Do réir droinge do na seanchadhaibh táinig óglaoch do mhuinntir Nin mic Béil(d'ár bh'ainm Adhna mac Beatha) d'fhios na h-Éireann i dtimchioll seacht bhfichid bliadhan d'éis dílinne, gidheadh ní fada an cómhnuidhe do rinne innte. Luidh ar gcúl d'fhaisnéis an oiléin ad-chonnairc d'á choibhneasaibh, agus páirt nó méid éigin d'fheur na h-Éireann leis, amhail léaghtar i san duain darab tosach, Fuaras i Saltair Chaisil, &c. [ag so mar adeir an duain]:
- Adhna mac Beatha go gcéill,
Laoch do mhuinntir Nin mic Béil,
Táinig i n-Éirinn d'á fiss,
Gur bhean fér i bh-Fidh-inis:- Rug leis lán a dhuirn d'á fér,
Téid for gcúl d'innisin sgél,
Is í sin gabháil ghlan ghrinn,
Is girre seal fuair Éirinn.
Gidheadh, ní mheasaim go ndleaghair gabháil do thabhairt ar eachtra an fhir seo, do bhrígh nach déarna sé cómhnuidhe innte: agus uime sin gurab í gabháil Phartholóin ceud ghabháil is córa d'aireamh uirre d'éis dílinne.
Do bhí Éire, iomorro, fás trí chéad bliadhan d'éis dílinne, go dtáinig Partholón mac Sera mic Srú mic Easrú mic Fraimint mic Fáthachta mic Magóg mic Jafeth, d'á gabháil; do réir mar dogheibhthear i san duain darab tosach, Ádhamh athair sruith ár slógh, &c. [amhail asbeart an file]:
- Trí chéad bliadhan iar ndílinn,
Is sgél fíre mar rímhim,
Ba fás Éire uile ógh,
Nó go dtáinig Partholón.
Measaim, d'á réir sin, gurab dá bhliadhain ar fhichid sul rugadh Abraham táinig Partholón i n-Éirinn, agus gurab eadh fá haois do'n domhan d'á réir sin mu'n am so, míle, naoi gcéad, agus trí fichid agus ocht mbliadhna deug; amhail adeir an rann so:
- A hocht seachtmhoghad céim glan,
Míle agus naoi gcéad bliadhan,
Ó ré Ádhaimh chuanna, chain,
Go gein Abráim ár n-Athair.
Gidheadh, ní fírinneach ceudfaidh na muinntire adeir gurab i gcionn dá bhliadhan ar mhíle d'éis dílinne táinig Partholón i n-Éirinn, agus iad ag a admháil gurab i n-aimsir Abraham táinig innte, agus gurab é Abraham an t-ochtmhadh glún
As an n-Gréig mheadhonaigh, .i. Migdonia, ro ghluais Partholón. Is é raon i n-ar' ghabh, tré mhuir dToirrian, do Shisilia, agus láimh dheas ris an Easpáin go ráinig Éire. Dá mhí go leith bhí ar fairrge, gur ghabh cuan i n-Innbhear Sgéine i n-iarthar Mhúmhan, an ceathramhadh lá deug i mís Mai. Is dó do ráidheadh an rann so; [amhail adeir an file]:
- An ceathramhadh dég for Mháirt,
Do chuireadar a saor-bháirc
Isin phurt iath-ghlan ngorm nglé,
I n-Innbhear sgiath-Ghlan Sgéine.
Ag so an bhuidhean táinig le Partholón go h-Éirinn, agus le n-a mhnaoi, Dealgnaid a hainm: a dtriar mac, .i. Rughruidhe, Slángha agus Laighlinne, go n-a mnáibh, agus míle do shluagh i maille riu, do réir Nennius, amhail leaghtar i Saltair Chaisil.
Is é ionad i n-ar' áitigh Partholón ar dtús i n-Éirinn, i n-Inis Saimhér láimh re h-Éirne. Is aire ro hainmnigheadh Inis Saimhér di; measchú nó coiléan con bhaoi ag Partholón d'ár bh'ainm Saimhér; agus ro marbhasdair í tré eud re n-a mhnaoi, do rinne míghníomh re n-a giolla féin Tódhga; agus
- Mil la mnaoi, leamhnacht la mac,
Biadh la fial, carna la cat,
Saor istigh agus faobhar,
Aon la haon is ró-bhaoghal.
