Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1602

M1602.0

AOIS CRIOST, 1602.

Aois Criost, Mile, Se céd, a dó.

M1602.1

Iar sraoinedh madhma Cinn t-SáileGallaibh for Gaoidhealaibh (amhaíl ro scriobhadh chena) an tres lá do mhí Ianuarii, & for an uathadh Spáinnech do muintir rígh na Spainne do-rala a maille friú an tan sin, Ro ghabh deinmne, & dásacht, & utmoille mór menman Ua Domhnaill (Aodh Ruadh) co ná ro thuil & ná ro loing h-i raimhe fri ré tri lá & teóra n-oidhche iaramh go ro ben ceill dia chabhair i n-Erinn conadh í airle ro chinn i n-ecmhaing na ree sin (tre comhairle Uí Néill gion gur bhó lainn lais-sidhe a comhairlécchadh dó) Ere d'faccbháil, & dol don Spainn d'ionnsaighidh an righ an 3. Pilip do chuinghidh fuilleadh sochraitte, & comhfhurtachta uadhaibh, uair ro badh dóigh lais-siomh gur bhó hé na Spainne aon ro badh mó co nicfeadh a fhóirithin, & lás ar lainne congnamh lás an c-cách nó chathaighfeadh dar cenn an chreidimh catolice Rómhanaigh do gres & araill ele tria na bháidh fri Gaoidhealaibh ar a t-tocht cétus do ghabháil Ereann as in Spainn amhail as follas isin leabhar dianidh ainm in Leabhar Gabhala.

M1602.2

O ro sgrúd-somh an chomhairle íshin báttar iatt do-raegha-somh ina chaoímhtheacht do dhol for an echtra sin, Remann a Búrc mac Seain, captin Aodh Muss mac Robeird, & Flaithrí mac Fithil Uí Mhaoilchonaire athair togaidhe


p.2292

d'urd .S. Fronses rob'anmchara dó-somh, & araill dia shainmhuintir budhein cenmothát. Iar c-cloisteacht na comhairle sin lá cách a c-coitchinne ro badh lór do truaighe & do neimhéle an lamhchomairt anffoill, & an gholmhairccneach dermhair, & an nuallghubha ardaccaointeach do-rónadh seachnóin longphuirt Uí Domhnaill an tan sin. Ro badh deithbhir dóibh-siomh innsin (dia f-fesdaoís é an tan sin) uair ní fhacattar a c-codhnach nách a c-coimsigh talmanda an tan sini n-inis Ereann acc follamhnucchadh flaithesa uaistibh ó sin alle.

M1602.3

Do-dheachaidh imorra Ua Domhnaill co na fiallach i luing h-i c-cuan an chaisléin an 6. lá do mhí Ianuarii, & ro-s-iomluaidh tinfedh na céd ghaoithe du-s-fainicc trias an f-fairrcce f-fraoch aigmhéil go ro ghabhsat cuan an 14. la don mis cedna i c-comhfhochraibh don Chruinne, baile oirdearc ei-sidhe h-i ríoghacht na Galiseis in Spainn & bá h-ann-sidhe baoí Tor Breogain fris a raiti Brigantia ro cumhdacht feacht riamh lá Breoghan mac Brátha, & bá h-assaidhe tangattar clann Milidh Espáinne mic Bile mic Breoghain do céd gabhail Ereann for Thuathaibh De Dhanann. O do ruacht Ua Domhnaill i t-tír isin c-Cruinne ro gabh for taistel an bhaile, & do-chóidh do dhéghain Tuir Breogain. Bá faoiligh-siomh dia rochtain i t-tír an dú sin ar ro badh dóigh lais gur bhó célmhaine mhór maithes dó a thochar gusan maighin as ar ghabhsat a shinsir nert & cumhachta for Erinn feacht riamh.


p.2294

Iar m-beith athaidh m-bicc acc léccadh a sccísi isin c-Cruinne do-chóidh go h-airm i m-baoi an isin Castilla uair ba h-ann do-rala dhó beith an tan sin (Iar n-iomthoichell a fhlaithesa) isin c-cathraigh dianidh ainm Samora, & ó do-deachaidh Ó Domhnaill h-i f-fiadhnaise in rígh ro léicc for a ghluinibh é ina fhrecnairc, & do-roine umhla, & aidide dhó amhail ro bá dú dia mhiadhumhlacht & ní ro fhaomh eirghe co ro thingheall an righ a theóra h-itche n-dó. Bá sedh an cédna dibh-sidhe, Armail do chor lais d'ionnsaighidh Ereann co na c-congaibh comhadhais, & co na naidhmibh teachta cecip tan robdar erlamha. An dara, gan nech do shaorclandaibh d'uaisle a fhola do chor in niort nách h-i c-cumhachta uassa ná uas fior a ionait do ghrés dia n-gabhadh mordhacht an rígh nert & cumhachta for Erinn. An tres itche gan cert a shinnser do laghdughadh, ná d'uirbhernadh fair fein nó for fhior a ionaid tre bithe in gach maighin i m-baoí nert, & cumhachta aga shinnseraibh i n-Erinn rias an tan sin.

Ro geallaitt innsin uile lás an Rígh dó-somh, & fuair airmhidin mhór uadha nach dóigh go f-fuair Gaoidheal riamh i n-deireadh aimsire a comhmór d'onóir ó nách rígh n-aile.

