867 K. iiii. Cananan mc. Ceallaigh interfectus est per dolum ó mhac Gaithini.
867 K. u. Connmac, ab Cluana m. Nois.
867 K. iiii. Maidhm re mac Gaithini for longus Atha Cliath, i t-torchair Odolbh Micle.
867 K. iiii. Dubhartach Bearrach, sáoi eagna, quieuit.
867 K. iiii. Aedacan mc. Fionnachta, ollamh Leithe Cuinn, quieuit.
?868 K. u. Isin bhliaghain si, .i. in septimo anno regni Aodha, ra greannaighsiod Laighin Cearbhall mc. Dunlaing um chath. Ra iorlamhaigh dno Cearbhall ar amus an catha sain. Ro comraic da marcsluagh go n-dearnsad deaphaidh, go ro marbhadh sochaidhe eaturra. In tan imorro ro comraic acht beag don chath ceachtardha, as ann tainig Sloigeadhoch ua Raithnen, comharba Molaissi Leithglinne, deocain an tan sain é, epscop imorro & comharba Ciarain, .i. Saighre, íar t-tain; tainic-sidhe gona [gap: extent: one and one third lines] eagnaidh, & go n-dearnad sidh thairisi eattorru.
{MS page 52} 868 K. u. Isin bliadain si dno do ronadh mórshlúagh la h-Aodh Finnlíath mc. Néill, righ Eireann, d'ionnsoighidh Ciannachta da n-argain & da n-indradh.
Cuiridh trá Aodh iar sin a shlúagh fo Ciannachta, & airgid & loisgid go n-ár mór daoine do marbhadh dhoibh. Ní tainig imorro Flann fo cédóir da n-ionsoigidh, úar rá bhaoí cobhlach mór an tan sin ag inbhear Bóinne, & ro chuir-siomh fios ara n-amus-saidhe go d-tiosdáois da foirithin, & tangattar-somh ón, & dno tangattar Laighin d'foirighin an Fhlainn. Tangattar uile iar t-tain i n-deaghaidh righ Eireann, & a chreacha reimhe. Ro chúaidh Aodh ar árd & ro bhoí ag feaghadh na mórsocraide baoí 'na dheaghaidh [gap: extent: one line] se & a lucht comhairle, Ní ar líon óg bristear cath, acht is tré fhurtacht an Coimdheadh, & tre fhirinne flatha; an diomus imorro & an iomarcraidh slúaigh, ní h-eadh as ionmhain ra Día, acht inisle aignidh & craidhe daingean. Sochuidhe iaramh don lucht so, & as díomsach teaghaid. Tionolaidh-si uile imum-sa anosa, & na biodh meanma teichidh agaibh, {MS page 53} uair as fada uaibh gonuige bar t-tighe féin, & ní caraid leanfas sibh, ní h-anacal na coigill foghébhthaoi. Denaidh tra na n-dearnsad bhar n-aithreacha & bhar seanaithreacha, fuilngidh tra frosa i n-ainm na Trionóide do thealgudh duibh. Mar adachichisthi misi ag eirge, eirghidh uile i n-aoineacht fotha mar faillseachus Día dhuibh. Dia lúain ar áoi laithe seachtmaine sin.
In Flann imorro mc. Conuing isin rainn eile as eadh rá raidh-sidhe fria mhuinntir: As uathadh an lucht úd, & as lionmhar atáim-ne, & cruaidhighidh-si céim dá n-ionnsoighidh. Agus do righne tri coirighthe dhe, .i. é fein
Ro bhaoí imorro Rí Eireann 'ga n-iornaidhe, & sé meirge rá bhaoi aige, croch an Choimdheadh & bachall Iosu. O thangattar tra na slúaigh naimhdighe i g-comhfocraibh do Áodh, rá suidh & rá coruigh uime Rí Uladh don dara leith, & Rí Midhe don leith oile; & ro ráidh riu: Na h-iomraidhidh teicheadh, acht tairisnighidh isin Choimdhidh o f-fuil cosgar dona Criostaidhibh; narab banda bar n-aigeanta, acht gurob feardha, & brisidh go h-obann cath ar bur naimhdibh gur ro mhara bhur c-clú tre bhiothu. As eadh ra raidhsid uile, go n-diongnaidís.
