Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 3

Temair III

  1. Temair toga na tulach,
    foatá Ériu indradach,
    ard-chathir Cormaic meic Airt,
    meic Chuind chét-chathaig comnairt.
  2. 5] Cormac, ba cundail a maith;
    ba súi, ba file, ba flaith;
    ba fír-brethem fer Féne,
    ba cara, ba cocéle.
  3. Cormac, rochlái cóicait cath,
    10] roshílaig Saltair Temrach;
    isin tSaltair-sin atá
    a n-as dech sund senchusa.
  4. Is í in tSaltair-sin adbeir
    secht n-aird-ríg hÉrend inbir,
    15] cóic ríg na cóiced dosgní,
    rí hErend is a hairrí.
  5. Is inde atá do cech leith
    ina ndlig cech rí cóicid;
    ina ndlig rí Temrach thair
    20] do ríg cech cóicid cheólmair.
  6. Coimgned, comamserad cáich,
    cech ríg diaraile do ráith;
    críchad cech cóicid fo chrúaich
    ótá traiged co trom-thúaith.

  7. p.16

  8. 25] Tricha ar thrichtaib-cét fosgeib
    do thrichtaib-cét cech cóicid;
    in cech cóiciud díb atá
    secht prím-fhichit prím-dingna.
  9. Rosfitir Cormac, ba rí;
    30] ro lá cúairt hÉrend fo thrí;
    tuc giall cecha múir amuig,
    co rostaiselb i Temraig.
  10. Duma na nGiall, glaine glac,
    do na giallaib thuc Cormac;
    35] do Chormac tarfás 'n-a tig
    cech decair atá i Temraig.
  11. Rostarfás d' Fhergus mar tá
    áit i fuil Cros Fergussa;
    Fán na Carpat concerta
    40] etorro is na Cláen-Ferta.
  12. Cláen-Ferta a ngaeltís aindre,
    Cláen-Ferta na cláen-chaingne,
    fri Ráith Grainde aniar anís,
    atáit cen erchra a n-óendís.
  13. 45] O Ráith Grainde sair 'sin glinn
    atá Sescend Temrach tind;
    atá fri Sescend anair
    Ráth Nessa, Ráth Chonchobair.
  14. Corus Cind Chonchulainn chrúaid
    50] ó Ráith Chonchobair sair-thúaid;
    tomus a Scéith fo a Chobrad
    is ingnad is imadbul.

  15. p.18

  16. Lige Mail ocus Midna
    i Temraig iar n-a tigba;
    55] de atá a lige 's a lecht,
    dáig in chind rochommáidset.
  17. Immráidem fós Long na Láech
    frisanabar Barc Ban mbáeth;
    Tech na Fían, nirbo long lac,
    60] co cethri doirsib deac.
  18. Duma na mBan iar n-a mbrath
    forsin innell uachtarach;
    Dall is Dorcha fris andes,
    rocromtha fri comaidces.
  19. 65] Dall tes-thiar Dorcha dogra;
    ba díb Duma Dall-Bodra;
    romarb cách díb araile
    ac cosnam a n-almsaine.
  20. Doluid in t-abac, trúag dó,
    70] do etargaire etorro,
    co romarbsat in abacc
    fo a cossaib iar crín-amarc.
  21. Ó lecht ind abaic-sin síar
    Mael, Bloc, Bluicne, borb a cíall,
    75] forru atáit na tri clocha
    dusfarlaicc Mál mór-Macha.
  22. Múr clethe na trí cocur
    etir luing is láech-thopur;
    Lia na Fían fri slige anair
    80] lar inchaib Rátha Senaid.

