Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 2

Brug Na Bóinde I

Cináed Ua Hartacán cecinit.
  1. Án-sin a maig mic ind Óc,
    fairsing do rót, rethaib cét:
    forolgais mór flathe fír
    d' aicme cech ríg immotrét.
  2. 5] Rotbrecai cach n-ingnad n-án
    a chlár find-glan, fichtib slúag,
    a thir férach fénach féig,
    a iath n-énach n-indsech n-úag.
  3. Tech mic ind Óc ós do dind,
    10] rígda fót fri féle find:
    taircet éim ós do lind duind
    géill a sídib Érend ind.
  4. Ingen Foraind fort lár luind,
    cáin mál, ba molbthach in mind:
    15] furri rolád in tor thall:
    ní gann in nath2 ós a cind.
  5. At-chíu lind find Féic na Fían
    frit aniar, ní timm in gním,
    20] co lá brátha, brígach bág,
    meraid hi fán rátha ríg.
  6. Lánamain contuiled sund
    iar cath Maige Tuired thall:
    in ben mór, in Dagda donn:
    ní duaichnid a n adba ann.

  7. p.12

  8. 25] Lecht in Máthai iarna guin
    léir fort a Bruig, breccas graig:
    is é a chnáim rochorbai in muir,
    diatá Inber Colptha cain.
  9. Sechi bó Boadain buain
    30] ós grúaid a liac budi báin:
    Termond ua Fían fedil féig
    im réid airthir nemid náir.
  10. Hi Fertai na Fáilenn fand,
    is and romaíded in glond:
    35] mór in gním n-úalle dorind
    écht Find for féin Lúagne lond.
  11. Génair inneot mellach mac
    Cellach roslat leirg for lorc;
    ba túalnge trebe, rotchacht,
    40] conappad éc n-úalle fort.
  12. A barc brainech na tor tromm,
    tatbig trethan-tonn do dind:
    otha Chrimthainn Niad co Niall
    ba tu relec na fian find.
  13. 45] Fintan Feradach fecht fland
    rothecht do thalmain in trom:
    Tuathal Techtmar, triath ar cland,
    foluing do land lechtach lom.

  14. p.14

  15. Fedelmed Rechtach it rím,
    50] ba gein gleccach fri cech tóir;
    nídat écruthach hit tír3,
    focheil Conn cét-chathach cóir.
  16. Ní thoracht Art, aidble uird:
    immanaigtís luirg ar leirg:
    55] rogab lige n-uachail n-ard
    arg na láech i Luachair Deirg.
  17. Ní thoracht Cormac cen lén:
    déad na fírinne, rodfír,
    rogab fos ós Bóind báin
    60] forsin tráig ic Ros na Ríg.
  18. Cairpre Lifechair fort lár:
    Fiachu Sraptine rán réil:
    Muiredach Tírech din Brí:
    in rí Eochu athair Néil.
  19. 65] Ní thoracht Niall, nuall nad gó;
    dirsan dó in rian rorá,
    iar n-dul co h-Elpa fo secht
    ro fes a lecht áit itá.
  20. Iarsin tánic cretem glan
    70] for Mag Fáil, bés nirbo rom,
    co fail cách i reilcib noém
    dia scarad fri cloén fri col.

  21. p.16

  22. Focheil cúane calma cáin
    a mag mic in Dagda déin:
    75] ná dernsat adrad Dé móir
    andso dóib hitát hi péin.
  23. Iatsom dimbúan, tussu búan,
    immotréide cech slúag slán:
    iatsom dosrogáeth a n-gáes,
    80] tussu fogéba áes n-án.
  24. Bóand bale roglas réil
    Mana sechut la Séil sláin
    cenn indais ui úabrig úaib
    Senbic a túaim immais áin. Án-s.
  25. 85] Congalach col-lí cond fían,
    dían a buille, dond a dál:
    is búale rán-tor co rian,
    is cúane n-ard-chon, is án. Án-s.

  26. p.18