Ní tháirnig imorro do Rígh Eireann deireadh na m-briathar sin do rádh, an úair tangattar a namhaitt i f-foccus; & ro diubairgsiod frossa diomóra do sháighdibh ar tús, & frossa d'faghaiph iar t-tain, & an treas fross do leathgaibh, ionnus gur eirghe an Rígh cona mhuinntir 'na n-aighidh, gur caithighsiod go cródha fríu. (Fo ríor ní fhaghuim as in t-seinliobhar ata briste iomláine na h-imtheachta do ronsat cách 'san chath so Cille h-úa n-Daighre, náid na briathra breaghdha do labhair Rígh Eireann go h-uilidhe do dhiorgadh a mhuinntire féin: gidh eadh tátham gur brisiodh leis in Rígh ara námhaid.)
Agas ann sin ro ráidh an Rígh (an tan baoí an mhaidhm ré na mhuinntir): A mhuintir ionmhain, legidh dona Criostaidhibh, & imridh for iodhaladharthaibh ó táid a madmaimm reamhaibh. Níor bó diomháin do-somh sin do radh, úair do {MS page 54} rónsad in fair-siomh, ionnus nach móo iona ceathramhadh diobh ráinig slán. Ternattar Laighin iomlán da n-áthardha fein, úair do ronsad cipe daingean ceangailte díobh féin tre comairle an taoisigh treabhair bui aca, .i. Maol Chíarain mc. Ronain. Flann imorro mc. Conaing ro theich cona shocraide, & rugsad muinntir an Rígh fair, & ro fhagaibh a cheann, & tugadh é do lathair aireachta an Rígh; & ro bhaoí an Rí ann sin ag iomcháoineadh fair, & ro bhaoí cách 'ga rádha ris nar bó cóir dhó a chaineadh tre goire a n-gaoil, & ar adhbharaibh eile nac f-faighuim asin t-senleabhar, .&c.
869 K. uii. Niallan, epscop Slaine, obiit.
869 K. uii. Cormac mc. Elothaigh, ab Sáighre & sgriba, .m.
869 K. uii. Ailill Clochair, scriba & epscop & ab Clochair.
869 K. uii. Dubhthach mc. Maoil Tuile, doctissimus Latinorum totius Europae, in Christo quieuit.
869 K. uii. Martra Eodusa mc. Donngaile ó Ghentibh i n-Disiurt Dhiarmada.
869 K. uii. Dunlang mc. Muireadhaigh, rí Laighean, .m.
869 K. uii. Maol Ciaráin mc. Ronáin, righnia airthir Éreann, .m.
869 K. uii. Orgain Ardmacha d'Amhlaoibh, & a losccadh cona dearrthighibh, .i. dearthach mór maic Andaighe. Deich c-céd eidir braid & marbadh, slad mór olcheana.
869 K. uii. Donnacan mc. Cédfadha, rí .H. Censiolaig.
869 K. uii. Cían mc. Cumasgaigh, rí .H. m-Bairrche Tíre, .m.
?869 Isin bliaghain si, .i. in octauo anno regni Aodha Finnleith, ra ionnarbsad Laighin táoisioch dá t-táoisiochaibh uatha, úair ba miosgaiss leó é: .i. baoí formad aca ris ar méd na c-cosgar no beireadh dona Lochlannachaib, no dno úair bá tuilithe aca é, úair do Chiarraighe Luachra a bhunadh, no dno ar méd a dhíomais ba miosgais leó é. Úair ná ro fhéd didiu bheith i c-cinn mhaithe Laighean, & ri Laighean, tainig rá muinntir leis ar ionnarba d'ionnsoighidh Rígh Eireann, & ar m-béd a bhlaidhe eangnamha ro ghabh an Rí chuige go honorach é, & tug a ingin dó do mhnaoi, .i. Eithne.
Rob é méd imorro an smachta & an nirt tarraidh se for Lochlannachaib, conach lamhdaois nach gniomh moghdha do dhenamh isna Domhnaighibh: ro ba sgél mór ría innisin na t-tabhradaois do chíusa dhó...8 Is ar thnuth & ar fhormad ro ionnarbsad Laighin uatha féin é, & dno ara bheith d'fearuibh Mumhan. Tainig tra iar sin go sochraidhe leis i Laighnibh, go n-dearna airgne {MS page 55} & ionnradh iomdha & loisgthe & marbhta intibh. Acht cheana atá a f-fágbaluibh náomh ná bádh reidh don tí no
870 K. i. Suairdleach Ineidnén, epscop & anchore & ab Cluana Ioraird, optimus doctor religionis totius Hiberniae, quieuit.
870 K. i. Gearan mc. Diocosca, ab Saighre, obiit.