CÚÁN ÚA LOTHCHÁIN cecinit
- A chóemu críche Cuind chain
éitsid bic ar bennachtain;
co n-écius duíb senchas sen.
suidigthe óenaig Thalten.
- Trí chét blíadan, fodagaib,
teora blíadna do blíadnaib
co gein Críst, coistid rissein,
ón chét-óenuch i Taltein.
- Taltiu ingen Magmóir maill,
ben Echach gairb maic Dúach daill,
tánic sund ria slúag Fer mBolg
co Caill Cúan iar cath chomard.
p.148
- Caill Chúan, ropo chlethchor crand
ó Escir co h-Áth nDrommann,
ó Mónai Móir, mét n-uide,
ó Shéil co h-Ard n-Assuide.
- Assuide, in suide selgga,
fris'ndáiltis daim drom-dergga,
gnáth cend carbaig a caill sair,
in athbéim for brú Chlochair.
- Commur, Currech, Crích Linni,
Ard Manai i m-bítis rindi,
batir coscraig coin Chairpre
for tír Tiprat Mungairde.
- Mór in mod dorigned sin
al-los túagi la Taltin
athnúd achaid don chaill chóir
la Taltin ingin Magmóir.
- Ó thopacht aicce in chaill chain
cona frémaib as talmain,
ria cind blíadna ba Bregmag,
ba mag scothach scoth-shemrach.
- Scaílis a cride 'na curp
iarna rige fo ríg-brutt;
fír nach follán gnúis fri gúal,
ní ar fheda ná fhid-úal.
- Fota a cuma, fota a cur
i tám Thalten iar trom-thur;
dollotar fir, diamboí i cacht,
inse h-Érend fria h-edacht.
p.150
- Roráid-si riu 'na galur,
ciarb énairt nírb amlabur,
ara n-derntais, díchra in mod,
cluiche caíntech dia caíniod.
- Im kalaind Auguist atbath,
día lúain, Loga Lugnasad;
imman lecht ón lúan ille
prím-óenach h-Erend áine.
- Dorairngert fáitsine fír
Taltiu tóeb-gel ina tír,
airet nosfaímad cech flaith
ná biad h-Ériu cen óg-naith.
- Óenach co n-ór, co n-argut,
co cluichib, co ceól charput,
co cumtuch cuirp is anma
iar neólus iar n-erlabra.
- Óenach cen guin, cen gait neich,
cen cheist, cen changin, cen chreich,
cen chron, cen aidbriud. cen dáil,
cen élúd, cen ergabáil.
- Oenach cen chol, cen chelggad,
cen aithis, cen imderggad,
cen imchosnom, cen ellach,
cen táide, cen taithchennach:
- Cen techt fer i forud m-ban,
cen mná i forud fer find-glan.
acht cách fria chárus ó thaig
inna árus ard-óenaig.
p.152
- Óen-chairdde in óenaig andsin
etir h-Érinn is Albain,
ic techt ind, ic tuidecht ass,
cen nach n-ecraitius n-amnas.
- Ith ocus blicht for cach dind,
síd ocus soinenn dia chind,
doratad do gentib Gréc
ar fhírinne do chomét.
- Ó chaíniud Talten din tShéil
co flaith Lóegaire maic Néil
dogníthe la slúag síabra
óenach cacha h-óen-blíadna,
- La Firu Bolg, bátar and,
is la Túatha Dé Danann,
la maccu Míled iarsin
co Pátric iar prím-chreitim.
- Atbert Pátric, Ba búadach,
in recht aicnid imúallach:
cen cop ar Dia dorónad
boí in Coimdiu 'ca chommórad.
- Co tánic Pátric iar Críst
óenach Talten, tróeta tríst,
mór marb rochaín a chéile
hi relic na rath-Fhéine.
- Fert óen-doruis d'fhir co n-aí;
fert co n-díb dorsib for mnaí;
ferta cen dorsi drena
for maccu, for ingena.
- Aisneis do chorthib fert fadb,
fulang caindel d' airi marb;
cnuicc for allmarchaib ánaib
ocus múir for mór-phlágaib.
p.154
- Maraid múr Tailten cech than,
in' rohadnacht ilar m-ban,
ocus múr foluig mór marb,
in' rohadnacht Eochu garb.
- For múr Echach úaigthe clach
fiche forud ríg Temrach;
ocus for múr mín a mná
fiche forud a rígna.
- Ríg-imscing don Mumain múaid
fri rígu Temrach atúaid;
teora Connacht, cen nach cacht,
for forud fer n-Ólnecmacht.
- Láechrad Lagen, lór do blad,
eturru is cóiced Ulad;
innisem don leith andes:
Ériu, dia ríg ba ruidles,
- Ulaid ria cretim cruiche
co carptib don chét-chluiche;
Lagin ria firu Muman,
Connachta h-i lurgg lán-chuman.
