Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 21
MAG N-ÍTHA
- In mag itám sund 'nar socht,
Mag n-ard n-Ítha na n-úar-phort,
ba Mag mBolg, co nítha nirt,
co bás Ítha imairdirc.
- Íth mac Breogain, buidnib bann,
doluid ria ruibnib rochlann:
co fúair Érinn, immud fhell,
nír scuir dia rémimm rothenn.
p.92
- Rosíacht co h-Ailech in ail,
co h-íath na n-airech n-arsaid,
co rígaib Fótla fata,
co trí maccaib Cermata.
- Co n-epirt co saidbri iarsain:
Dénaid caibni is chomáentaid!
maith indse itáid, clú nad cress,
imda a h-íasc is a h-ilmess.
- Coimsech a h-úacht is a tess
mochin rígu dian' ruidless!
ní fhúarus féin, fri sním snúad,
ferann ná crích a comlúag.
- Cechaing úadib, ord nárb olc,
co ríacht Mag mBolg na m-búar-cholt:
luid slúag roglan cen robud
dia marbad, dia mudugud.
- Íth mac Breogain, búan a blad,
and rodíth is rodamnad
im-Maig Bolg búasaig, cía bé;
nírb ord úasail óen-maige. In.