M1602.4

Iar n-dénamh a thoscca amhlaidh sin d'Ua Domhnaill fris in rígh, Ro chuinnigh an fair soadh tar a aís don Chruinne & airisiomh ann-sidhe com bó fúirithe dó tocht ina frithing. Do-róine siomh inn sin, & baoí h-i f-foss go léicc go mí August ar c-cionn. Bá crádh cridhe, & bá saoth menman lá h-Ua n-Domhnaill a fhod ro bháttar Gaoidhil gan furtacht gan fóiridhin uadha & rob' imchian lais baoí an armáil ro gealladh dhó gan rochtain go h-aon mhaighin, Ro triall doridhisi do dhol do lathair an righ dia fios créd an t-essnádhadh nó an t-iomfhuireach baoí for an sochraide ro gealladh lais, & ó do ruacht-somh don bhaile dianidh ainm Simancas (dá léicce o Ualladolíd do chuirt an rígh) bá sedh do dheónuigh Dia, & do chedhaigh a h-ainshén & a h-écconach, a misccaith, & a mallacht d'Inis Éiremhóin, & do Ghaoidhelaibh glan Bhanbha archena go ro gabh galar a écca, & easláinte a


p.2296

oidhedha Ua Domhnaill, & baoí fri ré secht la n-décc ina lighe co n-érbhail fó dheóidh i n-eacmaing na ree sin an 10. lá do September do shonnradh isin tigh baoí ag rígh na Spáinne badhéin isin m-baile sin (Simancas) iar c-caoí a chionadh, & a thargabhál, iar n-aitrighe diochra ina peacthoibh & dhoailcibh, iar n-denamh a choibhsion gan díolocht fri a anmchairdibh spioratáltaibh iar c-caithemh cuirp Chriost, & a fhola, & iar ná ongadh amhail ro badh techta a lamhaibh a anmcaratt, & a shruithedh ecclastacdha budhéin an t-athair Flaithri Ua Maolchonaire (confessóir, & comhairleach spiratalta Ui Dhomhnaill, & rob' airdespuc Tuama iarttain cidh as a los) & an t-athair Muiris Ulltach mac Donnchaidh brathair bocht d'urd S. Fronseis a conueint Mhainistre Duin na n-Gall, bá do longportaibh Dhomhnaill ei-sidhe.

M1602.5

Ruccadh dna a chorp go Ualladolíd (go cúirt an rígh) h-i c-ceithirriadh cumhdachta go n-drongaibh dí-rimhe do Stata, do chomhairle & do gharda an righ ina uirthimcheall go lochrannaibh lasamhnaibh, go sudrallaibh solustaibh do chéir caomhalainn ar comhlasadh dá gach leith dhe. Ro h-adhnacht iaramh i Mainistir .S. Fronseis isin c-capittil do shonnradh co miadhach mór onorach ionnas as airmhidnighe ro h-adhnacht aoin neach do Ghaoidhelaibh riamh. Ro ceilebradh oiffrinn & hymna iomdha, claiscetail, & cantaice ceoilbhinne do ráith a anma, & ro gabhadh a éccnairc amhail ro badh dir.

M1602.6

Monuar tra ro badh liach do sochaidhibh mhuich-erchra an tí testa annsin ar bá he-sidhe cenne coinne & comairle áthcomhairc, & iomagallmha ermhóir Gaoidhel Ereann cidh fri sídh cidh fri coccadh. Tighearna tothachtach toirbhertach go f-forsmalta flatha, & co n-dluthucchadh reachta, leó ar nert, & cumhachta go t-tomhaithemh & co f-forspraic i n-gníomh, h-i m-breithir, co ná lamhtha a urtuasacht itir, ar bá h-eiccen cecib ní nó fhorchongradh do dhenamh fair fó chédóir amhail ad-beireadh a bheoil. Colum ar chennsa, & ar ailghine fri neimhedh, eccalsa, & ealadhan, & fri gach n-aon ná frith tairisedh friss & ro badh riarach dhó. Fer ro dhing a ómhan & a imeccla ar chách a c-céin & a f-foccus, & for nár lá nách aon imeccla ittir Tigherna diochuirthe díbherccach, mudhaighthe meirleach, mhórtha mhac m-bethadh &


p.2298

riaghtha mhac m-báis, neach ná ro léicc a fhairbrígh, ná a iomarcraidh a dhiúbairt na a dhi-miadh gan a aithe & gan a dhioghail gan fhuireach. Imeachtraidh aindiuid amhnas, andána na n-oirer, Aircctheoir cogthach creachach, coinghlecach na c-coiccrioch, diosgaoílteach, dian, deinmnettach dúr dochoiscc Gall, & Gaoidhel báttar ina acchaidh, aon ná ro léicc dhe gan dénamh gach ní ro badh toisccidhe do fhlaith an c-cein ro mhair. Buabhall bionnglorach go m-buaidh n-innscne & n-urlabhra, ceille, & comhairle, go t-taidbhredh seirce ina dhreich attar lá gach aen atas-cíodh, tairrngeartach tinghealltach ro fíorthiorchanadh lá fáidhibh ré chian ria na ghein, & co sainredhach lasan naoimh érlamh Colaim Cille mac Feilim dia n-ébairt
    1. Ticfa fer an éngha aird,
      do-bhéra golmaircc in gach tír,
      budh é sin an donn diadha,
      is biadh .x. m-bliadhna 'na rígh.

M1602.7

Bá trógh tra ro bás ag Gaoidhealaibh Ereann iar n-écc Uí Domhnaill, doigh ro chlaochlaisiot a n-airrdhe & a n-aigenta, oir do-rattsat a milettacht ar miodhlachas, móirmhenma ar mheirtnighe, & uallcha ar inísle. Ro sgaith a n-gráin, a n-gaiscceadh, a n-gal, a n-gérraiteacht, a c-cosgar, & a c-cathbhuaidh iar ná oidheadh, Tallsatt céill dia c-cabhair gur bhó h-eigen dia n-urmhór dol for iocht eccrat, & ainffine, & araill ele for eisreidheadh & for sgaoíleadh, ní nama ar fud Ereann, acht seachnóin na c-cennadhach go coitchend ina n-aittreabthachaibh bochta d'innime dearoile, & dronga ele ag creic a n-amhsaine lá h-echtar chenelaibh go ro marbhaitt, & go ro mudhaighitt drechta dearmhara do shaorchlandaibh soichenelchoibh fer n-Éreann i n-aile criochaibh cianibh comhaighthibh, & ro badh ádhbha aineoil & eccalsa andúthchasa robtar Rómha adhnaicthe dóibh, ar aba écca an aoín fhir sin do érna uadhaibh. Acht chena ro badh eimhilt, & ro badh diochumhaing ríomh nó aisnéis do na mór olcaibh ro shíolaidh, & ro shíorchlandaigh i n-inis Ereann a los écca Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill an tan sin.

