Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 3

DRUIM CLÍAB

  1. Sunda roboí Caurnán cass,
    oc ergnum churchán comdass;
    blíadain, co leith, láthar n-án,
    díamair im chreich in Caurnán.
  2. Caurnán coss-dub, cen gné nglain,
    mac Ré Doirche maic Díbaid,
    fer co rogail ós cach rainn,
    dorigni togail túachail.
  3. Trí coícait clíab, comol nglé,
    sund i nDruim Chlíab coidlide,
    d'argain Dúine Bárc bleidig,
    tarclaim Caurnán, corr deibig.
  4. Mac Leó Lám-fhata cen locht,
    Áinle aurdairc immétrocht,
    fer tríath cen trácht im thogail,
    flaith Dúine Bárc beó-choraig.

  5. p.10

  6. Áinle, nírbo glac im gail,
    mac forácaib Leó in lámaid,
    roboí fo dígail co dúr
    cona rígain 'na rodún.
  7. ‘Maith cach dál dia tíagat fir’
    atbert Caurnán comdemin:
    ‘rogáet Áinle, lín a ban:’
    ‘atámne sír cen scarad.’
  8. Caurnán roforbair ar úail
    d'orgain Dúine Bárc bith-búain:
    roscar ri méla thíar thair
    scéla Dromma Clíab cobsaid.
  9. Is desin atá in gairm glan,
    ainm Dromma Clíab na comram:
    is scél búan cen bél-gus m-bla:
    dia shlúag radelbus sunda. S.
  10. Mo dá rogain dam, a Rí,
    a dúilim domain dath-bí,
    mo breith lat it ríg-fhlaith trá
    iar m-beith co sír-maith sunda. S.
  11. Is desin ita Druim Cliab
    ara druim-sea don taib shiar,
    ona cliabaib co lin nga
    dorinded co sir sunna. S.

  12. p.12