Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1423

M1423.0

AOIS CRIOST, 1423.

Aoís Criost, míle, ceithre chéd, fiche, a trí.

M1423.1

Concobhar O Coineoil epscop do écc.

M1423.2

O Beolláin comarba Droma Cliabh do écc.


p.858

M1423.3

Muiris mhac Matha mec Osgair Mhég Uidhir airchi-deochain Clochair, & pearsún Achaidh Urchair, tighearna Claoíninsi & Rossa Airthir d'eg an. 6. Callainn maii.

M1423.4

Toirrdhealbhach mac Nell Ghairbh Uí Dhomhnaill tighearna Tire Conaill Cenél Moáin & Insi h-Eoghain, fear síothchanta sochonaigh, soineamhail d'écc i n-aibit manaigh i Mainistir Eassa Ruaidh iar m-buaidh ongtha & aithrighe.

M1423.5

Sloighedh lá h-Ua Nell .i. Domhnall, & la h-Ua n-Domhnaill, .i. Niall, & lá h-Eoghan mac Néill co n-Gaoidhealaibh Uladh archena do shoighidh Gall. Aseadh lotar cetus co Traigh Bhaile co Machaire Oirghiall go Lughmagh, & assidhe gusan Midhe. Tucsat deabhaidh d'fior ionait rígh Saxan, & ro marbadh (.i. la Maol Muire Mac Suibhne Connachtach consapal Ui Domhnaill & as laisidhe ro briseadh for Ghallaibh) an ridire ba tuairgnidh catha do Ghallaibh co n-druing mhoir (ced ba seadh lion torcair) imaille fris dia mhuintir, & fuairset édala aidhble don turus-sin. Do-ghniad iaramh sith re Gallaibh, & fagbhaid Traigh Bhaile & a m-baoí ina c-comhfochraibh do Ghallaibh fó chíos doibh as a h-aithle.

M1423.6

Caislén Atha Seanaigh do dhénamh lá Niall mac Toirrdhealbhaigh Uí Dhomhnaill.

M1423.7

O Ceinnéittigh Find tighearna Urmumhan do ecc.

M1423.8

Faolán Mac an Gobhann saoí senchadha do écc.


p.860

Annal M1424

M1424.0

AOIS CRIOST, 1424.

Aoís Criost, míle, cethre chéd, fiche, a cethair.

M1424.1

Concobhar O Ferghail easpucc Conmaicne fer co n-airmittin, & co n-onoir, go n-aithne, go n-eolas go n-deserc, & go n-donnacht do écc.

M1424.2

Giolla Iosa mac Briain Még Tighearnáin adhbhar taoisigh Teallaigh Eachdhach fear thighe n-aoidheadh coitceinn d'écc iar m-buaidh n-aithrighe.

M1424.3

Donnchadh mac Maoíleachlainn Uí Cheallaigh tighearna Ua Maine do mharbhadh d'urchor do soighit occ ettráin a mhuintire fein for aroile.

M1424.4

Coccadh mór eitir Muintir Ruairc i n-diaidh Aodha Buidhe Uí Ruairc. Tadhg mac Tighearnáin Uí Ruairc do dhenamh síodha le Muintir Raghallaigh & re h-Eoghan mac Seaain Uí Raighailligh, & tighearnus na Breifne do thabhairt co h-iomlan do Tadhg iar t-tabhairt ionnsoighidh dhó ar Art co Magh Argaidhe gur ro loisgeadh an baile lais, & Art do thabhairt úmhla dhó iar m-beith i frithbheart fri aroile fri ré ceithre m-bliadhan gó sin.

M1424.5

Maoileachlainn Mac Caba consabal an da Breifne & Fer Manach, & Oirghiall d'écc don phláigh.

M1424.6

Saxanaigh iomdha do thecht i n-Erinn la h-iarla Urmumhan, & nert mor do techt i n-Gallaibh de-sidhe. Crecha mora do denamh lasin iarla, la a Saxanchoibh, & la Gallaibh na Midhe ar Mhachaire Arda Macha, & ar Mhachaire Mucnamha. Indsaigidh


p.862

ele do denamh leó ar Mág Aenghusa. Caislén Locha Bricrenn, caislén Még Aengusa do briseadh lesan iarla, & lasna Gallaibh remráite & consabal gallóglach Mhég Aenghusa do mharbhadh leó, & lucht iomchoimheda an chaisléin uile d'urmhór. Cogadh & combuaidhreadh mór do beith i c-coigeadh Uladh ó Ghallaibh don chur-sin. Maithe an choigidh im Ua Néill, & im Ua n-Domhnaill Niall, & im Eoghan Ua Néill eitir tigearna & urrigh & taoiseach do thionól re h-aghaidh Gall. Sochaidhe do maithibh an choiccidh do dhol i c-cléith Gall ar an c-coccadh-sin, .i. Mac Uí Neill Bhuidhe, Ó h-Annluain, & Maghnus Mág Mathgamhna. Mag Aenghusa do indarbadh as a thír la Mac Uí Neill Bhuidhe & la Gallaibh, & a theacht i c-cend Ghaoidhel an choiccidh.

