Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 50

Carn Feradaig

  1. In carn-sa atchíu co ndechair
    Feradaich co fír-brethaib:
    am eól co húain in cech airm
    'sin sceól ó fúair a chomainm.
  2. 5] Feradach don rothuilg ráin
    ba mac Rochuirp maic Golláin:
    Gollán cosin gol-gáith gil
    ba mac Conmáil maic Ebir.
  3. Rogab tríath Temrach tíre,
    10] Tigernmas co trén-ríge:
    tri nói cath a crannaig cáil
    robriss for clannaib Conmáil.
  4. Romarb Conmáel cond catha
    i cath óenaig mór-Macha:
    15] i cath Eille ar moch-ord áig
    romarb Rochorp mac Golláin.
  5. Romarb Feradach iarsin,
    romacc Rochuirp co ríg-gail:
    corp as' rulaid iarna mairn
    20] fail fot dumaib, a chóem-chairn.

  6. p.268

  7. Feradach, ferad catha,
    conidromarb mál Macha:
    fuair dáil ná rodlecht adiu,
    rothráig cocert a cairdiu.
  8. 25] Tigernmas co n-immud áig,
    co libernmas, co lond-báig,
    cona slóg co soblad sain
    tuc mór congal im charnaib. In.

  9. p.270