Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 27

ARD MACHA

  1. In mag imríadat ar n-eich,
    do réir Fíadat co fír-breith,
    and roclass fo thacha thig
    in mass, Macha ben Nemid.
  2. Nemed riana baile ar blaid
    dá sé maige romór-shlaid:
    ba díb in mag-sa, is maith lemm,
    dara rag-sa im réim rothenn.
  3. Macha, robráena cach m-búaid,
    ingen ard Áeda arm-rúaid,
    sund roadnacht badb na m-berg,
    dia rosmarb Rechtaid rig-derg.
  4. Hí rochum, cen chúairt cobra,
    do maccaib dúairc Díthorba
    nír gním deólaid, co n-deilg de
    Eómain ós leirg in maige.
  5. Dia coíniud, ba bunad bil,
    la slúag n-Ulad cach n-aimsir,
    dogníthe cen tacha thair
    óenach Macha 'sin mór-maig. In.
  6. Is cóir dam a rád i fus,
    dáig is dál co n-dánatus,
    scél diamboí cless cen chobair,
    Ulaid h-í cess chomgalair.

  7. p.126

  8. Laithe doríacht fo glóir glain
    co h-óenach cóir Conchobair
    in fer trétach ón tuind tair,
    Cruind cétach mac Agnomain.
  9. And tucait, fri h-érim nglain,
    dá ech, nach fégaim samail,
    i n-ech-thress curad, ná ceil,
    fo ríg Ulad in úair-sein.
  10. Cen co raib a samla sin
    ar Maig dá Gabra d' echraid,
    atbert Cruind, in mer mongach,
    ba lúaithiu a ben balc-thorrach.
  11. ‘Fastaid acaib in flaith fir,’
    ar Conchobar cath-chingid,
    ‘co tí ben bán in balair’
    ‘do rith rán rem rogabair.’
  12. Etha óen-fher ara cend
    ó ríg na fóen-shleg fír-thend
    co toirsed ó thuind tríathaig
    do chosnum Chruinn chrín-bríathraig.
  13. Doríacht in ben cen fhuirech
    óenach na reb roguinech:
    a dá h-ainm thíar cen tacha
    Grían gel ocus glan-Macha.
  14. A h-athair, nír thréith 'ca thig,
    Midir Brig Léith meic Celtchair
    ina treib thíar cen tuige
    ba h-í sin grían banchuire.

  15. p.128

  16. Mar doríacht co ngairge im glóir
    rochuindig cairde a chétóir
    co slóg na clann ná claíte,
    ó dosrocht amm asaíte.
  17. Tucsat Ulaid bréithir riss
    don mnaí théith-mir thúachail-chniss,
    ná faigbed rath ria rige
    ó chath chlaidbech cloth-Line.
  18. Iarum rosnocht in mer mend
    roscaíl a folt 'ma fír-chend,
    doluid cen om-grith n-áine
    don chomrith don chomáine.
  19. Tuctha na h-eich dia tóeb thair
    dia m-breith sech in saír samlaid:
    d' Ultaib in braga co búan
    robo clé mana in marc-shlúag.
  20. Ciaptar lúatha mairc in máil
    eter thúatha fo thrén-dáil,
    lúaithe in ben cen gním ngainne,
    eich in ríg ba romaille.
  21. Mar rosíacht cenn na céite,
    (ba sáer a gell glé-méite,)
    ruc díis cen athbach n-úaire
    fiad shlúag cathrach Cróeb-rúaide.
  22. Mac ocus ingen moalle,
    rosalt imned tria áine:
    emon ruc Grían cen gním ngann,
    Fír ocus Fíal a n-anmann.

  23. p.130

  24. Fácbaid bréithir co m-búaine
    for cléithib na Cráeb-rúaide,
    a m-beith fri tress fo thirbaid,
    fo chess is fo chomidnaib.
  25. In bríathar dorat andsin
    don tshlúag thríathach ba tirbaid:
    roslen, nírbo gnó do gail,
    cosin nómad nó n-arsaid.
  26. Ó fhlaith Chonchobair Cherna
    ós trom-thoraib túaid-Emna
    rosbraith tria báig in bine
    co flaith Máil meic Rochraide.
  27. Andsin robo marb in ben
    don galur garb, roglinned;
    co roclass fo thacha thair
    i n-Ard Macha mid-adbail.
  28. Dia bás, dia bethaid co m-blaid
    eter srethaib síl Ádaim,
    na mná cen bríg m-bailb ós bla
    rolen a h-ainm in mag-sa. In.
  29. Co h-Ard Macha, dáltait fir,
    ó thuc Pátraic prím-chretim,
    in túaim cen tacha rothag
    is rúaim ratha, cid romag. In.
  30. A rí, thuc Emain co h-úar
    iarna dedail ria deg-shlúag,
    m' anmain ní rop trúag it tig
    iar salmaib súad h-i sáer-maig. In.

  31. p.132