M1424.7

Mag Aenghusa .i. Aodh do ecc don teidhm, & a mhac Ruaidhri d'oirdneadh ina ionadh.

M1424.8

Mac Uilliam Cloinne Riocaird, Uillecc A Búrc, do écc ina tigh fein iar m-buaidh o dhemhan & domhan.

M1424.9

O Ceallaigh tighearna Ua Maine, .i. Donnchadh mac Maoilechlainn, mic Uilliam, mic Donnchaidh Mhuimhnigh do marbhadh la cloinn Uilliam Ui Cheallaigh le cloinn a dherbhrathar fein ag tabhach a tighearnais forra.

M1424.10

Maol Muire Mac Suibhne Consapal Tire Conaill, rinn chosanta & chalmachta an chóiccidh do écc.

M1424.11

Giolla Iosa mac Briain Mec Tighearnain taoiseach Theallaigh Dunchadha do écc.

M1424.12

Iarla of Mars .i. fer ionaid an Righ do theacht ind Erinn fo fhéil Michil, & Goill Ereann ag freccra dó.

M1424.13

Ruaidhri Mhac Suibhne mac Meic Suibhne Connachtaigh do marbhadh le Cathal


p.864

n-Dubh Ó c-Concobhair & Gallocclaigh eile genmothá-somh. Concobhar mac Muirceartaigh mic Cathail mic Aodha Breifnigh Uí Choncobhair do marbhadh don chur-sin.

Annal M1425

M1425.0

AOIS CRlOST, 1425.

Aoís Criost, mile, cethre chéd, fiche, a cúicc.

M1425.1

An t-epscop Toimíneach, .i. Tomas mac Uilliam Duibh mic Maigeog do écc seachtmain ria f-feil Brighde fer lan d'eccna & d'eolas & d'aithne isidhe.

M1425.2

Iarla of Mars, fer ionaidh Righ Saxan i n-Erinn do écc don plaigh im Fheil Brighde.

M1425.3

O Neill & Eoghan O Neill, Neachtain O Domhnaill, & Mac Uí Neill Buidhe, Mac Uidhilin, Mac Domhnaill Gallocclach, & O Meallán maor Cluicc an Udhachta Phatraicc do-rala i t-tigh an iarla do gabhail la Lord Furnaual .i. iarla Saxanach iar n-ecc iarla of Mars, & na maithe-sin do breith lais i l-laimh go h-Ath Cliath.

M1425.4

O Maoíl Muaidh .i. Niall mac Ruaidhri, tighearna Fer c- Ceall do ecc.

M1425.5

Ri Alban .i. Muiredhach Stiuard, & a mhac .i. Ualtar Stiuard, & Murmóir


p.866

Lemhna do mharbhadh le Righ Alban .i. mac An Righ Bhacaigh, & mac ele an Righ .i. Sémus Stiuard & Clann Murmoir Lemhna da ionnarbadh-somh ind Erinn.

M1425.6

Eoghan O Neill do fhuaslaccadh o Ghallaibh.

M1425.7

Brian Ballach mac Uí Nell Bhuidhe, aein-fhear ro ba fearr eineach & tiodhlacadh, aithne & eolus i n-ealadhnaibh examhlaibh dá raibhe a c-comhaimsir fris do mharbhadh la bachlachaibh na Cairrcce, & Seaan mac Enrí Uí Nell do mharbhadh imaille fris.

M1425.8

Gormlaidh ingen Domhnaill Uí Concobhair ben Tighearnáin Uí Ruairc d'ég iar n-aithrighe.

M1425.9

Tadhg Ua Fallamhain taoíseach Cloinne h-Uadach do mharbhadh i fell ina caislén fein dia bhraithribh.

M1425.10

Ruaidhri Ruadh Ua h-Uiginn saoí fhir dhana esidhe d' écc.

M1425.11

Mag Craith, .i. mac Floinn Meg Craith ollam Tuadmumhan le dan saoí shona shaidhbir do écc.

M1425.12

Mac A Ghobhann na Sccél ollamh Uí Lochlainn Chorcu Mruadh le seanchus, .i. Tomas mac Giolla na Naomh Mic A Gobhann do écc.

