Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 20

ARD FOTHAID

  1. Ard Fothaid, in fetabair
    in flaith fíal diarbo ferann?
    Fothaid airgthech etamain
    rotecht co cían, ní celam.
  2. Mór n-úathbas, mór n-etarnad
    foa tudchaid gleic in gart-nia
    fuair Fothaid, rofetammar,
    mac do Lugdaig mac Maccnia.
  3. Mí co leith 'na láech-lige
    roboí sund cen gním nguinech
    Fothaid fo breith báeth-bine
    i n-ingnais ríg is ruirech.
  4. Is fria ceól rochotail-sium
    ceirce Boirche na m-búad-arg:
    dia thig ní rothocair-sium
    in Fothaid soirche slúag-ard.
  5. Flaithem súairc secht síd-nime
    rí robladach na rind-arg
    nímthuca i súan sír-lige
    in flaith forbarach find-ard. Ard.