M1602.8

Iar sccaoíleadh do Ghaoidhelaibh iar maidhm Chinn t-Saile amhail remhebertmar ro chuir an Iustis an Presidens, iarla Tuadhmumhan, & iarla Cloinne Riocaird


p.2300

go maithibh an t-slóigh Gall archena rempa, Cenn t-Saile d'ionnsaighidh & dol trias na doirsibh doghabhala & trias na beilgibh bernbriste do-rónadh las an ordanas n-allmurdha n-adhbhal mhór baoí leó acc caithemh, & ag comhdiubhraccadh an bhaile ón céd ló ro shuidhighsiot campa for a ionchaibh gusan laithe sin. O'd-chualaigh Donn Iohn an ní sin, & ó ro fhidir na Gaoidhil gus a riacht, & ro badh dóigh lais dia chabhair do comhsgaoíleadh uadh & a fhagbháil isin ionadh iomchumhang, & isin c-carcair comhdluta i m-baoí, & ná baoí for cumas dó sóadh for c-culaibh go a chairdibh, na dhola ar a aghaidh for a esccairttibh ar a n-aidhbhle, & ar a n-iolardhacht, & ar feabhus a n-imdeghla, & a n-iomchoimhéda do ló & d'adhaigh, as í comhairle ro chinn teachta do chor uadha h-i c-cenn an Iustis, an Presidens, iarla Cloinne Riocaird, & iarla Tuadhmhumhan go maithibh an t-slóigh dia rádha riú go t-tiocfadh for ionchaibh an Iustis & na t-tighearnadh sin, acht namá an baile do léccadh da mhuinntir go Féil Patraicc ar c-cionn, ced dola & teachta isteach &

p.2302

amach aga muintir féin, & ag muintir na bainrioghna i c-cumascc araile, & dna cett malarta a n-airgitt & a n-erradh, & gach neith rangattar a les. Dia t-ticceadh furtacht no cabhair o rígh na Spainne dia saighidh in airet sin, d'fiachaibh as an Iustis Donn Iohn do leiccen iomlán i mescc a mhuinntire, & muna t-ticceadh, an Iustis & na tighearnadha sin dia iodhlacadh tar a ais don Spainn, & Donn Iohn do iodhlacadh an loingis do rachadh lais ina n-iomláine go h-Erinn doridhise.

Ro h-éistedh aithescc na t-teachtadh lasan Iustis & lasna maithibh archeana & ro h-aontaighedh dóibh amhail ro cuinnighsiot. Iar naidhm & iar nasccadh a c-coingeall dóibh dibhlinibh tánaicc Donn Ion hi c-cenn an Iustis, & ro fiadhaigheadh go h-onorach é lás an Iustis, & las na maithibh báttar ina fharradh. Do-thaod an Iustis an Presidens, & Donn Iohn go Corcaigh, & do sgaoílsiot cach dia t-tighibh as a h-aithle.

M1602.9

Imthusa iarla Tuadhmumhan tanaic-sidhe dia tir iar m-beith athaidh fhoda ina h-éccmhais h-i Saxoibh, & h-i c-campa Chinn t-Saile, & níor bó cian ro bhaoí h-i f-fos iar rochtain dó dia duthaigh an tan ro ionnsaigh na daoíne uaisle ro baoi ag aidhmilledh, & ac lot a tíre, o ro clos leó Donn Ion do tocht i n-Eirinn gusan uair sin. Ro badh diob-sidhe Toirrdhealbhach, mac Mathghamhna, mic Thoirrdhealbhaigh, mic Mathgamhna Uí Briain, & Conchophar mac Domhnaill mic Mathgamhna mic Briain Uí Bhriain. Bá h-eigin dhoibh-sidhe na bailte baoi ina n-orlaimh gus a t-tairrngedis cuid aitthreabthach, & aesa anffainn an tire dia saighidh (.i. Doire Eoghain & Baile an Chaislein) da chor in orlaimh dhaoíne c-comhthrom lás nár lainn lot tíre inntibh no eistibh. Do-rattadh focal, & cairde caicthidhisi on iarla doib-siomh le ceileabhradh dá c-cairttibh, & leis an tir d'fagbháil, & gan soadh tar a n-ais doridhisi gan ced an Iustis & na comhairle.

M1602.10

Dála na n-daoine uasal riasiu ro chaithsiot deiredh a f-focail ro triallsat


p.2304

an tír d'fagbhail, & lottar tré Cloinn Chuiléin go rangadar Cill Da Lua, assaidhe tar Sionainn go h-Ara, & ro triallsat airisiomh na h-oidhche sin do denamh i n-Dúthaigh Ara. O't-chualattar clann Toirrdhealbaigh Carraigh mic Toirrdhealbhaigh, mic Muircertaigh mic Domhnaill, mic Taidhcc Uí Bhriain .i. Donnchadh & Domhnall báttar acc imirt a h-ucht na bainrioghna) iad-somh do thocht don tír amhail tangattar, iar n-deiliucchadh ré focal an iarla, & gan focal an phrionnsa, nó aoín neich eile aca, Ro ionnsaighsiott iatt in gach maighin i m-báttar go ro h-erghabhaitt leó, cenmotá Toirrdhealbhach mac Mathghamhna Uí Bhriain do-chóidh iar t-tochaithemh a proinne fó choilltibh cluthair diamhra, & fó chnocaibh cenngharbha dia imdhiden for a easccairdibh. At iad na maithe ro gabhadh ann-sidhe, Concobhar mac Domhnaill, mic Mathgamhna Uí Bhriain, Brian Ballach mac Mathgamhna & Tadhcc Ulltach mac Mathgamhna Uí Bhriain gusan líon do-rala ina f-fochair, & iarna n-gabháil tuccadh h-i c-cuimreach iad tar a n-ais h-i c-cenn an iarla go Cill dá Lua, & ro crochadh iatt ina c-cúpladhaibh is na crannaibh bá coimhnesa dóibh aghaidh i n-aghaidh.

