Agus d'éis Feidhlimdh mic Criomhthainn d'fhagháil bháis do ghabh Olchobhar, abb Imligh Iobhair, righe Chaisil; agus san mbliadhain sin tug Maoilseachlainn rí Midhe cath ar Lochlonnaibh i g-Casán Brige san Midhe mar ar thuit seacht gcéad díobh; agus tug Tigearnach briseadh orra i n-Doire Dhisirt dhá Chonna. Is fán am-so do marbhadh Saxolbh taoiseach na Lochlonnach lé Ciannachtaibh Ghlinne Geimhean, is tugadh ár mór ar Lochlonnaibh i g-Carn Fearadhdhaigh agus deargár oile ag Eas Ruaidh.
Da éis sin do gabhadh Áth Cliath lé Lochlonnaibh ar dtús. Is fán am-so fós rugadh Cormac mac Cuileannáin, fá rí Mumhan seacht mbliadhna is fá hairdeaspog i g-Caiseal i n-aoinfheacht; agus do marbhad easpog Teilge dar bh'ainm Exnich; is tugadar Lochlonnaigh cath ar Chonnachtaibh, áit ar thuit Maoldúin mac Muirgheasa is iomad do Chonnachtaibh mar aon ris; agus fuair Brian mac Faoláin rí Laoighse bás. Da éis sin tángadar Lochlonnaigh cabhlach mór ar Loch nEachach gur hairgeadh tuatha is cealla thuaisceirt Éireann leo, is do loisceadh Fearna is Corcach mar an gcéadna leo.
Do chuaidh Niall Caille rí Éireann an tráth-so go sluagh líonmhar leis d'argain is do chreachadh Fear gCeall is Dealbhna Eathra; is fuair Murchadh mic Aodha rí Connacht bás an tráth-so, is Ioseph easpog Cluana Uais. Is fán am-so fós do rinneadar Lochlonnaigh longphort ag Linn Duachaill as ar hairgeadh tuatha Teathbha leo. Do rinneadar Lochlonnaigh mar an gcéadna longphort oile ag Duibhlinn as ar hairgeadh Laighin is Uí Néill is a dtuatha is a gcealla go Sliabh Bladhma leo. Da éis sin iomorro
Do ghabh an t-anfhlaith Turgesius ón Noruaegia go n-a fhuirinn d'Fionnlochlonnaibh barántas Éireann trí bliadhna déag, tar éis mar do bhí sé ag buaidhreadh Éireann seacht mbliadhna déag; agus do bhí sé ag imirt foirneirt is foiréigin ar Éirinn ris an ré sin, iar dtigheacht do loingeas mhór ón Noruaegia do chongnamh dhó; gur ghabhadar cuan i dtuaisceart Éireann; gur hairgeadh an chríoch soin leo, agus gur gabhadh a mbraighde; agus do chuireadar báid go bhfuirinn ionnta ré foghail do dhéanamh ar an Loch nEachach is ar Loch Ríbh, amhail adubhramar do réir mar do thairrngir Colum Cille san rann romhainn.
Do thairrngir fós Bearchán na Fáistine go mbiadh rí anfhlaitheach do Lochlonnaibh ar Éirinn, agus mar an gcéadna go mbiadh abb ar gach cill i n-Éirinn do Lochlonnaibh. Ag so mar adéir san rann-so:
- Tiocfaid Geinnte tar muir meann,
Meascfaid ar fhearaibh Éireann,
Budh uathaibh Abb ar gach cill,
Budh uathaibh rí for Éirinn.
Mar do chonncadar uaisle Éireann Tuirgéis ag coimhmheascadh na críche is ag gabháil urlamhais ós a cionn, agus é ag imirt moghsaine is daoire uirre, do ghabh meisneach meanman cródhacht is calmacht intinne na huaisle céadna, gur chuireadar duadh is dochar mór orra féin ag cathughadh
Gér bh'iomdha iomorro catha is coimhghleaca tugadh idir na Gaedhil is Turgéis go n-a Lochlonnaibh, tré líonmhaire na gcabhlach is tré iomad sluagh tigeadh do chongnamh leis ón Noruaegia is ó chríochaibh oile tuaisceirt na h-Eorpa, do chuaidh aige ar Ghaedhealaibh, gur chuir fá bhroid is fá mhoghsaine dó féin is da allmhurrchaibh iad.
Ag so síos go cumair do mhoghsaine Gaedheal fá Lochlonnaibh, is an cíos is an cháin do bhíodh orra, mar atá rí ar gach triúcha chéad i n-Éirinn do Lochlonnaibh, is taoiseach ar gach tuaith is abb ar gach cill, maor ar gach baile, suaithreach nó buanna ar gach toigh, is gan uiread eoin chirce da mhaoin féin ar chumas fhir an tighe, agus muna mbeith
Do bhí do thruime na daoirse-se Lochlonnach ar Ghaedhealaibh gur ghabh tuirse mhór fir Éireann uile; is ar t-iarmhar da gcléir do mhair is do bhíodh ag a ndísliughadh féin i gcoilltibh is i n-ionadhaibh diamhaire go dearóil ag tabhairt a mbeathadh as go cráibhtheach, do ghuidheadar Dia go dúthrachtach fá iad féin d'fhóirithin ó anfhlaitheas Turgesius. Do troisceadh fós leo air, agus tugadar fá deara ar gach tuatha fíréanta do bhí umhal dóibh an ní céadna do dhéanamh. Agus do éist Dia ré n-a nguidhe maille ré Turgésius do thabhairt ar chumas na n-Gaedheal, amhail chuirfeam síos do láthair annso.
