870 K. i. Diarmuid, ab Fearna, quieuit.
870 K. i. Dub da Thuile, ab Leith Mocaomhóg.
870 K. i. Maol Odhar, epscop & ancore, ab Daimhinsi, quieuit.
870 K. i. Cumsud, ab Disirt Ciaráin Bealaigh Dúin, epscop & scriba, quieuit.
870 K. i. Comgan mc. Fota, ab Tamhlachta, quieuit.
870 K. i. Cobhthach mc. Muireadhoigh, ab Cille Dara, sapiens & doctor. De quo dicitur:
- Cobthach Cuirrigh cuiretaigh,
damhna rígh Life lennaigh,
dursan mac mór Muiredhaigh,
bá liach ó caoimhfionn Ceallaigh.
- Clethe Laighen leighnidhe,
sáoi slán, seaghainn, sochlach,
retla ruirthech reidh-Righe,
comharba Conlaith, Cobthach.Cobthach.
870 K. i. Maongal, epscop Cille Dara, quieuit.
870 K. i. Isin bhliaghain si tainig Aodh mc. Neill i l-Laignibh, go madh do dhioghail an an oglaoich adubhramur romhuinn, do marbadh lá Laighnibh, nó dno go madh do thobhach cíosa. Ro innristar Laighne ó Atha Clíath go Gabhrán. Tainig dno Cearbhall mc. Dunlaing, rí Osraighe, & Cennétig mc. Gaithin, ri Laoighsi, don leith oile do Laighnibh, & an méd ro fhedsadar edir losgadh & airgain & marbadh, do ronsattar, go rangattar Dún m-Bolg, & ro gabsat longport ann sain, .i. Cearbhall & Cennetigh.
Ra thionolsad Laighin iar t-tain 'má rígh, .i. 'ma Muireadhach mc. m-Brain, & cidh esidhe bá rí cruaidh, cosgrach, glic, úair as fada ro bhaoí for ionnarba a nn-Albain, bá aicintidhe dó crúas & eangnamh; & as eadh ro smuainseadar aca gurab córa dhoibh dol a c-ceann Laighsi & Osraighe battar i n-Dún Bolg, ionás dola i g-ceann righ Eireann baoí og Bealach Gabhrain, & dola 'sin aidhche fon longport. Teaghaid iaramh Laighin, & a rí maille riu, go cruaidh sonairt {MS page 56} na c-corughadh go Dun m-Bolg, bail a rabhattar a námhaid. Borb a met; is iongnadh an cuingioll dáonda, úair ro chuattar Laighin i muinighin naoimh Brighide go rugdaois búaidh & cosgar do Osraighe & do Laoighis. Ro chuattar dno Osraighe i muingin naoimh Ciarain Saigre, 'ma búaidh & cosgar do bhreith do Laighnibh. Ro bhattar Laighin go diochra og atach naoimh Brighide, gur ro marbhdais a namhaide[gap: extent: three or four lines left blank]
Is eadh tra tangattar Laighin don leith a rabha mac Gaithini don longport. Ní a n-imgabáil do righne mac Gaithin, acht as 'na n-aghaidh go cruaidh feochair tainig, amuil bá bés dó. Do gnitear tra cathughadh cruaidh cródha leath for leath ann sin. As cian ro clos gair na f-fear og imirt diocumaing forra, & fogar na stoc n-deabtha, & ro gabh an talamh criothnugadh go n-deachattar a n-eachradha & a n-iumainte i n-gealtacht, & bá tairmeasg mór d'eangnam na laoch sin. Acht cheana an lucht ro bhoí don t-sluagh i scailpibh carrag tangattar a n-aighidh na n-iuminte go ro fostattar mór dhiobh. Ba mór an muirn sin, & ba mór a f-fogar 'sin áeir úasda. An airead ro bás imi sin ro bhaoí Cearbhall og teagasg a mhuinntire, úair bá tosach oidhche fair, & ro ráidh: Gib eadh o t-tíosad na