M1602.11

Iar sccaoileadh & iar m-básucchadh na n-daoíne uasal, & na f-foghladh sin lás an iarla do-chóidh go Luimneach, & as-sidhe go Corcaigh h-i c-cenn an Iustis. Ro fhorchongair an Iustis for an iarla dol go Bérre go t-tribh mílibh saighdiúir a maille fris, dus an c-caomhsadh ammus do thabhairt ar Ua Suillebhán m-Berre, & ar na daoinibh uaisle báttar ina farradh .i. drong do shíol c-Carthaigh, captin Tirial, Mac Muiris Ciarraighe O Concobhair, & Ridire an Glenna. Ni thard an t-iarla i n-eislis an fhorcongra sin, acht luidh reimhe gan anadh gan airisiomh go rainicc Mainistir Bendtraighe i n-duthaigh cloinne Eoghain Uí Shuillebháin. Báttar clann Eocchain ag congnamh lasan iarla i n-aghaidh Uí Suillebháin dóigh do-bhen Ó Suillebháin Dún Baoí & Berre dia n-athair-siomh do bhreith na comhairle toir & abhus, & baoí aga rádha gur bhó dó ro badh dleacht cíos d'faghbháil i m-Benntraighe.

Bá sé ionad a raibhe O Suillebhán co na shlógh an tan sin ag Ceim an Ghabhair


p.2306

etir an armáil don taoibh sin, & dol isteach go Bérre. Ionadh ei-sidhe baoí ina chonair choitchinn do dhol isin tír, & baoí aimhréidh iomchumhang lé gabháil trithe d'armail mhóir na bainrioghna, gion go m-beith gerrtha coilleadh, & talmhan, daoíne, ordanás, & armáil suidhighthe for a c-cionn amhail ro bhaoí an tan sin do gabháil na conaire forra. Baoí an t-iarla i n-gar do shechtmhain i Mainistir Bhendtraighe, & coinne etir é féin & O Suillebháin, & ó nách rangattar i n-gar dia 'roile, & nárb' urusa don iarla ná don armáil in t-slige iomchumhang sin d'amas nó d'ionnsaighidh, do fhágaibh an t-iarla garasún saighdiúiridh i n-Oilén Faoít ré h-aghaidh Uí Suillebháin, & do-chóidh fein tar a ais go Corcaigh h-i c-cenn an Iustis.

M1602.12

Tadhcc Caoch mac Toirrdhealbhaigh mic Briain, mic Donnchaidh mec Mhathghamhna do mharbhadh go teccmhaiseach d'urchor peileir lá a mhach fein i m-Bérre a mí Maii na bliadhna so. Bá h-amhlaidh do-rónadh an marbhadh sin. An President, & iarla Tuadhmumhan, & an gobernóir ciarraigheach .i. Sir Serlus Uelment & tighearnaidhe na Mumhan do neoch bhaoí dhiobh ag congnamh lás an b-prionnsa do thabhairt a n-aighthe uile ar Bhérre, & ar Ua Suillebháin. Tarla do Thadhcc Caoch gur bhen sé long cendaighe amach ar an f-fairrge rias an tan sin. Ro iarr Ó Suillebháin iasacht na luinge sin ar Thadhg dia cur don Spainn do chuingidh cabhra ar rígh na


p.2308

Spainne riasiú nó chingfeadh armáil na bainríoghna fair. Ro ráidh Tadhg ná tiubhradh an long dhó, ar ní bhaoí do dhaingen & do chosnamh aicce air fein, acht an long, & iarna rádh sin dó ro chuir a mhac féin go m-bardaibh ele amaille fris do chosnamh na luinge. Do-chóidh Ó Suillebháin i m-bád do bhuain na luinge amach go h-aimhdheónach & do-rala Tadhcc amaille fris isin m-bád an tan sin. Ro fhuagair Tadhcc dia mhac Toirrdhealbhach, & don bharda Ó Suillebhain co na mhuinntir do dhiúbhraccadh. Do-rónadh leó-somh innsin, & tar gach n-diubhraccadh do tarlaicedh etorra ro amais Toirrdhealbhach Tadhcc d'urchor do pheilér i n-uachtar a chléibh go f-fuais bás isin ochtmadh la iar sin. Ba hé an Tadhcc sin tighearna Corca Baiscinn Iartharaighi co ro h-athchuireadh & go ro h-ionnarbadh as a athardha lá h-iarla Tuadhmumhan tri bliadhna rias an tan so go t-torchair amhail a dubhramar. Ní bhaoí aon triocha chéd d' Érinn na baoí a dhiongmhála do thighearna is an Tadhcc sin, ar láimh, ar thíodhlacadh ar chennach fíona, each, & ealadhan, & dá m-beith duthaigh, nó oidhrecht aicce as é an t-í sin lás a t-torchair rob' oidhre diongmhala dia eisi.

M1602.13

Imthusa iarla Tuadhmumhan iar n-dol dó-sidhe go Corcaigh h-i c-cenn an Iustis as í comhairle ro chinn an Iustis, an t-iarla do thionntúdh doridhisi go slóghaibh lais gusan oilén in ro fháccaibh-siumh garasún ria sin .i. Oilén Faoít, & coblach co n-ordanás do chor timcheall ar muir go rangattar h-i c-comhfhochraibh Dúin Baoí go ro ghabsat caladhport, & gabhaitt oilén dianidh ainm Baoí Bherre, & ro marbadh leó a bharda (im a c-caiptín Risderd mac Rosa mic Connla Meg Eochaccain).


p.2310

Tucsat an cobhlach, a n-arm, & a n-ordanás h-i t-tír ag Dún Baoí go ro gabhsat, & ro tochladh leó díocc dhaingen díthoghlaighi do threinnsi trén láidir ar daigh an

p.2312

bhaile do chaithemh lá h-ordanas. Báttar agá chaithemh athaidh samhlaidh go ro leccadh, & co ro láinbhrisedh an baile leó go talmhuin & go ro marbadh an bharda, & an drong ná ro marbhadh dhíobh ro crochadh iatt ina c-cupladhaibh lá h-iarla Tuadhmumhan.

