Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 12

3

ÁTH LÍAC FIND II

  1. Ath Líac Find, cía lía diatá,
    finnat dúinn na senchada:
    cía díchuimne rodondall,
    tan forfácaib a líc and?
  2. Imairec catha, céim nglé,
    do mac Cumaill Almaine
    fri mílid in lethe atúaid,
    fri mac Echdach abrat-rúaid.
  3. Doluid Sideng sel iarsin,
    ingen Mongáin shaír shídig,
    co tuc líc co slabraid óir
    d' Fhind mac Cumaill maic Thrénmóir.
  4. And dorat Find a líc luind
    'sin chath for muin Guairi guill,
    co tairnic airmed a shlóig,
    ó thráth éirge co h-iarnóin.
  5. Gáiris asin leith atúaid
    Fland mac Echdach abrat-rúaid:
    roríast a chruth, coraul nglé,
    trén-chonchend na h-irgaile.
  6. Sínid Find a láim iarsin
    dia líc tréuill tréochair,
    co tuc in oind baí for muin
    Guairi guill forróeblangair.
  7. Adrochratar isin áth
    cethri Conaill, dá Cholmán,
    cethri Suibni, dá mac Bricc,
    cethri Dubthaig, dá Diarmait.

  8. p.42

  9. Tarlaic Find a lía 'sa n-áth
    ón uair tánic a lond-láth:
    Bran ocus Senach is Sen,
    is deshin dorochratar.
  10. Dorochair in lia 'sin lind,
    dia n-dernad enech fíal-Fhind:
    iarum nochonfhagaib nech,
    conach é in sét somaínech?
  11. Fongeib ingen, comul nglé,
    dianid comainm Bé Thuinde:
    foceird a coisslíasait cóir
    trena aurdrolam n-derg-óir.
  12. Co motarraing súas iarsin
    in lía sin cona drolaib,
    conidfargaib forsin tráig
    dia domnaig isin tiugnáir.
  13. Secht m-blíadna iarsin, sásad nglé,
    co tí lathe in mesraigthe,
    conid h-é sin gním diatá
    dindshenchas in deg-átha. Áth.