Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 15

BENN BOGUINE

  1. Fil dam aichne áige,
    hi taithme treb Túaige,
    cen bró-guine báire,
    benn Bóguine búaine.
  2. Fáth dia fúair in gairm-se
    in cach úair, ní h-insa,
    lúaidfet im láid lebuir,
    dáig is memuir lim-sa.
  3. Fecht dia tánic sunda,
    mar cach ngábit ngalla,
    ón mnaí cen lúaig lumma
    bó da búaib dar Banna.
  4. Flidais ainm na mná-sin
    ingen Gairb maic Grésaig
    ind fhairenda fhíal-sin,
    ben Ailella fésaig.
  5. Co rothóed in bó-sin
    dá lóeg ar in lúth-sin,
    gnó garb, nárbu gnáth-sin,
    bó ocus tarb don túr-sin.
  6. Bátar didu denus
    tria selus oc sílad,
    dar cach fán nosfóelad
    tucsat lán is línad.
  7. Oen tarb ríabach rempu,
    ba tríallach fri tentu
    oca m-báig ar búaraib
    ar chúanaib ar chentu.
  8. Mná blegoin nísbligtis,
    fir dremuin nísbáigtis:
    ciambad shlúaig noslúitis
    nísbrúitis nísbáitis.

  9. p.72

  10. In géimm garb nogéissed
    in tarb don beinn búain-sin,
    bó ní bíd 'sin tír-sin
    cen rísin in búair-sin.
  11. Desin batar marba
    búair Banba ba brogda
    dia chloisin cen aiscin,
    nírbo thaiscid torba.
  12. Roboí ben 'sin bruig-sin
    co lín a treb taistil,
    Echtgal ingen Uatha,
    ben brúachda maic Baiscil.
  13. Altrom íaram aicce
    ria ríarad cen ruicce,
    mac Néill co neim, agair,
    Fíach cadail is cruitte.
  14. Dorat boin 'na beólu
    tresna seónu sóeba:
    Ercc a h-ainm fri h-úara
    secht m-búada rosbróena.
  15. Rogab bruth in bó-sa
    im guth in tairb thréin-si,
    corfhácaib fo thíachra
    Fíachra mac ind Néill-si.
  16. Roráid rissa muimme
    tria luinne co lonn-báig,
    ‘A Fhíachra co n-il-búaid,’
    ‘notimlúaid fri tromm-dáil.’
  17. ‘Éirg h-it rémimm rúathair,’
    ‘sir in n-Érinn n-áthaig,’
    ‘co tí in bó dia bó-threib,’
    ‘gnóthaig as mo gnáthaib.’

  18. p.74

  19. Dochúaid iarma reime
    Fíachra, fer dar fuile,
    ón dreimm dó diaraile
    co beinn na m-bó m-buide.
  20. Ní bíd ní fo díchlith
    dia rusc ó brí brúachaig
    do shídaib nó shamlaib,
    d' almaib ocus d' úathaib.
  21. Mar doríacht in m-beinn-si
    in caur cían cen choimse
    inna rith, réim roglach,
    ba toglach cen toirse.
  22. Roslecht in rúad ruirech
    buidne na m-búar m-brainech,
    rosmarb dar cech mag-ar,
    ba calad a chlaideb.
  23. Is din mart-gail móir-sin
    dorigni 'sind úair-sin
    ón bró-guine báin-sin
    Benn Bóguine in búair-sin.
  24. Fíachu, fer na fuirec,
    eter tríathu tairec,
    rostenn cen nach n-amarc:
    tá sund benn i failet. Fil.

  25. p.76