M1602.14

O Suillebháin imorro iar m-bein an bhaile sin de, do-chuaidh co na buar, & cona bhótháintibh, co na mhuinntearaibh, & co na imirgibh ar cúlaibh a chnoc cenngharbh i n-diamhraibh, & i n-droibhélaibh a thíre. Baoí an t-iarla co na shlócchaibh, & O Suillebháin co na socraide ag caithemh, & ag comhfhuabairt aroile go h-aimsir na Nodlacc. Do-rónsatt an da shluagh sin forbhais & fosslongport aghaid ar aghaidh isin n-Glenn Garbh & bá do dicenn daingin Uí Suillebháin an glend sin. Báttar a dhaoíne ag edarsccarad go h-incleite gan athcomharc la h-Ua Suillebháin. Ro imthigh uadh cettus captin Tirial, & rob' eiccen dó-somh badhéin imthecht gan fhios, gan airiucchadh don iarla ar saoire na Nodlacc. Bá sedh a c-cedna h-uidhe as an n-Glenn Garbh go Baile Muirne, an dara h-oidhche i c-coiccrich duithche Uí Chaoímh & Mhég Amhlaoibh. An tres oidhche i n-Ard Pattraicc. An cethramhadh oidhche ag Sulchóid, an cúicceadh oidhche, & an seisedh oidhche i m-Bel na Coilleadh, an


p.2314

sechtmhadh oidhche h-i Letharach, an t-ochtmadh oidhche i m-Baile Achaidh Chaoín. Ní bhaoí-siomh lá, ná adhaigh in airett sin gan deabhaidh, & diantograim dioghaltach fair, & ro fuilngedh, & ro fregradh go ferrdha fír bheódha lais-siomh innsin. Iar n-dol dó in naomhadh oidhche gusan c-coill dianidh ainm Coill Fhinne, do-rónsat airisiomh fri ré dá oidhche an dú sin. Baoi Donnchadh mac Cairpri Mhec Aedhagáin ina c-comhfhochraibh, & baoí-sidhe acc dénamh dánachta deabhtha, & diubhraicthe ar Ua Suillebháin co na mhuinntir gur bhó h-éiccen a mharbhadh fo dheóidh ar ní fhaomh coscc for comhairle Uí Suillebháin. O ná fuarattar coitedha, ináitt arthraighe ele ineallmha ro marbhaid leó a n-eachraidh ar dáigh a f-feola d'ithe, & d'iomchar, & a c-cadhal croicenn do chor im shiothslataibh slimrighne do dhénamh curach diobh dia n-iomchor tar an Sionaind sriobhuaine (.i. ag Ath Coilleadh Ruaidh)

p.2316

go rangattar gan gabhaidh gan guasacht tairsi go m-battar don taoibh araill i Síol n-Anmchadha. Lottar aissidhe go m-báttar an t-aonmhadh oidhche décc acc Echdhruim Maine. Iar t-torachtain dóibh i-suidhe ro cruinnighsiot na h-iatha & na h-aicmedha roptar coimhnes dóibh rempa & na n-dedhaidh go ro gairsiot dá gach taoibh ina timcheall. Bá do na h-uaislibh rucc forra don chur sin mac iarla Cloinne Riocaird Tomas mac Uillicc, mic Riocaird Saxanaigh, & Mág Cochlain Sean Ócc, mac Seain mic Airt, & Ó Madaccain .i. Domhnall mac Seain, mic Bresail, & a mac Anmchaidh, & dronga deghlamhdha do Shíol c-Ceallaigh, & sochaidhe ele nach airimhtear co na sochraitte uile amaille friu.

M1602.15

Rob' éiccen d'Ua Suillebháin, d'Ua Choncobhair Ciarraighe, & d'Uilliam Burc mac Seain na Semar co na m-becc bhuidhin (uair ní rabhattar-sidhe uile, acht easbhaidh ar tri céd) anmhain acc Echdhruim Ó Maine le h-iomghuin, & ré h-iombualad, cothughadh lé cathlathair, & fromhadh a f-fíorgaiscceadh fris na h-il-chédaibh báttar


p.2318

agá f-forach, & acca f-fírlenmhain. Ro ionnsaigh Ó Suillebháin go ferccach foirniata, go fraochda ferchonta gusan maigin i m-battar na Gulla, ar as riú bá h-uille a aincridhe & a aininne, & ní ro airis gusan ionadh ina f-facaidh a t-toísech go ro díchendaigh go dian deghthapaidh an saor ghall sin lais .i. Mac captin Malbei. Ro sraoíneadh iaramh ar an tecclamadh slóigh sin go ro marbadh líon dírímhe díobh. As ing ma do-rónsat an urdail do bhuidhin chuirthe ciainsiublaigh, & a t-tegmhail i n-eittirmhedhón a namhatt, samhail a n-deirgheinset dáithes ag cosnamh a n-anma & a n-oirdearcais an lá sin. Tiagait assidhe iar mór ghaibhthibh iar t-triall a m-brath, & a mairnte forsna conairibh go rangattar go h-Ulltoibh.

M1602.16

Mac Conmara Fionn, Sean mac Taidhcc, mic Conmeadha d'écc, 24. do mhí Fhebhru & Domhnall a mhac do gabh a ionad.


p.2320

M1602.17

Toirrdealbhach mac Mathghamhna, mic an espuic Uí Bhriain do mharbhadh hi Maineachaibh le Sean a Búrc mac Riocaird, mic Seain ó Dhoire mec Lachtna.

