Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 5
NEMTHEND
- Dreco ingen Chalcmaíl chrúaid,
maic Cartain chaíl, maic Conúaith,
ander 'cambuí cach bine,
sech ba druí, ba deg-fhile.
- Is lé conairnecht, scél ngúr,
tria ainrecht is tria imthnúth,
diambaí níth Bregrossa beirg,
díth mac Fergossa leth-deirg.
- Cethrur ar fhichit, ní gó,
dá fher déc sin co ba dó,
cethri seisir, garga a ngluind,
romarbtha sin la Drecuinn.
- Conán, Canán, Máelán mál,
Sarán, Sáerán, Sáebdercán,
Uinnsiu, Aillsiu, ard a ngleó,
Tuinnsiu, Tairrsiu, is Tromcheó,
- Cuán, Cattán, Cáemán cass,
Tnuán, Taebán temen-glass,
Fuither, Fiacc, Failbe, is Flann,
it iat sín a comanmann.
- Tuc dóib nemain ocus neim
in draic dremain, der demin,
corusmarb i n-óen-fhecht de
tria sáeb-recht súain serb-díge.
p.16
- Áit i m-bátar mairb co mend,
is dó-sin is ainm Nemthend:
dosfuc i n-imned ria n-ail
fled rohindled oc Drecain. D.
- Mo chorp, a Rí cháem na cros,
rop sáer ar olc, ar elgnos,
is m'anam, cen mímes maill,
nírop díles do Drecainn. D.