Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 29
CARN MÁIL
- Óebind a tarla ar m' aire,
nochon eólas óen-baile,
mo menma oc soillsigud sair,
ar díamairib in domain.
- Cid daíb ná h-iarfaig nech úaib,
diambad áil eólas d' immúaim,
cid diatá in t-ainm thair nach tan
ar Charn Máil im-maig Ulad?
- Lugaid mál, is mór romill,
rohindarbad a Hérind:
lucht secht long do mac ind ríg
a Hérind i n-Alban-tír.
- Rochossain na tíre thair
a cathaib 's a congalaib
ó Letha co Lochlaind láin
ó indsib Orc co Hespáin.
- Mar rogab recht ríge rúaid
tuc leis na sochraite slúaig,
corbat láin inbir Ulad
do bárcaib na m-borb-churad.
- Fúacairther úad cath nó cháin
ó Lugaid for firu Fáil
dia m-breith leis i cend catha,
la h-adbur a n-ard-fhlatha.
p.136
- Iarsin tic anuas co lúath,
do chur chatha fo chomúath;
cloch cach óen-fhir tuc 'sin cath,
de doringned carn Lugdach.
- Is and roboí Lugaid mál
isin charn chloch-throm chnes-bán,
cor-róemid in cath mór mend
for firu áille Hérend.
- Rogab Lugaid il-Lius Breg
gíallu Gall ocus Gáedel:
rí ris' torgbad in carn cruind
fail ar maig Ulad óebind. Oe.
- Secht-mac robaí ac Dáire dess,
Lugaid ainm cach meic ria mess:
dáig na fáistine, ferr de,
rosirmais óen-ainm uile.
- Lóeg doilbthe ic Dáire mar daig
ir-richt oss-gamna allaid:
tarlaic cethrur díb a cúain
rissin sen-Temraig síar-thúaid.
- Doluid rempo in lóeg col-laind
cor-ríacht in sruth oc Sinaind,
ocus dorochair leó in lóeg,
a cethrur míadach maccóem.
- Doringset crandchor can chess
meic Dáire ó dún na n-Éicess,
co fessed cách díb a mod
din lóeg doilbthe cen dochor.
p.138
- Dorala do Lugaid Corbb
coscrad in loíg, ciarbo borb,
conid úad sluinter in chland
Dál Mess Corbb i crích Cúaland.
- Céin roboí cách ara mod,
Lugaid Cál ina chotlod,
conid h-é a chiniud cen chacht
Cálraige cóicid Chonnacht.
- Dorat Lugaid dig n-uisce,
cíarb álaind nírb athbruiste,
conid h-é a shíl-side arsin
Corco Oirche i crích Caisil.
- Lugaid mór-athair Maic Con,
Hériu dó uile a óenor:
conid ó Lugaid Lóeg 'le
sluinter cland Corco Laígde.
- Mar robátar isin tig
na fir thall ocon tenid
dosriacht caillech, gránda ind ail,
is sí acgarb écosmail.
- Airdiu ná cach seól-chrand súas,
mó ná both leptha a leth-chlúas,
duibe a delb iná cach drech,
tromm ar cach cride in chaillech.
- Mó a clár fhíacail, cid bías de,
iná fían-chlár fidchille:
a srón fata úaide sair
sía indás uarchécht arathair.
- Mó ná clíab co cendaib dés
cach dorn don mnaí com-míbés:
mó ná ail borb chloiche ar chlud
cechtar a dá glún ngarb-dub.
p.140
- Bolg-medón impe, 's eól dam,
cen asna coa h-achsalaib:
cend carrach cnocc-remur cíar
fuirre mar cach n-aittenn-shlíab.
- Rosfuachtastar is' tech tend
imbátar meic ríg Hérend:
trúag in gním, gránna in bloscad
doringni friu dia roscaib.
- Rosoí aicned na mac máeth
risin n-úath n-olair n-abbáeth:
rap fherr leó ná a silliud sain
a tabairt beó fon talmain.
- Roimpó a cíall is a cond,
ropo léim dar lán-chomlond:
rosdílsigset meic Dáire
dochum éca imnáire.
- Atbert-si friu, aithesc n-olc,
Fóed nech úaib lemm innocht,
nó eter choin is duine n-dron
roforníss uili m' óenor.
- Ó 'tchondairc in gábud nglé
atbert riu Lugaid Laígde:
Faífet-se léi, is lesc in cor:
lór duíb m' esbaid-se m' óenor.
- Mar rodorchaig in tene
roslá ir-richt n-ingnad n-aile:
fuair deilb col-lí molta immach,
is sí corcra chorr-chíchech.
p.142
- Amlaid robátar a roisc,
(nírbat berta brath-tecoisc)
trí gaí gréine cechtar de,
baile a silled, ba soirche.
- Roscuch in cúach corcra cain
dia cíchib sís cen sentaid,
co m-benfaide frigde friss
sin tig ar shoillsi a cóem-chniss.
- Iarsin roiarfaig di in mac
A ingen chóem, can tánac?
sluind do chenél, innis sund,
ráid rium, ná dícheil orumm!
- Atbér-sa fritt, a meic mín:
limm-sa fóīt na h-aird-ríg:
is mé ind ingen seta seng,
flathius Alban is Hérend.
- Duit rotócbus cend innocht,
acht sain ní bia diar comrocc:
mac bías ocut, óebdu de,
issé mac las' fóīm-se.
- Atbér ainm do meic, maith mod;
Lugaid a ainm ri Mac Con:
aire a mét dechraim-se de,
bid druí, bid fáith, bid file.
- Fástine atbert friu Dáre,
ri Mac Con cen imnáre:
Gébaid Mac Con Cnocc mBreg m-bind,
Hérind is Albain óebind. Óebind.
p.144