Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 28

XXVIII.

Is ré linn an Mhuircheartaigh-se fós do horduigheadh seanadh nó comhdháil choitcheann i n-Éirinn i Ráith Breasail, an tan fá haois don Tighearna 1100, do réir sheinleabhair annálach eaglaise Chluana hEidhneach Fionntain i Laoighis, mar a gcuirthear síos na neithe prinnsiopálta do rinneadh san tseanadh soin; agus fá hé Giolla Easpuig easpog Luimnigh fá leagáid ón Phápa i n-Éirinn an tan soin do b'arduachtarán ar an gcomhairle sin. Ag so síos iomorro na neithe do horduigheadh innte:

Amhail do horduigheadh dá easpóg dhéag san leith theas do Shacsaibh um Chanterburie, is dá easpog dhéag san leith thuaidh um chathair Eborach, is mar sin do horduigheadh i Seanadh Rátha Breasail i n-Éirinn, mar atá dá easpog dhéag i Leith Mogha is dá easpog dhéag i Leith Cuinn, is fós dá easpog san Mhidhe. Is ann sa tseanadh-so tugadh cealla Éireann go comhlán do na heaspogaibh gan cur na cíos do bheith ag flaithibh tuaithe orra go bráth. Is ann fós do horduigheadh faircheadha nó dioceses easpog na h-Éireann. Ag so líon easpog Leithe Cuinn: seisear i g-Cúigeadh Uladh is an príomháidh d'áireamh orra, cúigear i g-Cúigeadh Chonnacht is dias san Mhidhe. Gonadh é sin comhlíonadh dá easpog dhéag Leithe Cuinn i n-éagmais an phríomháidh. Ag so cathaoire Chúigidh Uladh, mar atá Ard Macha ag airdeaspog Ard Macha is príomháid ós easpogaibh Éireann uile, Clochar, Ard Sratha, Doire, Cuinneire, is Dún dá Leathghlas; cathaoire Midhe, Daimhliag is Cluain Ioraird; cathaoire Chúigidh Chonnacht .i. Tuaim dá Ghualann, Cluain Fearta Bréanainn, Conga, Cill Aladh is Ard Charna. Cathaoire Mumhan, Caiseal ag airdeaspog Leithe Mogha, Lios Mór nó


p.300

Port Lairge, Corcach, Ráith Mhaighe Deisceirt, Luimneach,Cill Dálua, Imleach Iobhair. Ag sin na seacht gcathaoire do horduigheadh san Mhumhain san tseanadh soin. Cúig cathaoire i Laighnibh, Cill Chainnigh, Leithghlinn, Cill Dara, Gleann dá Loch, Fearna nó Loch Garman. Cuirthear na cúig cathaoire sin i gceann na seacht gcathaoireach atá san Mhumhain go ndéinid dá chathaoir dhéag i Leith Mogha. Is uime nach áirmhighthear Áth Cliath annso, do bhrígh nachar ghnáth leis grádha do ghlacadh acht ó airdeaspog Canterburie i Sacsaibh.

Adeir Hanmer go bréagach go raibhe cur ag airdeaspog Canterburie ar chléir Éireann ó aimsir Augustine manach go Gabháltas Gall. Óir ní bhfuighbhe go raibhe cur ag préaláidibh Canterburie ar chléir Éireann acht ré linn Lanfrancus Ranulphus is Anselmus; agus an tan soin féin is iad drong do chléir Éireann ar a raibhe cur aca, cliar Átha Cliath, Phuirt Lairge, Locha Garman is Luimnigh, táinig do shliocht iarmhair na Lochlonnach da ngairthí Normani, agus is tré chomhmbáidh ré lucht na Normandie táinig uatha féin tugadar na préaláide do bhí sna háitibh sin cur is ceannas ag airdeaspog Canterburie orra féin, mar is follus as an leabhrán do scríobh Doctúir Usser, ar n-a mheas dóibh dá ndeachadh an ní ar thogha an phobail idir siad féin is aon do Ghaedhealaibh do bhiadh ag iarraidh an chéime chéadna, nach biadh comhthrom aca-san, do bhrígh go mbiadh ní-sa mhó do ghuth an phobail ré toghadh an Gaedhil seoch aoin aca-san.

Measaim, ma tá nach cuireann an seinleabhar sios é, gurab seisear easpog do bhí san Mumhain, is seisear i Laighnibh is Airdeaspog Caisil ós a gcionn uile mar airdphréaláid ós cionn Leithe Mogha ar lorg an ardfhlaithis temporálta, amhail adubhramar thuas ag labhairt ar an ní-se i bhflaitheas Laoghaire.


p.302

Ag so síos do na faircheadhaibh nó do na dioséisibh is da dteorannaibh amhail do horduigheadh san tSeanadh-so Rátha Breasail.

Fairche airdeaspuig Arda Macha, ó Shliabh Breagh go Cuaille Ciannachta is ó Bhíor go h-Abhainn Mhóir.

Fairche Chlochair, ó Abhainn Mhóir go Gabhail Liuin agus ó Shliabh Beatha go Sliabh Largha.

Fairche Arda Sratha, ó Shliabh Largha go Carn nGlais is ó Loch Chraoi go Binn Fhoibhne.

Fairche easpuig Doire nó Rátha Both, ó Eas Ruaidh go Sruibh Broin is ó Charn nGlais go Sruibh Broin.

