Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 6

DUBTHIR

  1. Dubthir Gúaire, gním dia fail,
    a scél fír co fessabair,
    baí tan nárbo dubthar doss,
    acht crích cruth-glan chomsoloss.
  2. Dá mac forácaib Dall dess,
    Gúaire gann, Dáire díless,
    imon crích, co n-duilge de,
    níptar cuibde comrainne.
  3. Fillis Gúaire, gním n-espach,
    for Dáire n-dían n-dub-chestach,
    co torchair leis Dáire in daig
    cen gné n-áile n-imthrócair.
  4. Ón ló rogáet Dáire dron
    i n-Inis Dam cen díchron
    is fích co m-búaine mothair
    crích Gúaire don chomfhochain.

  5. p.18

  6. Mairg dogní fingail co h-om
    gním dia ná timgair torud:
    crích Gúaire, cen chosnam de,
    fil 'na dos-mag dubthaire. D.
  7. Nomsháer ar fhill is ar olc
    a Chríst, rochind mo cháem-chorp,
    a Rí subach na síne
    nírbam dubach dub-thíre. D.