Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 10

CARN FURBAIDE

Cuán Uá Lotchán cecinit
  1. Atá sund Carn uí Chathbath
    fors'rimred arm imathlam,
    lechtán láechda laích col-lí,
    fertán fráechda Furbaidi.
  2. Furbaide Fer Benn, ba brass,
    mac do Chonchobar chomdass:
    Ethne a máthair, moltait raind,
    siur do Meidb is do Chlothrainn.
  3. Luid Ethne sin cóiced cain
    co m-báe h-i fail Chonchobair:
    dia m-bátar and immalle
    de dorónad Furbaide.

  4. p.32

  5. Iarsin mostic Ethne anair
    dia h-assait i Cruachan-maig:
    dolluid Lugaid ara cend
    co bun síd-maige Silend.
  6. Sáeb-écht doróni Lugaid
    for mnaí Conchobair chubaid:
    tuc am-mac tria tóeb immach
    iarna bádud balc-thorrach.
  7. Is uaithi ainmnichther de
    ind abann dian ainm Eithne,
    ó mnaí, ní scél cleithe cruind,
    atá Eithne arin abaind.1
  8. Is aire sin, sorcha dend,
    rolen Furbaide Fer Bend:
    dá beinn bátar fora chind
    Fhurbaide fhossaid fhorfind.
  9. Secht m-bliadna deëc a áes,
    rosílad Hériu ar gáes,
    robriss bern trí cét, cen chlith,
    issin chath oc Ilgáirich.
  10. Dul do dígail a máthar
    romídair tri mór-láthar,
    co torchair leis, láechda in bedg,
    máthair Lugdach trí-ríab-nderg.
  11. Dolluid Lugaid, lúad ar chacht,
    aníar ina iarmoracht,
    co torchair leis Fer bláith Bend
    im-mulluch Sléibe Uillend.

  12. p.34

  13. Cloch cach fhir roraind in fadb,
    is de dorónad in carn:
    bás maic ind ríg tre chin mná,
    is é sin in gním diatá.
  14. Rucad in cend selat sair
    dia breith co tech Conchobair,
    co torchair a glaicc Lugaid
    in dét in maicc mór-phudair.
  15. Uillend fáebur-derg fosfúair
    mac Find uí Baiscne brat-rúaid:
    tánic di chéin cían im gail
    conid 'sin tshléib tathamair.
  16. Rí nime doní cech ní
    uaisle é 'ná cech ard-rí,
    rí corric bráth, bressim nglé,
    is ós chách atá side. A.

  17. p.36