Ma's maith leat, a léaghthóir, a fhios d'fhagháil créad as a ndeachaidh Diarmaid Mac Murchadha rí Laighean d'fhios rígh Sacsan don Fhraingc do cheisneamh is do chasaoid an tathfainn do rinneadh air féin a h-Éirinn, seoch is a chasaoid ré rígh Frangc nó lé rígh oile, bíodh a fhios agat gurab é Donnchadh mac Briain Bóraimhe is fíoruaisle Éireann maille ris do bhí easaontach ré chéile fá urlamhas Éireann ó aimsir Bhriain go haimsir Dhonnchaidh, agus uime sin do bhronnadar d'aonaonta sealbh n-Éireann d'Urbanus, an dara Pápa don ainm sin, an tan fa haois don Tighearna 1092; agus do bhí sealbh is cur is ceannas na h-Éireann ag Pápa na Rómha ón am soin gus an am fár ghabh Adrianus an ceathramhadh Pápa don ainm sin comhorbas Peadair, an tan fá haois don Tighearna 1154. Agus fá Sacsanach an Pápa-so agus fá hé a ainm baistidh Nicholas Breakespeare; agus adeir Stoo 'n-a Chroinic gur bhronn an Pápa-so ríoghacht Éireann don dara Henrí rí Sacsan an chéidbhliadhain do
Tig Bellarminus leis an ní thuas 'n-a chroinic, mar a n-abhair: Adrianus an ceathramhadh Pápa don ainm sin do chine Sacsan, duine eagnuidhe cráibhtheach do dháil oiléan Éireann don dara Henrí rí Sacsan, ar choinghioll go ndiongnadh subhailche do phlandughadh san oiléan soin agus lochta do chur ar gcúl ann, is go dtugadh fá deara pinginn Pheadair do dhíol as gach aointeach gacha bliadhna, agus go gcoimhéadfadh reachta na heagailse gan leonadh ann. Atá an bulla 'n-a bhfuilid na neithe-se ré a fhaicsin san dara leabhar dhéag d' annálaibh Chairdionál Baronius. {Adrianus Papa quartus natione Anglus vir sapiens et pius Hiberniam insulam Henrico secundo regi Anglorum concessit ea conditione ut in ea insula virtutes plantaret et vitia eradicaret; ut a singulis domibus quottannis denarium Sancto Petro pendi curaret, et iura ecclesiastica illibata servaret. Extat Diploma Tom. 12 Annalium Cardinalis Baronii.}
Atá croinic Bhéarla Stanihurst ag teacht leis an ní-se mar a n-abair gur sholáthair an dara Henrí bulla ón bPápa Adrianus mar a bhfógrann do chléir is d'fhíoruaislibh Éireann uile i bpéin choinealbhaidhte umhlacht is oighréir do thabhairt do Henrí rí Sacsan, ar scáth ceartuighthe do dhéanamh ar chreideamh na críche, is leasuighthe do dhéanamh ar bhéasaibh an phobail; agus ráinig an bulla-so ón rígh i n-Éirinn gur léaghadh i gcomhdháil choitchinn fhíoruasal is chléire i g-Caiseal é. Léaghthar fós ag an ughdar gcéadna gur chuir Alexander, an treas Pápa don ainm sin, cairdionál dar bh'ainm Vivianus i n-Éirinn da chur i gcéill d'Éireannchaibh an bronntanas do rinne féin is an Pápa do bhí roimhe ann ar Éirinn do rígh Sacsan is da shliocht, acht go mbiadh pinginn Phéadair dhó féin is da gach Pápa tiochfadh 'n-a dhiaidh ar Éirinn ó bhliadhain go bliadhain ar gach teach muinntire da mbiadh innte.
Meas, a léaghthóir, gurab uime do chuaidh Diarmaid Mac Murchadha i ndáil ríogh Sacsan don Fhraingc seoch a dhola i ndáil aoin ríogh oile, a los an bhronntanais do rinne an Pápa do rígh Sacsan roimhe sin ar Éirinn, agus da réir sin is ag rígh Sacsan do bhí cumhachta ar Éirinn ón bPápa, gurab ris do bhean leasughadh nó lóirghníomh do bhuain amach san lot do rinneadh do Mhac Murchadha.