Fairche easpuig Cuinnire, ó Bhinn Fhoibhne go Torbhuirg, is ó Phort Murbhoilg go h-Ollorbha go Cuan Snámha hAidhne, is ó Ghlionn Ríogh go Colbha nGearmainn.

Fairche easpuig Dúin dá Leathghlas, ní faghthar san tseinleabhar a teorainn.

Fairche easpuig Daimhliag, ó Shliabh Breagh go Carn Dúin Cuair is ó Lochán na hImrime soir go fairrge.

Fairche Chluana hIoraird, ó Chlochán siar go Sionainn is ó Iubhar Coillte go Cluain Conaire.

Fairche Chluana Fearta, ó Shionainn go Buirinn is ó Echtghe go Succa.

Fairche Thuama, ó Shucca go h-Ard Charna is ó Áth an Tearmainn go Sionainn.

Fairche Chonga, ó Abhainn Ó mBriuin budh thuaidh go Néimhthinn is ó Áth an Tearmainn siar go fairrge.

Fairche Chille hAladh, ó Neimhthinn go h-Eas Ruaidh is ó Chill Airdbhile go Sraith an Fhearainn.

Fairche Arda Carna nó Ardachadh, ó Ard Charna go Sliabh an Iarainn is ó Chéis Choruinn go h-Iobhar Coilltéan. Ma's aontach cliar Chonnacht ar an roinn-se is toil linne í, agus


p.304

muna n-aontuighid bíodh ar an roinn is toil leo; agus is maith linne an roinn is maith leo-san, acht amháin nach biaidh i g-Connachtaibh acht chúig easpuig.

Fairche airdeaspuig Caisil, ó Shliabh Eibhlinne go Siuir is ó Chnámhchoill ag Tiobraid Árann go Gréin Airbh soir .i. Cros Ghréine.

Fairche Leasa Móir nó Phuirt Lairge, ó Mhíleadhach ar bruach na Bearbha ag Cumar na dtrí nUisceadh go Corcaigh agus ó Shiuir budh dheas go fairrge.

Fairche Chorcaighe, ó Chorcaigh go Carn Uí Néid is ó Abhainn Mhóir budh dheas go fairrge.

Fairche Ráth Mhaighe Deisceirt ó Bhaoi Bhéirre go Ceann mBeara is ó Fhéil go Dairbhre.

Fairche Chille Dálua, ó Shlighe Dhála go Léim Chon gCulainn, is ó Echtghe go Sliabh Uidhe an Ríogh, is ó Shliabh Uidhe an Ríogh go Sliabh Caoin nó Gleann Caoin.

Fairche Luimnigh, an Mhaoilchearn soir, Áth ar Choinne, Lodan is Loch Gair, is an Laitheach Mhór ó Áine riar, is Ard Pádraig budh dheas, is Bealach Feabhradh is Tulach Léis, Féil siar, is Tairbiort, is Cuinche i d-Tuadmhumhain, is Crossa i Sliabh Uidhe an Ríogh, is Dubhabhann. Gibé tí tar na teorannaibh-se is tar sárughadh an Choimdhe is Pheadair apstail is Naomh Pádraig is a chomhorba is na heagailse Críostaidhe thig sé; agus is é teampull Muire i Luimneach a príomheaglais.

Fairche Imligh Iobair, ó Chluain Caoin go h-Abhainn Mhóir is ó Chnámhchoill ag Tiobrad Árann go h-Abhann Ealla.

Fairche Chille Cainnigh, ó Shliabh Bladhma go Míleadhach is ó Ghréin Airbh go Sliabh Mairge.

Fairche Leithghlinne, ó Shliabh Bladhma go Sliabh Uidhe Laighean, is ó Shliabh Mairge go Bealach Carcrach, is ó Bhealach Mughna go Teach Moling go n-a thearmonn.


p.306

Fairche Chille Dara, ó Ros Fionnghlaise go Nás Laighean, is ó Nás go Cumar Chluana hIoraird is go Sléibhthibh Ghlinne dá Loch.

Fairche Ghlinne dá Loch ó Ghrianóig go Beig-Éirinn is ó Nás go Reachruinn.

Fairche Fhearna nó Locha Garman ó Bheig-Éirinn go Míleadhach don leith thiar don Bhearbha, is ó Shliabh Uidhe Laighean budh dheas go muir; agus ma aontuighid cliar Laighean sin is toil linne é, acht nach biaidh acht chúig easpuig aca.

Beannacht an Choimdhe is Pheadair apstail is Naomh Pádraig ar gach n-easpog don chúigear ar fhichid-se nach biaidh Cáisc gan ola do choisreagadh.

Et multa alia bona statuta sunt in hac sancta synodo quae hic non scripsimus propter brevitatem.

Cros

[Some MSS have a cross symbol for the word 'cros' here and in the following two paragraphs.]

chomhorba Peadair is a leagáide .i. Giolla Easpuig easpog Luimnigh,

Cros Ghiolla Ceallaigh comhorba Pádraig is príomháidh Éireann,

Cros Mhaoilíosa Uí Ainmire airdeaspuig Caisil,

Crosa na n-uile easpog is na n-uile laoch is chléireach do bhí san tseanadh naomhtha-so Rátha Breasail ar an tí thiocfas tar na horduighthibh-se, agus a mallacht uile ar gach n-aon thiocfas 'n-a n-aghaidh.


p.308