M1425.13

Brian Garbh & Maghnas da mhac Mhec Dhonnchaidh Thíre h-Oilella .i. Maol Ruanaidh mac Taidcc Mec Donnchaid do marbhadh la cloinn Catail Mec Donnchaidh .i. clann derbrathar a n-athar.

Annal M1426

M1426.0

AOIS CRIOST, 1426.

Aoís Criost, míle, ceithre chéd, fiche, a Sé.

M1426.1

Neachtain O Domhnaill bai i l-láimh ag Gallaibh d'fuaslaccadh d'Ua Domhnaill dia dhearbhrathair .i. Niall. Nír' bó h-urusa a riomh no a áiremh a t-tuccadh d'ionnmus as la taobh braghat ele do fagbhail dia éis.


p.868

Toirrdhealbhach O Domhnaill do faccbadh in ionad Neachtain do éludh o Ghallaibh, & cethrar do braigdibh ele amaille friss.

M1426.2

O Conchobair Ruadh, Toirrdhealbhach mac Aodha mic Felim, fear millte & cosanta Connacht saoí ar aithne & ar eolus gacha h-ealadhan do écc iar m-buaidh n-aithrighe iar m-breith buadha o doman & ó dheamhan.

M1426.3

Fedhlimidh mac Muirceartaigh mic Domhnaill mic Muircertaigh Uí Concobhair do écc. Adbar tighearna Iochtair Connacht eisidhe.

M1426.4

Conchobhar O Briain tighearna Tuadhmuman d'écc iar sendataidh satharn casg, & Tadhg mac Briain Uí Bhriain do oirdneadh ina ionad.

M1426.5

Toirrdhealbhach mac Mathghamhna Buidhir tighearna Corca Baisscinn do mharbhadh & do losccadh lá a braithribh fein ar greis aidhche, & é cian-aosda.

M1426.6

Conchobhar Crom mac Taidhg Uí Ruairc d'écc.

M1426.7

Ruaidhri (.i. Mag Aengusa) mac Aodha Meg Aongusa do mharbhadh ina tigh fén lá Brian Mag Aonghusa.

M1426.8

Enri .i. Caoch, mac Uí Néill Bhuidhe do dhalladh la a bhraithribh .i. clann Briain Bhallaigh mic Uí Neill Buidhe.

M1426.9

Tadhg Mac Gille Finnén & a mhac do mharbhadh, .i. Aodh lá h-Art mac Eoghain Uí Nell.

M1426.10

Ua Duibhgennáin Cille Ronain, .i. Pilib mac Dauidh d' écc, ollamh Cloinne Maol Ruanaidh le senchas eisidhe.

M1426.11

O h-Eilidhe Mór, .i. Concobhar Caoch O h-Eilidhe do écc.

M1426.12

Sith do denamh do Clandaibh Neill re 'roile, .i. d'Eoghan & d'Ua Neill, & Eoghan do dhol i t-tegh Uí Neill, & gach ferann da m-baoi ina n-eccmais re fedh a n-aimhreitigh do beith aga tabach aca.

M1426.13

Cian mac Giolla Oilbhe Mhicc A Gabhann saoí shenchadha, & fear tighe n-aoídheadh coitcinn do marbadh do preip eich.

M1426.14

Bebhinn inghen Tigernain Ui Ruairc ticcerna Breifne do ecc.

M1426.15

Risdeard Mac Siurtain na Coille do gabháil la h-Eoghan mac Uí Fhlaithbeartaigh, & a thiodhlacadh do Mhac Siurtáin Duibh go ro milleadh lais.


p.870

M1426.16

Feradhach mac Briain Uí Ceallaigh do écc don plaigh.

M1426.17

Seaan mac Mec Feorais do marbhadh le Tomas mac a dherbrathar fein.

Annal M1427

M1427.0

AOIS CRIOST, 1427.

Aoís Criost, míle, ceithre chéd, fiche, a seacht.

M1427.1

O Maoil Muaidh, Ferghal, tighearna Fher c-Ceall do écc, & Ruaidhri mac Neill Uí Maoíl Muaidh do oirdnedh ina ionadh.

M1427.2

Ruaidhri Ua Duinn taoiseach Ua Riaccain do ecc.

M1427.3

Domhnall mac Airt mic Giolla Crist Ui Ruairc do ecc.

M1427.4

Murchadh mac Toirrdhealbhaigh mic Murchaidh na Raithnighe Uí Bhriain do mharbhadh lá a dhearbhrathair fen.