M1602.18

Mac Bruaidedha, Maoilin Ócc, mac Maoilin, mic Conchobhair d'écc an lá déidhenach do mhí Dhecember. Ní bhaoí i n-Erinn i n-én pearsain Senchaidh, file, & fer dana do b'ferr inás. Asé do chum na duanta senchasa so i n-dán díreach.

  1. Cuirfett cumaoín ar Cloinn Táil.
  2. Tucc damh taire a Insi an Laoígh.
  3. Aithin meisi a Mhég Cochláin.
  4. Tabhram an chuairt-si ar Cloinn Chais.
  5. Deóraidh sunna Sliocht Cathaoir. &
  6. O cethrar gluaisid Gaoidhil. &c.

M1602.19

Sluaiccheadh lá Niall n-Garbh Ua n-Domhnaill go n-Gallaibh & go n-Gaoidhealaibh amaille fris as an Fhraochmagh i t-Tir Eoghain ar foráilemh an Iustis baoi hi


p.2322

f-forbhaisi for Oilén an Fhraochmaighe an tan sin go ro crechadh lais Corbmac mac an bharúin derbhrathair Uí Néill, & an Busdúnach, & siar gusan Machaire Stefanach go t-tartt airccthe, & creacha iomdha lais gusan f-Fraochmhaigh d'ionnsaighidh an Iustis.

M1602.20

Sloiccheadh ele lá Niall Ua Domhnaill do Ghallaibh, & do Ghaoidhelaibh ina fharradh go Breifne Uí Ruairc go t-tucc buar dí-rimhe lais.

M1602.21

King Semus do ríoghadh i n-ionad na bainríoghna Elizabeth an cethramhadh lá fichet do Mharta, 1602, do réir airmhe na Saccsan, & do reir rímhe na Romhan as 1603. & as ei-sidhe an seiseadh Sémus do rioghaibh Alban


p.2324

M1602.22

Imthusa Í Neill & na n-Gaoidheal ro ansat i n-Erinn iar maidhm Cinn t-Sáile, bá sedh ro thioncoiscc, & ro aithin Ua Domhnaill Aodh Ruadh díobh ria n-imtheacht dó don Spainn calma do dhénamh acc cosnamh a n-athardha fri Gallaibh go t-tíosadh-somh sochraitte lais dia f-fóirithin, & airisiomh isin iomshuidhe i m-báttar ar ro badh becc a t-tesbaidh gé ro meabhadh forra. Ad-bert friu dna nár bhó h-urasa dóibh iompudh ineallmha dia t-tír dia madheadh ro badh lainn leó, ar nó beittís a naimhde & a m-bíodhbhadha agá t-tóraigheacht, & acca t-toccraim, & an drong robtar grádhach carthanach impa acc tocht dóibh don Mumhain, gomdís misccnech miorúnach iad-sidhe dóibh ag tionntúdh dia t-tíribh, & go m-beittis aga f-fuabairt, & acc dénamh a n-édala, & acc cluiche & acc fanamhatt impaibh.

Ní ro ghabhsatt tra maithe Gaoidheal an chomhairle sin, & ní dhearnsat fair an ro chuinnigh chuca ó na baoí fein etorra. Acht as edh ro chinnsiot tionntúdh dia t-tíribh. Lottar iaramh ina m-brédibh slóigh gan cennas uadhaibh d'aoin tighearna acht gach tighearna, & gach toíseach fó leith co na thairisibh, & co na mhuintir dhílis ina lenmhain. Monuar amh níor bhó h-ionann menma, & meisneach, brígh & borrfadh, báigh, & barann do na Gaoidhealaibh ag filledh ina f-frithing an tan sin, & amhail ro bháttar ó thús acc dol for an eachtra sin. Ro fíoradh forchanta na flatha Uí Dhomhnaill, & gach ní ro thairrngir dóibh, ar ní namá ro choimhéirghettar a m-bíodhbhadha bunaidh ina n-aghaidh rempa, & ina n-diaidh do chathucchadh friú, acht ro éirghettar an t-aos carattraidh, & coimhchengail, & a c-comhrannta coccaid go m-báttar ag deabhaidh & acc diubhraccadh forra in gach conair iomchumhaing trés ar chingsiot. Nír bhó h-urusa dia n-aireachaibh & dia n-uaislibh dia n-óccaibh


p.2326

& dia miledhaibh anacal & imdeghail a muintire ar fhod na slicchedh baoí rempa & lá h-iomat a n-esccarat, lá doininn & lá deartan na gairbhsine geimhreatta ar bá deireadh geimhridh do shonradh baoí ann an tan sin. Ar a aoí chena rangattar iar mór ghaibhtibh dia t-tíribh gan écht oirdheirc d'fágbháil, & ro ghabh gach tighearna tíre aca ag imdhíden a athardha amhail as ferr ro fhéd.

M1602.23

Rudhraighe dna Ó Domhnaill mac Aodha mic Maghnasa bá h-aicce-sidhe ro fháccaibh Ó Domhnaill (an adhaigh ré n-imtheacht dó) cennas a mhuintire, a thíre, & a thalmhan, & gach neithe ro badh toich dhó go t-tíosadh-somh ina frithing doridhisi, & ro aithin d'Ua Neill, & do Rúdhraighe gomdís carattrach fri aroile amhail ro bháttar-somh fein ina n-dís. Ro thingheallsat dó-somh innsin.