Do-ním iongantas annso do choinghioll da raibhe i mbulla Adrianus Pápa mar ar bhronn Éirinn don dara Henrí. Ag so an coinghioll do réir chroinic Stoo, mar atá go raibhe d'fhiachaibh ar an dara Henrí an creideamh Catoilice do bhí ar dtuitinn i n-Éirinn d'athchórughadh is do thógbháil. Óir ní gar go gcuirfeadh an Pápa an coinghioll soin 'n-a bhulla muna gcuirthí i gcéill dó lé druing éigin an creideamh do dhul i mbáthadh i n-Éirinn. Gidheadh gibé drong do reac ris é, is bréag do rinneadar. Óir is follus nach deachaidh báthadh ar ar gcreideamh tug Pádraig i n-Éirinn
Ar dtús is follus as a ndeachaidh d'fhíoruaislibh Éireann i ndeireadh a ré i bpríomheagailsibh Éireann do chríochnughadh a mbeathadh go haithrigheach ó aimsir Bhriain go Gabháltas Gall, go raibhe an creideamh ar marthain i n-Éirinn an tan soin. Ag so síos fuireann díobh, mar atá Flaithbheartach Ó Néill da ngairthí Flaithbheartach an Trostáin, tug ar dtús ucht ar aithrighe do dhéanamh i n-Éirinn, agus do chuaidh da éis sin don Róimh da oilithre, an tan fá haois don Tighearna 1073, agus Donnchadh mac Briain Bhóraimhe do chuaidh da oilithre don Róimh is do chríochnuigh a bheatha go haithrigheach i mainistir San Stiabhna, agus Tadhg mac Lorcáin rí Ua gCinnsealaigh do chríochnuigh a bheatha go haithrigheach i gcill Chaoimhghin i n-Glionn dá Loch, agus Cathal mac Ruaidhrí rí iarthair Chonnacht tug a bheatha as i n-Ard Macha go haithrigheach, agus Muircheartach Ó Briain rí Leithe Mogha is urmhóir Éireann uile do dhul i n-Ard Macha do chaitheamh chúig mbliadhan go haithrigheach ann go bhfuair bás, agus mar sin do mhórán oile d'fhíoruaislibh Éireann tug a mbeatha as go cráibhtheach Catoilice ó aimsir Bhriain go Gabháltas Gall, ionnus da réir sin gurab bréagach don
An dara dearbhadh do-bheirim ris an gCreideamh gCatoilice do bheith ar coimhéad sul tángadar Gaill i n-Éirinn, mar do tógbhadh iomad mainistreach innte go grod sul tángadar Gaill is uaisle Gaedheal da dtógbháil. Ar dtús do tógbhadh lé Maoilseachlainn rí Midhe is Éireann uile mainistear Mhuire i mbaile Átha Cliath, an tan fá haois don Tighearna 1139. Do tógbhadh lé Donnchadh Ó Cearbhaill rí Oirghiall ar furáileamh Malacias Easpuig Dúin mainistear Mellifont i gconntae Lughmhaigh, an tan fá haois don Tighearna 1142. Do thógaibh Malacias naomhtha easpog Dúin mainistear Iobhair Cinn Trágha i gconntae an Dúin, aois an Tighearna an tráth soin 1144. Aois an Tighearna an tan do tógbhadh mainistear na Búille 1161. Do thógaibh Diarmaid Mac Murchadha rí Laighean mainistear an Bhealaigh alias Baltinglas an tan fá haois don Tighearna 1151. Do thógbhadar sliocht Mhaoilsheachlainn rí Midhe mainistear Bhectif alias De Beatitudine san Midhe, an tan fá haois don Tighearna 1151. Aois an Tighearna an tan do tógbhadh mainistear na Máighe i gconntae Luimnigh 1151. Aois an Tighearna an tan do tógbhadh mainistear Ó Dorna i gconntae Chiarraidhe 1154. Do thógaibh Domhnall Ó Briain rí Luimnigh mainistear na Croiche Naoimh i gconntae Thiobrad Árann an tan fá haois don Tighearna 1169, agus do thógaibh an Domhnall céadna soin Ó Briain seacht mainistreacha déag oile san Mumhan. Aois an Tighearna an tan do tógbhadh mainistear Fear Muighe i gconntae Chorcaighe 1170. Agus do tógbhadh ris an ré sin iomad teampull is mainistreach i n-Éirinn nach luaidhtear linn annso. Uime sin is follus go raibhe an Creideamh Catoilice ar marthain i n-Éirinn ré hucht Gall do theacht innte.
An treas dearbhadh ar an Creideamh do bheith ar marthain i n-Éirinn ré hucht Ghall do theacht innte, mar léaghthar i n-annálaibh aosta Éireann gur horduigheadh trí comhdhála coithceanna i n-Éirinn ré préláidibh is lé huaislibh Éireann ó aimsir Dhonnchaidh mic Briain go tigheacht na n-Gall, mar ar horduigheadh is mar ar fromhadh reacht cille is tuaithe i n-Éirinn.
An chéadchomhdháil i bh-Fiadh mic nAonghusa an chéidbhliadhain do fhlaitheas Mhuircheartaigh Uí Bhriain, an tan fá haois don Tighearna 1105, mar ar horduigheadh reachta is dlighthe is mar ar leasuigheadh an Creideamh i n-Éirinn.
Do commóradh comhdháil oile choitcheann i n-Eirinn an cúigmheadh bliadhain do fhlaitheas an Mhuircheartaigh chéadna, mar a dtángadar uaisle is eaglais Éireann ar aonláthair go Ráith Breasail, an tan fá haois don Tighearna 1110, mar ar horduigheadh faircheadha nó dioseses go n-a dteorannaibh, agus suim áirithe easpog ós a gcionn, amhail adubhramar.
An treas comhdháil choitchionn do rinneadh i n-Éirinn lé cléircibh is le fíoruaislibh Éireann i g-Ceanannus na Midhe, mar a raibhe Cristianus .i. Giolla Críost Ó Conairce easpog Leasa Móir, leagáid an Phápa i n-Éirinn an tan soin, mar aon ré cairdionál dar bh'ainm Iohannes Papiron ré dáil ceathra pallia do cheithre hairdeaspogaibh i n-Éirinn, agus ré cosc siomóntachta is úsuireachta, is ré díol deachmhuidhe, ré cosc gada is éigin drúise is doibhéas is gach uilc ó shoin amach.