Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem 46
Tipra Sen-Garmna
- Tipra Sen-Garmna fo a snas,
cía sen-labra dia senchas?
is cid diatá araile,
Airer créchtach Criblaige?
- 5] In t-airer-sin cid diatá,
ocus tipra Sen-Garmna,
conécius dúib, dígrais band,
aní diatát a n-anmann.
- Sen-Garman sléibe maic Sin,
10] ó Loch Léin a hIrlúachair,
ránic mór rót in ríglach:
uair nirb óc, rop il-gnímach.
- Dorigne creich thess 'con tuind
i nderna crúach-bás Crochduind;
15] uais athbach dogéne iarsain,
orgain Cathrach Comfhossaid.
- Iarsin luid rempi fo thúaid
ind athben fhergach fhír-chrúaid:
robí in fer fallán co fraig
20] Gannán 'na nóid hi Caislib.
p.244
- Ránic rempi, monor ngrind,
co Mongfind, co muime Find,
cor' loisc macraid, dia fúair blad
in-Nóid Dromma búain Bertach.
- 25] Tánic rempi cen temel,
ránic co síd fer Femen,
coromarb Dub Róit ind ráin,
inna nóid féin oc Formáil.
- Sen-Garman 'sa mac co mbail
30] sníset fri fat hi fogail;
andsin gníset cairddes cain,
is Criblach cáin a Cruachain.
- Mac do Chriblaig Crimthann Cass:
nírb é in t-imgand ar ernmass;
35] cid a chomáes, ba calma
im sogáes mac Sen-Garmna.
- Nert nónbair robói i Criblaig,
airm i mbenad fri hirgail:
ocus nert nónbair samlaid
40] fri slóg-blaid i Sen-Garmain.
- Nert dá nonbur lethu a ndís,
gním cen chlethu cen athscís;
gráin cethri nónbur samlaid,
ed robói dia comchablaig.
- 45] Ba hingnad la Find a rád
don chethrur chalma chomlán,
fogail cen laicce ria lind
do dénam aicce in hÉrind.
p.246
- Noslenann Find féin iarsain
50] co ndeochatar don talmain;
co ná fúaratar a ndín
ar maig nó ar muir nó ar mór-thír.
- Co fúaratar lathe n-and
topur uisci úar-abann,
55] iarna tichtain a talmain,
ciarb ingnad la Sen-Garmain.
- Cuirid Garman sís a mac
iar scís ocus iar comrac,
consói Slechtaire na slat
60] i n-agid trell na tiprat.
- Geibid glanad na hadba
co látir co lán-chalma;
focheird úad dia múr immach
a húr is a hard-grenach.
- 65] Iarsin luid immach ar cúl
ocus ní rocheil a rún:
fúair dín ar arm-gail shlóig Fhind
tech mór fo thalmain tírimm.
- Lotar in cethrur calma
70] do shaigid na sen-adba;
rucsat co diamair dia ndín
immad fíadaig is fíad-míl.
- Luidset laithe for Lúachair,
ciarbo thaithbe imúathaid:
75] atchíat din rót, nád fhetar,
óclach n-óc ná 'dgénatar.
p.248
- Ossíne is é robói and,
trúag in t-ecmong nárb admall:
recait a ngleó cen chabra:
80] berait leó dia prím-adba.
- Lá d' Ossín issin tig thall,
inna chumriuch co himgand:
tuc dó crand sóer dia snaide
Crimthand Cóel mac Criblaige.
- 85] Rosnas Ossín dó a chrand
co hadnár is co hadmall:
indsmais cen docair gái nglan
immar rosfocail Crimthan.
- Dorigne Ossín foa choimm
90] liathróit do chasnaide in chraind:
rolla úad a hind a glac
immach ar lind na tiprat.
- Fechtas bói Find forsind áth
dered lái i n-etarthráth:
95] co facca chuice in snaide
do brú Féile find-glaine.
- Gebis 'n-a láim, mod n-ergna,
ba móite leis a menma:
Ossín fogní, ar cach fer,
100] cipe baile asar' teilced.
p.250
- Lotar ind fhían uile as
cosin sruth coa bunadas:
atchíat fotholl tói talman,
áitt i sír-bói Sen-Garman.
- 105] Dosberat slega chuccu,
focherdat úadu a mbruttu;
fúaprait tochailt in talman
conusfacca Sen-Garman.
- Dolluid Criblach úadu immach
110] dar in cét n-erred n-armach:
rosmarb Find fíal iar saine
thiar i nAiriur Chriblaige.
- Sernais Slechtaire, seól ngar,
conair aile, astur talman,
115] luid díb, feib digsed in gáeth,
in leó luthmar labur-gáeth.
- Dolluid Find, ba mod n-amra,
i ndegaid maic Sen-Garmna:
rí fían co nglére rangell24
120] thiar oc Bérre na mbémmend.
- Cechaing Crimthand dar in féin
ocus ropo chrúaid a chéim:
sedlais co sóeb iar saine
Crimthand Cóel mac Criblaige.
p.252
- 125] Sen-Garman dobert anís,
(nirbo chéim cert) iar n-athscís:
atnaig a cend i ruth gait;
cuirthir a corp 'sin tiprait.
- Ni fharcaib Currech, cluintir,
130] mac nothuilled trén-muntir,
acht techtaire cen tarba,
Slechtaire mac Sen-Garmna.
- Is é sin senchas iar fír
ocus ba hé sin a ngním
135] ind lochta lúaidset din t-shlait,
fúaigset Ossín fon tiprait.
p.254