Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem 85
Loch n-Érne
- Loch nÉrne, ard a oscur,
ba lind garg cen glan-fostud,
diar' thadbain a thescul túaid
i fescur fhagmair find-lúain.
- 5] Fiachu Labraind, línib slúag,
ós cech arm-raind co n-imluad,
glacc cen imroll im gním nga,
macc do Smirgoll macc Smertha.
- Smertha co n-engnom fhuilech
10] macc do Senboth sír-guinech
fer i n-il-ernmais fichthig,
macc Tigernmais trén-rigthig.
- Rochuir cath Carmain in chleth
Fiachu Labrain ba láech-breth,
15] hi fúair brath mbaeguil cen báig
Eochu Faebuir mac Conmáil.
- Iarum rorígad cen raind
Fiachu fír-glan, fúair Labraind,
fiche a cethair, nocho gó,
20] co rodmarb Echaid Mumo.
- Cethri tomadmann, tomsid,
hi flaith Fhiachach fhír-longsig:
ní rosmairn mesce 'malle,
maidm Flesce, maidm fír-Mainne,
p.462
- 25] Tomaidm Labrandi al-Líathmaig
ó samlam-ni ar sóer-Fhíachaig:
maidm locha Érne cen ail:
tairm dar trocha rathócaib.
- Cethri catha re Fíachaig,
30] réim ratha, for rothríathaib,
roscuir rí Béirre bladaig
co cath sléibe Belgadain.
- Cath Fairgge, fedil in fúaim,
cath sléibe Femin find-lúain;
35] is ardd rothatlaig in tress,
cath garg Gatlaig na ngnáth-bress.
- Cethramad cath rochuir de
or Ernaib, rorath reme:
súail ná rusdílgenn dia gail
40] Fiachu fír-thend flaith Fobair.
- Andsin romemaid in loch
fosin fedain, ronúar-chroth:
isin chrích, ra glé-raind glúair,
bi mbátar Éraind arm-rúaid.
- 45] Desin atá in gairm co ngail,
ainm locha Erne adbail,
cía robáided and iarsain
Erne áilgen imchubaid.
p.464
- Érne chaid cen chuird cnedaig
50] ingen Buirg báin búredaig
ba sárgad sáir-thrín in son
bán-mac Máinchin maic Mochon.
- Érne nóisech cen nemain
ba tóisech for ingenaib
55] hi Ráith Crúachan na reb réid;
nirb úathad ben 'ca bith-réir.
- Aicci nobítis ria mess
min-sheóit Medba na mór-thress,
a cír a criol cen chlód
60] cona diol do derg-ór.
- Co tánic hi Cruachain cais
Olcai co n-úath-blaid amnais,
cor' chroith a ulcha ar in slóg
in garb-fher doith daiger-mór.
- 65] Roscaindre fo Chrúaich Cera
na baindre, na hingena,
taidbsin a chrotha fo chair,
gairbsin a gotha glóraig.
- Rotbeich Érne, ilur mban,
70] fo loch Erne, nách inglan,
cor' dáil tairsiu a thuile thúaid,
corosbáid uile i n-óen-úair.
p.466
- Cía bad úadaib, is breth chert
fiad na slúagaib, ni sóeb-recht,
75] is tairm dar trocha rothairg
ainm locha Erne imaird. Loch.
- A rí, rop fedil fír dam
fáilte demin dom dídnad,
for nim co mbúadaib rombé,
80] a fhir túargaib loch nÉrne. Loch.