M1602.24

Ro iadhsatt Cenel c-Conaill iarttain im dhamhna a f-flatha gér bhó sccaradh cuirp fri h-anmain lá a n-urmhór edarsccaradh fris an t-í ro badh cuingidh & ro badh forlamhaidh forra gó sin. Ro ghabh tra mac Ui Domhnaill Rudhraighe acc réimshéducchadh a muintire co seitreach síorchalma in gach conair dodhaing do-imtheachta, in gach gábhaidh, & in gach guasacht do-rala dóibh ó do fhágaibhsiot Cenn t-Sáile go rangattar i n-urthosach earraigh go h-Iochtar Connacht airm i rabhattar buar, & brugadha, crodh, & cethra Cheneoil c-Conaill seachnóin na tíre isin c-Corann h-i Luighnibh, & h-i t-Tír Fhiachrach Muaidhe. Bá maith an buachail & an taoghaire do riacht cuca-somh annsin, ar gér bhó h-iomda crodh coiccriche ro fhaccaibh Ó Domhnaill agá mhuintir acc sccaradh friú, ní ro léicc Rudhraighe a n-athchumaoín uadha dia aimhdeoin do shaighidh nach tíre as a t-tuccadh iatt, dóigh ro shern, & ro shrethnaigh a amhsa, & a óccbhaidh for bernadhaibh baoghail, & for enaighibh eisinnile na criche co ná lamhtha tocht thairsibh d'foghail no d'inghreim neich dia mhuintir-siomh.

M1602.25

Baoí dna Ó Gallchubhair Eoghan mac Seain acc iomchoimhétt Baile an Mhótaigh ó Ua n-Domhnaill o ro triall isin Mumhain gusan tan sin, & ó do riacht Rudhraighe chuca do-bhert an baile n-dó co m-baoí for a chumas.


p.2328

M1602.26

Caistiall Bheóil Atha Senaigh i m-báttar iomchoimhéda ó Ua n-Domhnaill do ghabháil lá Niall n-Garbh Ua n-domhnaill, & lá Gallaibh iar ná bhriseadh, & iar ná bhlaidhrébadh lá gonna mór do-beartsat chuicce, & an barda do tearnúdh as ar eludh ó na baoí cobhair ná comhfhurtacht i c-comhfhoccus dóibh & bá isin earrach do shonnradh do gabhadh an caistiall h-íshin.

M1602.27

Inis Saimhér & Inis meic Conaill do gabháil lá h-Aodh m-Buidhe mac Cuinn Uí Dhomhnaill, & Corbmac mac Donnchaidh Óicc Mhég Uidhir do ghabháil lais bheós.

M1602.28

Niall Garbh co na dearbhraithribh, & go n-Gallaibh do dhol i n-artraigibh for Loch Eirne go ro gabhadh, & go ro briseadh leó Inis Ceithlenn. Ro gabhadh leó din Daimhinis, & Lios Gabhail, & ro fháccaibhsiot bharda indibh.

M1602.29

Mac Suibhne Baghaineach, Donnchadh mac Maoilmuire do thocht d'ionnsaighidh Neill Uí Domhnaill & na n-Gall. Niall, & Mac Suibhne do thochar ré druing do Shiol Uidhir, & do Chloinn Chaba dia ro marbhadh sochaidhe & Brian mac Dubhghaill Még Caba do gabhail leó.

M1602.30

Oilén Cille Tighearnaigh h-i Fearaibh Manach do gabhail lá Domhnall mac Cuinn Uí Dhomhnaill, & édala iomda do thabhairt as.

M1602.31

Creach lá h-Aodh m-Buidhe mac Cuinn Ui Dhomhnaill for Tuathal mac Feilim Duibh Uí Neill i n-duthaigh Sleachta Airt Ui Neill.

M1602.32

Sir Oliuer Lambert do theacht sluagh mór do Ghallaibh & do Gaoidhealaibh isin t-samradh do shonradh go Slicceach, & báttar h-isuidhe hi f-forbhaisi for


p.2330

Rudhraighe Ua n-Domhnaill baoí alla thuas díobh, & for Iochtar Chonnacht ar chena dus an t-táirsidís ní dá n-édalaibh. Do-dheachaidh umorro Cathbharr mac Aodha Duibh Í Domhnaill go ro chengail a chura & a mhuinnterus lá Sir Oliuer. Bá h-ann baoí airisiomh & dúnarus Cathbhairr an tan sin i n-Dun Aille don leith aniar do Shlicceach. Ass edh ro triall Sir Olibher, & Cathbharr co na shlógh dol d'iarraidh creach & edala go Fearaibh Manach. O ro clos lá Rudhraighe Ua n-Domhnaill an tertriall sin bá doiligh lais a aos codaigh & caradradh do ionradh gan tocht dia f-furtacht dia t-tiosadh de & do-choidh do shaighidh Uí Ruairc (Brian Ócc) da iarraidh fair tocht ina shochraitte ar co t-tochradh frisna Gallaibh isin c-conair in ro badh dóigh lais a f-fagbháil i n-edarbhaoghal, & ro chuinnigh fair beós congnamh lais isin c-coccadh go t-tíosadh O Domhnaill do chobhair Gaoidheal, & dúnadh daingen díthoglaighi dia bhailtibh nó bhiadh na ionad cumsanta agá aos gonta & athgaoithe, einirti, & easláinte, & dna fris sin go ro léicceadh a mhuintir co na c-crodh, & cethraibh chucca ina tir. Ro ob Ó Ruairc mac Uí Dhomhnaill im gach ní ro shir fair. Bá méla, & bá h-athais lais-siumh a éimghedh idir, conadh eadh do-róine ó na baoí coimhlíon slóigh ris na Gallaibh airisiomh ag imdheghail a mhuintire badhéin.

M1602.33

Dala Sir Oliuer do-chóidh-sidhe & Cathbharr co na t-tionól go ro creachadh leó ina m-baoí ina c-comhfhoccus do Fearaibh Manach, & do-beartsat éttala iomdha leó, & imsuidhsiot dia t-tighibh.