Ro chuaidh-siomh Cearbhall & socraide lais d'ionnsoighidh mhac a sheathar, .i. Cennedigh, ro bhaoí i n-eigean mór edir a naimhdibh; & ro toguibh a ghuth cruaidh ar aird, & ro bhaoí ag neartadh a mhuinntire a c-ceann Laighean (& ra cualattar Laighin sin), & dno ro bhattar an mhuinntir 'ga neartadh-somh. Ro earb ra dís dá muinntir faire & forchoimhéd dó. Ro diubairg rí Laoighisi leithgha fotha-sidhe gur ro marbh an dara fear dibh, .i. Folochtach, secnab Cille Daire. As mór tra an toirm & an fothrom baoí eaturra an uair sin, & ra tógaibh Badb ceann eaturra, & baoí marbadh mór eaturra sáncán. Ro sguichsiot tra Laighin on longport, & ro bhattar ag breith a rígh leó, & o na ra fhéd an rí a shlúagh d'fostadh 'na fharradh, ro ling ar a each, & tainig a n-diaig a mhuinntire. As deimhin linn gonadh tré miorbhail naoimh Brighde & Sein Chiaráin ro sgaoilsiot amlaidh sin; & cía ro marbadh saorclanna eaturra, ní rabha ár mór ann. Ní ra leig Cearbhall na Cennedig da muinntir leanmhuin Laighean ar fhaitchius. Ro marbadh 'san ló arnamarach dream do Laighnibh ro bhattar for seachrán.
Tangattar Cearbhall & Cenneidigh 'na c-cath ceangailte coraighthe tre lár a námhad go Gabhran, d'ionnsoighidh Rígh Eireann, .i. Aodha Finnleith (deirbhsiur Cearbaill a bhean-saidhe, & mathair an Cennedigh í), & innisid do Rígh Eireann amhaill do ralla doibh, .i. longport do ghabhail forra, &c. {MS page 57} Do rónsad comhradh tairisi, & ro dheighlisiod iar t-tain.
Rí Laighean ní h-eadh do righne freagra maith do thabhairt for Rígh Eireann, acht as cuimhniugadh na n-dearnsad ris do righne, & ní tharad [gap: extent: space for one word left blank] nó giaill.
870 K. i. Isin bliadain si do ronsad na righ Lochlann forbaisi for Sraith Cluaidhe i m-Breathnaibh ré ceithre miosaibh ag forbaisi dhoibh fuirre; fa dheoigh tra iar f-forrach an lochta ro bhaoí innte do ghorta & d'íotaidh, ar t-traghadh go h-iongnadh an tobair ro bhaoí aca ar meadhon: ro cúas forra iar t-tain. Rugad tra ar tús gach maithius ro bhui innte. Rugad slogh mor eiste i m-braid. [Dupaltach Firbisigh ro sgriobh 1643] inquit transcriptor primus.9
871K. ii. Maonghal, ab Beannchair, quieuit.
871 K. ii. Dubhthach, ab Cille Achaidh, epscop & scriba & anchoire, quieuit.
871 K. ii. Ailill, epscop & ab Fobhair, quieuit.
871 K. ii. Cú Rúi, ab Insi Clothrann, saoí seanchusa Eireann, .m.
871 K. ii. Amhlaoibh & Iomhor do thoidheacht aridhsi a h-Albain go h-Ath Cliath, & brad mór Breatan & Alban & Saxon léo; da chéd long a lion.
871 K. ii. Toghail Dhúin Sobhairge, quod antea numquam factum est.
871 K. ii. Ailill mc. Dunlaing, rí Laighean, a Northmannis interfectus est.
871 K. ii. Maol Muad mc. Finnachta, rí Airthir Life, .m.
871 K. ii. Flaitheamh mc. Faoilchair do bhadhadh do mhuinntir Lethghlinne.
871 K. ii. Inreadh Connacht la Cearball & Dunchadh, i t-torchair Buachail mc. Dunadhaigh.
871 K. ii. Inreadh Mumhan dna la Cearbhall dar Luachair síar.