Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
p.2
poem 1
Temair I
- Temair Breg, cid ní diatá
indisid a ollamna!
cuin do dedail frisin mbruig?
cuin robo Temair Temair?
- 5] In ac Partolan na cath,
nó 'n ac cét-gabáil Cesrach,
in ac Nemed co neim n-úr
nó ac Cigal garb gligar-glún?
- In ac Feraib Bolg na mbád?
10] nó do líne Lupracán?
sloindid cá gabáil díb-sin
ó tá Temair ar Temraig.
- A Dubán, a Fhindchaid fhéil,
a Brain, a Chú Alad éim,
15] a Thuain, bar cóiciur cain,
cid ón cid diata Temair?
- Dobí tan ba coll-chaill cháin
i n-aimsír meic áin Ollcáin,
noco roslecht in caill cais
20] Líath mac Laigni lethan-glais.
- Ó shin amach ba Druim Léith,
a barbur ba harbur méith,
noco toracht Cáin cen chrád,
mac-sen Fiachach Cendfhindáin.
p.4
- 25] Ó shin amach ba Druim Cáin
in tulach a téigdís máir,
noco toracht Crofhind chain,
ingen Alloid oll-bladaig.
- Cathir Chrofhind, nírbo chamm,
30] a hainm ac Túaith Dé Danann,
co toracht Tea, nar chlé,
ben Erimóin co n-ard-gné.
- Roclaitea clad imma tech
ac Tea móir ingin Lugdech;
35] roadnacht iar múr amuig,
conad uaithi atá Temair.
- Forad na ríg ba hainm di,
rígrad mac Miled inti;
cóic anmand uirri iarsin,
40] ó tá Fordruim co Temair.
- Is mise Fintan fili,
nirsam écne óen-lindi;
is and romtócbad co mblaid
ar in fót-brug os Temair.
p.6