Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem 10
Bairend Chermain
- Bairend Chermain cid diatá,
fri degblaid fri dian-garta?
nirbo therman robái threll,
diambúi Cerman cethar-chend.
- 5] Dorat tochmarc ar tharba
Cerman calad-chnes calma;
ingen Etarbai na cath,
ba sí Digais5 diupartach.
- Digais ba dedgair ba dron,
10] ruc claind cendmair do Chermon;
bert dó secht maccu mera
ocus a cóic ingena.
- Anmand nam-mac, monor n-án,
Fulach, Liath, ocus Cassán,
15] Fledach, Dímain, is Dormna
ocus in Scál scíath-brogda.6
- Cóic ingena ind láich, nár liúin,
bátar fer-gnímaig fortriúin,
Cappa, Cliath, Bernsa na mbend,
20] Malu maith, ocus Bairend.
p.90
- Dlomais Digais, daltait raind,
dia daltaib is dia derb-chlaind;
atbert Cerman, mar cham cas,
"Fognad dúib ág is ernbas."
- 25] Rogab cách a chonair díb,
scáilset ó threib is ó thír,
coragbatar a sosta
bátar ainble anfhosta.
- Cechaing Scál co Scairb ind Eóin;
30] dessid Dímain for Drobeóil;7
dessid Dornmar, dúr a graimm,
ic Ath modmar Mónadmaill.8
- Dolluid Cassán co Glend Cuill;
dolluid Fer Líath co Líathdruimm;
35] dolluid Fulach co Glend Smóil;
dolluid Fledach co Dergmóin.
- Dessid Cappa i nGlind Dá nGrúad,9
dessid Bairend for Bablúan,10
rogab Cliath sencharn fria lá;
40] it iatsin derb-chland Digsa.11
- Digais 'na sléib mar atchlos;
fail and iar céin a tothchos;
ic Bablúan ba slúagda sell
ind arm-rúad búada Bairend. B.
p.92
p.94