Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 22

AILECH I

  1. Decid Ailech n-Imchill n-úaib
    sosad slúaig sir-thenn síl Néil
    fert fo dáenai Banbai mbáin
    Aida áin meic Dagda déin.
  2. Dagda daith, ba deog de neim,
    flaith for fleid fodla co fuin:
    maraid assíd
    [gap: extent: monosyllabic word]
    céin mair
    is fair rogníd issin Bruig.
  3. Ba rí h-Erend ílair gíall,
    ba flaith fial forsheng, ba fáel;
    deg-meicc h-i toebnius ria thoéb
    Cermait caem, Oengus, iss Áed.

  4. p.94

  5. Aed robíth i mBend Báin Báith
    tre neim ind laich col-láim luaith,
    nodforglem, fo indnu áith;
    ba bidba cáich Corggend Crúaich.
  6. Corrgend fo chairib don chin
    i fid na maigib na muir
    connach fúair port fo gréin gil
    cen chorp ind fhir for a muin.
  7. Mathi h-Erend imma ríg
    as cach thír tren-sheing co tráig;
    niptar tlaithenaid a thúir
    ó dún meic Fathemain Fáil.
  8. Fríth Corrgend co cridi crao;
    ba bráu borb-leng inna bíu;
    dobert ainech ris tre thnú
    dú ita Ailech indiu.
  9. Dia do glan-fhert glan rogníth,
    fích inid faderc do chach,
    don Dagdo dil foluig líach
    i n-iath bil Banba co bráth.
  10. Ninbói síd na slán ind uilc
    cen chrad a chuirp co níth nert
    on Dagdea, do díth a maic,
    cen marb-lia mairt forsin fert.
  11. Fuair lia linne os loch
    fo thinniu throch trait atbath;
    robriss a blaid iss a bruth:
    assbert guth, ba 'hail' co n-'ach'.
  12. Ailech cen Chorrcend fo chlói
    ni toirm-thend in graigech glé;
    bói fer tuachill fora thí
    ropo rí do thuathaib Dé. D.

  13. p.96

  14. Ailech n-Imchill os cech áit
    dia do báirc bir-chinn fri ét
    la tuatha De dremuin dúairc,
    cuaird i m-bái Nemain is Nét.
  15. Imchéll casleóir Dagdai dúir
    in múir mas-móir magdai muaid;
    Coblán ua Gairb gaela gráid
    rodfáig im fhert Aeda úaig.
  16. Atbath Corrcend co crúais chuirp:
    húais n-uilc nad ordnenn a shercc:
    rodechraig fón ail co h-aircc,
    ind ailt rodechlaid in fert.
  17. Cia nosfallsige cech súi
    teora amsera mollé
    o na trenaib dian treb thoí
    cen gói co ngénair mac Dé? D.
  18. Ailech Frigrend cid dia m-bói?
    dia n-innlend aí, úais a lí,
    Frigriu cerd Cruthmaige Cé
    i ré Fhubthaire ó Hí.
  19. Ubthaire dind Albain óig
    tuc toi Truchmaige o thír,
    co fúair flaith glacc-neme geir
    Fhiachraig réil Roptene in ríg.
  20. Rogníth tech 'mo ingin n-áin
    la Frigrind Fáil, ferr cech dín;
    sneid rosamig dar da sál
    leir for lar Ailig na ríg.
  21. Rosfhuc Eochu Domlén dían
    gorm-nél na ngíal, ngel a gruad;
    ni saiched siblig dar sál:
    aithed n-án d'a ingin úad.

  22. p.98

  23. Helech der Fhubthaire fhind
    dar lind Luchraide cen luing,
    mathair mongda, mó cech mainn,
    na tri Conla do chlaind Chuind.
  24. Cid airdairc in tairbirt trén,
    tre garg-nert nger glethe slúaig
    ind ríg rothrén ocon rám,
    arsain oc snam aichde n-úar.
  25. Is é sin senchas cech shin
    in gais gil, ní grenchas ngair,
    in grin-gen graigech co ngail
    dia fail Ailech Frigrend fair.
  26. In fáth fácbait fri cech rím,
    Patric dia tír tic iar céin,
    co toracht cen altu áig
    ina n-dáil co maccu Neil.
  27. Eogan dia n-amraib ronecht
    etir anmain ocus chorp,
    fuair ellach ar nóebe nirt:
    in Britt robennach in port.
  28. Patric, ni triamain a tlí,
    dia m-bat riaraig i cech ré,
    tellach n-Eogain os cech clói
    rosbennach a deonaib Dé. D.
  29. Fuil buaid clérig co ngrád glán
    for gruaid Ailig, án a mod,
    flaith co fáthaib fogaib mid,
    mo brathair cen chin cen chol.
  30. Colum Cille do chlaind Néill,
    glan-oll gleir glinne co n-áib,
    sech is áire do Albain óig,
    mind n-óir Daire Chalgaig cáim.

  31. p.100

  32. Colum co seolaib in súi
    Conaill is Eogain mollé,
    óa ríg Codail congaib Hí,
    tí dom chobair at-taig De. D.