Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem 3
Boand II
- A Máilshechlainn mic Domnaill
do chlainn ingine Comgaill,
adcós duit, a máil Mide,
senchas Bóinde báin-gile.
- 5] Bóand, bendacht forsin sruth
roordaig Críst co cóem-chruth,
conid hí ó glenn do glenn
sruth Eorthanan na Hérenn.
- Find Life, Find Gaileóin gairb,
10] do chomóentaid dá chomainm,
dia comrac atá Mag Find,
Find lúath Life ocus Mífind.
- Oén Find díb-sin, beres búaid,
sech tóeb Temrach anairthúaid:
15] ann comrecat 'con chommar
ocus Bóand bán-bronnat.
- Bó Gúairi sech Tailtin tair
siles tre Loch Munremair:
Bó Gúairi ainm na haba
20] ria ráiter in mór-Banna.
- Mar atá Ordan is an,
ó' ráiter sruth Eorthanan,
in Bóand bó ocus find,
do chomrac in dá ríg-lind.
p.36
- 25] Tánic Bóand ann andes
ben Nechtain cosin cairdes
co tech Elcmairi na n-ech,
fer dobered mór ndeg-breth.
- IS ann dorala in Dagda
30] i tig Elcmairi amra:
rogab for guide na mná:
rodusasáit re hóen-lá.
- IS ann fastaitís in ngréin
co cend nói mís, mór in scél,
35] ic gorad in rafheóir ráin
i cléithi in aeóir imláin.
- And asbert in ben abus
"Comrac rit, bad é m' óen-gus":
"Is bad Oengus ainm in meicc"
40] asbert Dagda tre daigbeirt.
- Luid Bóand ó thig co tric
dús dá tairsed in tiprait:
derb lé docheiled a col
da soised ló a fothrucod.
- 45] A thrí deogbaire in drúad,
Flesc ocus Lesc ocus Lúam,
Nechtain mac Námat dorat
do chomét a chóem-thiprat.
- Doruacht chucu Bóand mín
50] dochum na tiprat iar fír:
ércid tairsi in tobar tenn,
corosbáid hí cen forcenn.
p.38
- Dogabad uirre in cach trácht
nách soised inber na mbárc
55] ic Máelmórda, mét ratha,
ic mac maisech Murchada.
- Dorónad trócaire Dé
for leith Chuind don chomairle,
coréló in aidchi déin daill
60] chucut, a Máil féil Sechlaind.
p.40