Atáid cuid do na sean-úghdaraibh chuireas neithe breugacha i leith na n-Éireannach; mar adeir Strabo, 'san g-ceathramhadh leabhar, gurab lucht feola daoine d'ithe na h-Éireannaigh. Mo fhreagradh ar Strabo, gurab breug dó a rádh gurab lucht feola daoine d'ithe na h-Éireannaigh; óir ní léaghtar i san Seanchus go raibhe neach i n-Éirinn riamh ler' cleachtadh feoil daoine d'ithe, acht Eithne Úathach inghean Chriomhthainn mic Eanna Chinnsiolaigh rí Laighean, do bhí ar daltachas ag Déisibh Múmhan: agus do hoileadh riu ar fheoil naoidhean í, i ndóigh go mbadh luathaide do bhiadh ionnuachair é. Óir do tairrngireadh dhóibh féin fearann d'fhaghbháil ó'n bhfear le mbiadh sí pósda; agus is le
Adeir Solinus, 'san aonmhadh caibidil fichead nach fuilid beich i n-Éirinn; agus adeir gurab do dhéis chlaidhimh fromhthar an chéid-mhír le gein mic i n-Éirinn. Adeir fós go ndéin an t-Éireannach a dhealbh d'ionnlat a fuil a námhad an tan marbhthar leis é. Is follus as an seanchus bhias i san stáir gach nídh dhíobh so do bheith breugach. Adeir Pomponius Mela i san treas leabhar ag labhairt ar Éireannchaibh na briathra so: drong ainbhfiosach i sna huile subhailcibh {Omnium virtutum ignari}
: agus mar sin do mhórán do shean-úghdaraibh eile coigcríche do scríobh go meardhána mítheasta ar Éirinn, ar bhréig-sgeulaibh ainteastach d'á ná'r chóir creideamhain 'na shamhail so do nídh: agus is uime sin adeir Camden, ag cur teastais na muinntire seo síos ar Éirinn, na briathra so: Ní fhuil, (ar sé), fiadhnaise inchreidte ar