Iar gclos an fhreagartha sin do Phartholón, meuduighthear a eud de, gur bhuaileasdair an measchoin fa lár go ros marbh í; gonadh uaithe ainmnighthear an inis-se. Céid eud Éireann sin d'éis dílinne. Gonadh dó do ráidheadh an rann so:
- Buailis an rí coin na mná,
Dia bhoisníor bho béd go mba;
Marbh an cú fri séidbéd seang,
Ba hé sin céid éd Éireann.
An seachtmhadh bliadhain iar ngabháil Éireann do Phartholón, fuair an céid fhear d'á mhuinntir bás, .i. Feadha mac Tortan, ó ráidhtear Magh Feadha.
Is í cúis um a dtáinig Partholón i n-Éirinn, tré mar do mharbh sé a athair agus a mháthair, ag iarraidh ríghe d'á
Áirmhid cuid do na húghdaraibh gabháil eile ar Éirinn roimhe Partholón, mar atá gabháil Chíocail mic Nil mic Gairbh mic Ughmhóir a Sliabh Ughmhóir, agus Lot Luaimhneach a mháthair. Dá chéad bliadhan dóibh ar iasgach agus ar eunlaith go teacht Phartholóin i n-Éirinn, gur fearadh cath Mhaighe hIotha eatorra; i n-ar' thuit Cíocal, agus i n-ar' díothuigheadh Fomhóraigh le Partholón. I n-Innbhear Domhnann do ghabh Cíocal go n-a mhuinntir cuan i n-Éirinn: sé longa a líon; caoga fear agus caoga ban líon gacha loinge dhíobh. Is dóibh ro ráidhtear:
- Seachtmhadh gabháil ro dus gabh
Airior Éireann na n-árd-mhágh,
Le Cíocal gcríonchosach gann
Uas fhaithchibh Innbhir Domhnann:- Trí chéad fear líon an tslóigh
Táinig a hiathaibh Ughmhóir,
Nó gur scaradh iad iar soin,
Ar n-a sleachtadh re seachtmhain.
Seacht locha do bhrúcht i n-Éirinn i n-aimsir Phartholóin, eadhon, Loch Measg i g-Connachtaibh, tar Máigh Leargna do mhoidh: i gcionn trí mbliadhan d'éis catha do thabhairt do Chíocal, do bhrúcht Loch Con fá thír, agus Mágh Cró ainm an mháighe tar a dtáinig: Loch Deicheat i gcionn dá bhliadhan deug iar dteacht do Phartholón i n-Éirinn. Bliadhain iar sin fuair an ceathramhadh taoiseach d'á mhuinntir bás, .i.
Ní fuair Partholón ar a chionn i n-Éirinn acht trí locha agus naoi n-aibhne: anmanna na loch, Loch Luimnigh i n-Deas-Mhúmhain, Loch Foirdhreamhain ag Tráigh Lí ag Sliabh Mis 'san Mumhain, agus Fionnloch Ceara i n-Iorrus Domhnann i g-Connachtaibh. Is dóibh ro ráidheadh an rann so [amhail adeir an file]:
- Trí locha aidhbhle ammais,
Agus naoi n-aibhne n-iomhais;
Loch Fordhreamhain, Loch Luimnigh,
Fionnloch iar n-imlibh Iorrais.
Ag so na haibhne:Buas, idir Dhál n-Áruidhe agus Dál Riada, eadhon an Rúta; Rurthach, .i. Abhann Life, idir Uibh Néill agus Laighnigh; Laoi, i Múmhain tré Mhuscraidhe go Corcaigh; Sligeach; Samhaoir; Muaidh i g-Connachtaibh re
Nó fós i san duain darab tosach, Adhamh athair sruith ár slógh: &c.
- Muaidh, Sligeach, Samhaoir sloinne,
Buas buinne a bladhaoibh beinde,
Moghorn, Fionn go ngné ngalla,
Banna idir Lé agus Elle.
- Laoi, Buas, Banna, Bearbha bhuan,
Samhaoir, Sligeach, Moghorn, Muaidh,
Is Life i Laighnibh maille,
Ag sin iad na sean-aibhne.