M1602.34

Ro h-aisneidheadh do Sir Oliuer an tertriall do-róine Rudhraighe Ó Domhnaill, & amhail ro chuinnigh for Ua Ruairc tocht lais dia toirmescc-somh don turus rémhebertmar. Ro mhédaigh a aincridhe ní bádh uille fris as a los gonadh aire sin ro thóchuir fuilleadh slóigh a h-Athluain ina dochum do dhioghail a mhisccne for Rudhraighe. O'd-chualaigh Rudhraighe go m-battar Goill Atha Luain ag tocht don leith anuas dia ionnsaicchidh, & Goill Shliccigh don leith ele, Ro tiomaircedh a chrodh & a cethra, a innile, & a airnéis lais tar Coirrshliabh na Seghsa h-i Maigh Luircc, as-sidhe tar Sionainn h-i Muintir Eolais, & co Sliabh an Iarainn h-i c-Conmaicne Réin co na tarthaiter Goill ní díobh, & go ro iompaídhsiot Goill Atha Luain dia t-tighibh gan nach cosccar don cur sin. Do-thaodsat muintir meic


p.2332

Ui Dhomhnaill co na c-crodh for c-cúlaibh doridhisi gusna h-áitibh as ro fhógluais-siot .i. gusan c- Chorann go Luighne, & co Tír Fhiachrach.

M1602.35

Do-chóidh umorro Rudhraighe budhéin go líon a thionoil go ráinicc go h-Oilén Locha h-Iasccaigh alla toir do Dhún na n-Gall airm a m-battar bardadha Uí Dhomhnaill, & in ro fáccbhadh Ua Concobair Sliccigh h-i laimh o ro gabadh ei-sidhe lá h-Ua n-Domhnaill go deireadh an t-samhraidh h-ísin. O do riacht-somh don bhaile báttar faoíligh a mhuintir riamh. Ro thingeall Ó Conchobhair a óighriar do mac Uí Dhomhnaill, & iar naidhm a c-cor & a c-connartha fri aroile ro léicc Ua Conchobhair a geimheal, & do-dheachattar iaramh tar anais h-i c-Connachtaibh.

M1602.36

I n-eacmhaing na ree sin .i. Isin f-foghmhar do shonradh ro thionoilsiot Goill Rossa Comáin, & Uachtair Chonnacht sluagh mór do thocht for Rudhraighe Ua n-Domhnaill doridhisi, & ní ro h-anadh leo go rangattar go Mainistir na Búille. Ro tecclamadh slógh n-aile lá Rudhraighe, & lá h-Ua c-Conchobhair ina c-comhdháil go riachtattar tar Coirrshliabh go ro ghabhsatt longport fo erchomhair an bhaile don taoibh araill. Do-bertsat a muinteara co na crodh, & co na c-cethraibh iarna c-cul ó Mhagh Uí Ghadhra h-i c-Cúil Ó f-Finn, gusan c-cend thoir do Coirrshliabh, ar bá h-omhan leo na Goill báttar h-i Sliccech dia c-creachadh dia n-éis dia m-beittis i n-eittirchéin uadhaibh. Báttar athaidh amhlaidh sin aghaidh i n-aghaidh h-i f-foichill aroile. Ro gonadh & ro loiteadh daoíne iomdha etorra in airett báttar isin mainistir. Bá cian lás na Gallaibh báttar an tucht sin gonadh edh ro chinnset ionnsaighidh an Bhealaigh Bhuidhe for Rudhraighe, & for Ua c-Conchubhair, & dol tharsa dia n-aimhdheóin. Ro freslaid & ro friotháilitt lás na Gaoidhealaibh uair ro ficcheadh sccainnear chródha etorra go ro marbhadh ile do na Gallaibh, & gur bhó h-eiccen dóibh fó dheóidh filleadh ina f-frithing iarna mélachtnucchadh go mór. Fáccbhaitt an mainistir iaramh, & do-dheachattar tar anais go Ros Comáin.

M1602.37

Du-s-ficc Rudhraighe & Ua Conchobhair tar Coirrsliabh, & ro ghabhsatt foslongport ag Esdara h-i f-forbhaisi for na Gallaibh báttar h-i Slicceach. Feacht ann du-s-narthaiter foirend do na Gallaib rémráite ag béin arbha, & glasgort


p.2334

an tíre ar níor bhó saidhbhir lóin iad-sidhe, & ro mudhaighit leó fó cédóir. Do-rónsat osadh míosa fri aroile iarttain.

M1602.38

Ro thocaithsiot samhlaidh go h-urthosach geimhridh go ro chuir Lord Leutenant general coccaidh na h-Ereann (.i. Charles Blunt .i. Lord Mountioy), teachta & sccribhenn do shaicchidh Rudhraighe Uí Domhnaill dia aslach fair teacht fó shíth, & caonchomhrac. Bá h-eedh a t-tothacht dia rádh ris gur bhó h-iomairccidhe dó gé nó dhiccsedh fó sídh & cháirdine, & ro badh aithreach lais muna thíosadh ittir, uair do ruacht sccéla chuicce-siomh go ro écc Ua Domhnaill derbrathair Rúdhraighe isin Spáinn, & go n-deachaidh an coccadh do leithleith dia oidheadh, & ro badh toghaoís, & ro badh mealladh mór dó muna dearnadh sídh friusumh a t-traitte.

O ro h-airléugaitt na litre ro gairmit a chomhairligh go Rudhraighe dus ciodh do dhénadh & ro ghabh ag crúdh a chomhairle friú. Báttar foirenn díobh agá rádha nár bhó fír écc Uí Domhnaill, & gurab dia bhréccadh & dia thogaothadh-somh, & dia accomhal fri dligheadh ro d'olbhadh an sccél sin chuicce. Do bháttar drong ele agá rádh gur bhó fíor, & gur bhó degh-comhairle an t-síth do gabhail an tan ro bás aga h-aslach forra conadh fair ro h-anadh leó fó dheóidh ei-ssiumh & Ua Conchobhair Sliccigh do dhol go h-Áth Luain do naidm a siodha fris an n-general. Tiagaitt iarttain, & ro fiadhaighitt lasin n-general, & do-ratt onóir & airmhittin mór do mac Uí Dhomhnaill, & do-róine sídh fris a h-ucht an righ, & ro naidhm a chairdes fris-siumh sainrith. Comhairléiccis dó iaramh dol dia athardha diamadh lainn lais.