- Lia Gruip, lia Gair, lia lobur,
lia in chlaim i tóeb na forud,
clocha ríme, roth Fáil Flaind,
coirthe Colmáin, carn Conaill.
- Geiss di urchur ná geib greim,
geiss di tochira cen tairlim,
geiss oc dul úadi do phraind
a déscin tar clé-gúalainn.
p.156
- Céti tri deccra rostecht;
fer cen chend fair 'ca imthecht,
mac meic secht m-blíadan for meór,
táim in tshacairt dind aeór.
- Na teora fogla filte
asrogart Pátric innte,
gait dam ar chuing, guin bó m-blicht,
loscud lés fás, ní prím-shlicht.
- Pátric pritchais, conid breth,
nad gébad síd nech doneth,
céin bes Tailtiu cech thrátha,
céin marait a ríg-rátha.
- Ráith airthir, ráith íarthair uilc,
ráith Lugdach, ráith Lort, ráith Luirc,
ráith Chon, ráith Chanand, mochen,
ráith síl Taidcg, tredua Talten.
- Tredua Talten sech cech tír,
áitt i troiscitis na ríg,
láechaib, clérchib, cétaib cenn,
na tísad teidm tír n-Érenn.
- Hi tredua Thalten, im theirt,
rosnír Ísu do Mac Eirc
na teora plága do breith
a h-Érinn, ní h-anaichnid.
- In giallcherd co n-daigthe immach,
bádud na m-barc ar Bregmag,
mortlaid mac nĘda Sláine,
do Mac Eirc ní h-imnáire.
p.158
- Cíambad termond Tailtiu ar thrét
tuc Dia cairde dia chomét,
Pátric, Brigit, Becán bán,
Mac Eirc, Eithni, Adamnán.
- Imráidem a tánic de
iar creitim na Trinóite;
trena Tailten, tuir théite
oc promad na fían-chéite.
- Fir ar dún ar tús da tríall;
fir eter da n-dún 'na n-díad;
fir iar n-dún dénma ossaid:
at eat na trí prím-thossaig.
- Pátric, fortgella cech rí
iar tochim Thalten fo thrí,
Mac Eirc, Ciarán Cairn don maig,
at eat na trí comallaig.
- Cóic cét óenach immosech,
cid cintech ar écintech,
ó óenuch Pátric Macha
co dub-óenach nDondchada.
- Dá fhichet ríg rodaacht,
la cethrur ríg doridnacht,
ó Níall uile ind rígrad rán
acht Ailill a óenurán.
- Óen rí ó Lóegaire ille,
óen rí ó cheniul Chairpre,
noí flaithe síl Aéda áin,
secht flaithe clainne Colmáin.
- Sé ríg déc ar Mide amach,
ó Eogan issin óenach,
ocus deich ríg, doríacht so
a crích Conaill, a chóemo. A.
p.160
- Cethri fichit, is fír sain,
do blíadnaib acht óen blíadain,
taichniud Tailten, tróg a fot,
céte Cormaic cen charpot.
- Conostánic 'na chath chass
mac meic ind ríg mothar-mass,
ocus mac domeil mid mesc
ingine ind ríg dodrairmesc.
- Rí Temra, togaide de,
Maelsechlainn Slemna slane,
sruth n-Eufrait eirge i n-ardda
oen-milid na h-Eorapa.
- Orddan íarthair domuin duind
dam chobair, Cormac úa Cuind,
chucund i forud flatha
do chlaind Domnaill Dondchada.
- Tuc gort Gáedel a gábud,
tuc h-Érinn a h-erbádud,
tuc óenach Talten a feór,
cíarb atharda, rop aneól.
- Bec leis a tard dún do maith,
bec leis d' ith de bliucht de braich,
bec leis de sheót de bíud de brut,
bec leis de ór de argut.
- Bec leis cacha lúaid diar les,
bec leis d' iasc do mil do mess,
bec leis dúnn ri cond crúaiche
óenach cecha h-óen-túaithe.
- Bec lais caithmít den bith búan,
bec leis rígad cech fir úan,
bec leis cach lucht lán fonlen
conontuc d' óenuch Thalten.
p.162
- Duthragair, ria techt anonn
cia bad fota ar saegul sund,
co nantartad h-i tech nDé
iar cinned a chomairle.
- Críst la Máelsechlainn na súad,
Críst leis ar dothech ar dúad,
Críst leis ar chocad ar chath,
dia chomge dia chommórad.
- Ríg ná tairnechtar ar n-dáil
ní dlegat ar n-imgabáil,
Máelrúanaid, Flaithbertach, Fland,
Áed, Cathal, Dondchad, Domnall.
- Duthrachta uí Lothchain láin
duíbsi, a ócu ind óenaig áin;
mo báide iar sonad so
cían bas chomad, a chóemo.