  23. p.20

  24. Ráth na Senad, ségda búaid,
    fri Fál na Temrabh atúaid;
    ó'n ráith sair i táeb ind Líac
    in tech as' terna Beníat.
  25. 85] Senad Pátraic 'con ráith ráin,
    Senad Brenaind is Ruadáin,
    Senad Adamnáin iarsin,
    ac escaine Irgalaig.
  26. Fri Ráith Ríg anís, ní gó,
    90] Lecht Con, Lecht Cethen, Cnoc Bó,
    atá frisin ráith anair
    Lecht Maine meic Munremair.
  27. Maraid fri Ráith Ríg andes
    Ráth Loegairi is a Les,
    95] is a Lecht for lár a lis,
    fírén Fiadat rodforbris.
  28. Fégaid Tech Mairise mend,
    ar prímit áille hÉrend,
    ard aniar irard atúaid,
    100] ísel úad sair, ba sáer-búaid.
  29. Is ann rosuidiged-se
    in tech ar brú Nemnaige;
    'mon tech-sin tar Mide amach
    rosílta tige Temrach.
  30. 105] Temair diatá Temair Breg,
    Múr Tea mná meic Miled,
    Nemnach úad sair, sruth fo glenn,
    fors' tart Cormac cét-muilenn.

  31. p.22

  32. Ciarnait cumal Cormaic cóir
    110] mór cét nobiathad a bróin;
    deich méich lé cech lái do bleith,
    nírb opair duine denmeich.
  33. Rostarraid aicce in rí rán
    i n-a tig a hoenurán;
    115] co rostoirccestar fo chleith;
    iarsin forémid robleith.
  34. Iarsin rosairchis úa Cuind,
    tuc sáer muilinn tar mór-thuind;
    cét-muilenn Cormaic meic Airt
    120] robo chobair do Chiarnait.
  35. Caprach Cormaic i Ráith Ríg;
    ó Ráith Ríg sair, is é a fhír,
    atá in topur tuirme cland,
    frisnapar na tri hanmand.
  36. 125] Liaig Dáil Duib Duirb, Túath Linne,
    ocus Tipra Bó Finne,
    tri hanmand dia sloind amach,
    do shílad topuir Temrach.
  37. Topur aile, adbal tres,
    130] a Temraig shiles siardes;
    Láeg a ainm, cen co dín bú;
    Cuchtair Cormaic for a brú.
  38. Bruindid a Temraig atúaid
    Adlaic Diadlaic in tslúaig,
    135] dá thopur fo dechair de
    sís co Carn na Macraide.

  39. p.24

  40. Etir dá Charn na nGillai
    Deisel Temrach tes Crinnai;
    fót co rath ria ndul ar cel,
    140] a sóitís dáine deisel.
  41. Atúaid frisin tulaig truimm
    Ráth Cholmáin in Domnain duind;
    Lecht Caelchon fo chochma cloch,
    sair-thúaid ó Luing Ban Temrach.
  42. 145] Caelchu mac Loairn meic Rúaid
    meic Cormaic Cais, carad búaid,
    prím-giall fer Muman amach,
    ó táit ruirig Ruis Temrach.
  43. Tech Temrach imatá in ráith,
    150] asa tardad dliged cáich,
    maraid fós míad dia samlaib
    ac rígaib ac ríg-domnaib.
  44. Rí ocus ollam filed,
    súi, brugaid, bertís dliged,
    155] lepta ná loiscet lochit,
    láraig ocus lón-chrochit.
  45. Liaig is dálem, goba gúr,
    rechtaire, randaire rún,
    máil na cethra dóib uile
    160] i tig ind ríg barr-buide.
  46. Rindaide, ráthbuige réil,
    scíathaire, is fianaide féig,
    i tig ríg noibdís corn,
    ba hé a ndliged díles dorn.

  47. p.26

  48. 165] Drúth, fidchellach, fuirseóir fáen,
    cuislendach, clesamnach cláen,
    colpa a cuit feóla iar fír,
    in tan tigdís i tech ríg.
  49. Rigthech cuit senmaire sáir,
    170] cuisleóir is cerd immaroen;
    cornaire, bonnaire ar bríg,
    déde domeiltis midmír.
  50. Muiridin do Mál Midi,
    cairemain is cirmairi,
    175] dliged don droing threbair thréin,
    íchtar remur in tshlinnéin.
  51. Dromanna dronna in cech threib
    do drúithib, do doirseóirib;
    uruscla ingen cen ach
    180] iar n-indrum tige Temrach.
  52. Colum Cille, crenad brait,
    robris in cath for Diarmait;
    re ndul dó tar muir amach
    rongiallsatar tuir Temrach.
  53. 185] Cretem Crist, rochés i crí,
    rochuir cech nert ar nemní;
    ar brón do dáim Dé 'n-a tig
    ní tart termann do Themraig.

  54. p.28