I gcionn cheithre mbliadhan iar dtomhaidhm Murthola, fuair Partholón bás ar Sheanmháigh Ealta Eadair, agus is ann ro hadhnaiceadh é. Is uime gairthear Seanmhágh dhe nach fásadh coill riamh air; agus is uime gairthear Mágh n-Ealta dhe fós, gurab ann tigdís eunlaith Éireann d'á ngrianghoradh. I gcionn triochad bliadhan iar dteacht Phartholóin i n-Éirinn, do eug sé. Adeirid drong re seanchus gurab dá mhíle agus sé chéad agus ocht mbliadhna fichead aois domhain an tan fuair Partholón bás; gidheadh, is eadh mheasaim, do réir gach neith d'á ndúbhramar romhainn, gurab sé bliadhna agus ceithre fichid ar naoi gcéad ar mhíle ó thús
- Ré triochad bliadhan beachta,
Ba fás fri fianaibh feachta,
Iar n-eug a sluaigh fri seachtmhain
'Na n-ealtaibh ar Maigh n-Ealta.
Tig Cormac naomhtha mac Cuileannáin leis an nídh gceudna i Saltair Chaisil, mar a n-abair gurab trí chéad bliadhan bhaoi ó theacht Phartholóin i n-Éirinn go támh a mhuinntire. Tig an file Eochaidh Ua Floinn leis, mar an gceudna, do réir an rainn seo:
- Trí céad bliadhan, cia ad féisidh,
Ós déisibh diamhra duasaigh,
Do'n ghasraidh ghléibhinn gnásaigh
For Éirinn fhásaigh, uasail.
As gach nídh dhíobh so, ní hinchreidte an drong adeir go raibhe tuilleadh agus cúig chéad bliadhan ó bhás Phartholóin go támh a mhuinntire; agus ní hinmheasta go mbiadh Éire ar áitiughadh an comhfhad sin, agus gan do dhaoinibh innte acht cúig mhíle fear agus ceithre mhíle ban.
Er, Orba, Fearón, agus Feargna, a n-anmanna; agus bhádar ceathrar a gcomhanmann so ag macaibh Mhíleadh, amhail chuirfeam síos i n-a ngabháltas féin.
Ó Aileach Néid thuaidh go h-Áthcliath Laighean, cuid Eir.
Ó'n Áthcliath ceudna go h-Oiléan Árda Neimheadh, d'á ngoirthear Oiléan Mór an Barraigh indiu, cuid Orba.
Ó'n Oiléan Mór go Meadhraidhe ag Gaillimh, roinn Fhearóin.
Ó Áthcliath Meadhraidhe go h-Aileach Néid, cuid Fheargna:amhail adeir Eochaidh Ua Floinn 'sna rannaibh seo; agus fá hé árd-ollamh Éireann re filidheacht é i n-a aimsir:
- Ceathrar mac ba gríobhdha glór,
Do phríomh-chlainn ag Partholón;
Do ghabh le' chéile fa sheol
Treabha Éireann gan aithcheodh.- Níor shoirbh do'n ríoghraidh a roinn,
Inis Éireann 'na haon-choill,
Cnuas gar i ngach lios re a linn;
Fuair gach fear fios a chuibhrinn.- Er a sinnsear ba saor sódh,
Suairc a chuid, cian gan claochlódh;
Ó Aileach Néid, iath gan feall,
Go h-Áthcliath Laighean láin-teann.- Ó Áthcliath Laighean, léim lir,
Go h-Oiléan Árda Neimheadh,
Gan doghra, níor thais a threoir,
Cuid Orba, d'iath a chineoil.
- Ó'n áth a bhfuair Neimheadh níoth
Go Meadhraidhe na móir-chríoch,
Fáth deagh-shóidh gan aga ann,
Cuid Fearóin, fada an fearann.- Ó Mheadhraidhe, fada fós,
Go h-Aileach Néid go ndeagh-nós;
Tórainn da leanam 's gach eing,
Fuair Feargna, fearann fairseing.- I n-Éirinn féin, ní fáth fill,
Rugadh na tréinfhir tuirbhim,
Dream saor, fá bunata bládh,
Ba caomh curata an ceathrar.
Ag so anmanna na dtreabhthach do bhí aige, eadhon, Tóthacht, Trén, Iomhas, Aicheachbhél, Cúl, Dorcha, agus Damh. Anmanna na gceithre ndamh do bhí aca, .i. Liag, Leagmhagh, Iomaire, agus Eitrighe. Beoir ainm an fhir tug foighdhe nó aoidheacht uaidh ar dtús i n-Éirinn. Breagha, mac Seanbhotha, do rinne comhrac aoinfhir ar dtús i n-Éirinn. Samaliliath do rinne an ceud ól corma innte. Fios, Eolas, agus Fochmhorc a thriar druadh. Macha, Mearan, agus Muicneachán a trí tréinfhir. Biobhal agus Beabhal a dhá cheannaidhe. Bhádar deich n-ingheana agus deich gcleamhnaidhe ag Partholón.