Ar mbeith iomorro do Thurgesius san anfhlaitheas fhoiréigneach-so, agus Gaedhil tré umhlacht aimhdheonaigh ag gialladh dhó, do rinne longphort comhnuidhthe do féin láimh ré dúinlios Mhaoilsheachlainn mic Maoilruanuidh ríogh Midhe;
Dála Mhaoilsheachlainn do chuir tionól ós íseal ar chúig fhearaibh déag do na hógaibh gan fhéasóga is urramhanta do bhí san Midhe, agus tug fá deara earradha ban do chur orra is cloidheamh gearr fá choim gach aoin díobh, agus a gcur mar sin i riocht bantrachta ag coimhdeacht a inghine. Agus an tan táinig an oidhche do gealladh ise do chur i ndáil Thuirgéis,
Tárla fán am soin Maoilseachlainn, go sluaghbhuidhin 'n-a fhochair, i bhfochair a inghine, agus a dubhairt ré droing do na hógaibh sin do bhí i reachtaibh ban 'n-a fochair, an tan do chuirfeadh Tuirgéis lámh san inghin da fastódh aige, breith go heasaontach air is bráighe do dhéanamh de; agus drong oile do dhul i seilbh airm an tighe agus lingeadh ar na ceannaibh feadhna do bhí istigh; agus go mbiadh féin is an tsluaghbhuidhean do bhí 'n-a fhochair láimh ris an dtigh, is go lingfeadh an teagh isteach ris an gcéadgháir do chongnamh dhóibh ré marbhadh na Lochlonnach. Téid an ingean go n-a bantracht leis sin tre chúldoras do bhí ar an dteach go ráinig seomra Thuirgéis; agus ar rochtain n-a láthair dóibh, tug súil tairis ar an mnaoi uasail is ar a bantracht, is níor thaitin leis díobh acht í féin, agus leis sin cuiris lámh innte da fastódh aige. Ar n-a fhaicsin sin do na hógaibh do bhí 'n-a fochair, beirid drong díobh go heasaontach ar Thuirgéis is do-níd bráighe dhe. Do-bheirid an drong oile amus ar na harmaibh gur ghabhadar a n-urlamhas dóibh féin, is tig Maoilseachlainn leis sin go sluaghbhuidhin san teagh is lingid ar an líon Lochlonnach do bhí san longphort, gur marbhadh uile iad idir taoiseach is daoscarshluagh acht Tuirgéis amháin; agus iar lomairt a longphuirt dóibh beirid Tuirgéis i laimh go
Ar n-a chlos iomorro don mhéid Lochlonnach do bhí i n-Éirinn gur marbhadh na taoisigh do bhí orra féin, is gur gabhadh Tuirgéis an t-anfhlaith lé Maoilseachlainn rí Midhe, do ghabh meatacht is mímheisneach iad, ionnus gach fuireann díobh do bhíodh i gcrioslach na tíre istigh i gcéin ó bhailtibh cuain, go mbídís ag triall tré ealódh oidhche d'fhios a long ré h-Éirinn d'fhágbháil; agus an lucht do bhíodh i mbailtibh cuain díobh do rithidís 'n-a longaibh da ndídean féin ar iomruagadh na n-Gaedheal do bhíodh ag tóraidheacht orra, ionnus gur díbreadh Lochlonnaigh uile a h-Éirinn an tan soin, acht iarmhar beag do an fá smacht na n-Gaedheal díobh. Agus i ndiaidh a ruagtha do báthadh Tuirgéis lé Maoilseachlainn i Loch Ainninn agus táinig don ghníomh soin gur thoghadar uaisle Éireann d'aonaonta Maoilseachlainn 'n-a airdrígh ar Éirinn uile, tré mar do fóireadh an chríoch leis a hanbhroid Lochlonnach.
An tan fá haois don Tighearna 877 adeir [lt ]Buccananus go dtáinig Greaghóir rí Alban go sluagh líonmhar leis d'argain Éirinn is gur marbhadh Brian is Conchubhar da dhíonuidhtheoir ríogh Éireann leis, ar mbeith do rígh Éireann 'n-a leanbh. Gidheadh ní féidir so do bheith fírinneach, do bhrígh nach léaghthar san seanchus go raibhe aoinrí ar Éirinn riamh ó aimsir Shláinghe go Gabhaltas Gall acht rí tháinig lé togha an phobail agus lé harrachtas a ghníomh is lé neart a láimhe i gceannus Éireann. Agus fós fá hé Tuirgéis an t-anfhlaith fá rí Éireann an tráth soin.