M1427.5

Diarmait Ua Mathghamhna tighearna an Fhuinn Iartharaigh saoí dheigh-einigh nar ér neach im ní d'écc iar m-buaidh n-aithrighe.

M1427.6

Corbmac Ócc Mac Diarmada d'écc.

M1427.7

Catairíona ingen Ardghail Mhég Mhathghamhna ben Uí Neill .i. Eoghain mic Néill Óicc d'écc.

M1427.8

Una inghen Aedha Meg Uidhir ben Uí Ruairc, .i. Taidhg ben bá fearr oineach derc & crabhaidh do baoí i n-Iochtar Connacht ina h-aimsir d'écc i n-deireadh an chorguis.

M1427.9

Ferghal Mac Tighearnáin adhbar taoisigh Teallaigh Dúnchadha d'écc.

M1427.10

Brian mac Ferghail Mec Samhradhain mac taoisigh Teallaigh Eachdhach d'ecc.

M1427.11

Brian Ua Daimhin taoiseach Tire Ceannfhoda d'écc.

M1427.12

Aine inghen Uí Bhirn bean Meg Raghnaill (.i. Sefraidh) d'écc.

M1427.13

Mac Domnaill mic Mathgamhna Duinn Uí Ceinneittig tighearna Urmumhan Uachtaraighe do mharbhadh do Ualtar Topín d'aon urchor gae.

M1427.14

Sluaigheadh la Niall O n-Domnaill .i. Ó Domhnaill tighearna Tíre Conuill i t-Trian Conghail i n-aghaidh Uí Néill do corgnam la cloinn Mheic Uí Neill Bhuidhe. Maidhm do thabhairt la h-Ua n-Domnaill ar Mac Uidhilin don dul-sin, & sochaidhe


p.872

mor dia mhuintir do mharbhadh ann, & da mhac Donnchaidh Mec Suibhne baoi ag congnamh la Mac Uídilin do gabhail la h-Ua n-Domnaill. Crecha mora & edala aidble do beith ag muintir Ui Domhnaill & ag muintir cloinne Mheic Uí Neill Bhuidhe isin ló-sin.

M1427.15

Sluaigheadh la h-iarla Urmumhan i Muintir Maoil Mordha, baile Uí Raghailligh do losccadh lais, & an caislén do brissedh.

M1427.16

Aodh O Maille .i. mac Diarmata, adbar tighearna Umhaill do dhol ar loinges i t-Tír Conuill, & a marbhadh d'aon urchor saighde ar deireadh a mhuintire ag teacht dochum a luinge.

Annal M1428

M1428.0

AOIS CRIOST, 1428.

Aois Criost, míle, ceithre ched, fiche a h-ocht.

M1428.1

Mac Murchadha .i. tighearna Laighen .i. Donnchadh mac Airt Chaomhanaigh baoi i l-láimh i Saxoibh fri ré naoí m-bliadhan do fhuaslaccadh dia chúiccedh fein, & ba sccél sochair do Ghaoidhealaibh indsin.

M1428.2

Diarmait Ua Cathain tighearna Ciannachta & na Craoibhe fer lán do rath & do onoir do écc.

M1428.3

Roibeard comhorba Caillin d'écc.

M1428.4

Aodh an Einigh mac Pilib Meg Uidhir fer ro badh mó clú & oirdearcus einigh dá m-baoí h-i comhaimsir fris d'ecc h-i c-Cind Sáile an chéd oidche táinic i n-Erinn iar n-denamh turais S. Sem an treas idus augusti iar n-aithrighe diocra ina pheacthaibh. Tomás Ócc Mag Uidhir baoí ina fharradh do thabhairt a chuirp lais co Corcaigh, & a adhnacal innte.

M1428.5

Ma Con Mara taoíseach Cloinne Cuiléin saoí dercach deigh-einigh fear ro choisc merle & goid, & tucc sidh & sáimhe ina dhuthaidh d'écc.

M1428.6

Corbmac Ua Birn taoíseach Tíre Briúin d'écc

M1428.7

Aodh Og Mhag Uidhir .i. mac Aodha do mharbhadh lá Mac Gille Finnéin & lá cloinn Donnchaidh Bhallaigh Mhég Samhradháin.

M1428.8

Caislen cloinne Aodha Mhég Uidhir do gabháil la Mág Uidhir & la a chloinn, & clann Aodha do chur as in tír amach, & a muintir do argain go lom.


p.874

M1428.9

Seaan mac Tomáis Uí Raighilligh do mharbhadh i meabhail la a chlannmaicne fein.

M1428.10

Gillibeart Ua Flannagain adbhar taoisigh Tuaithe Rátha do écc.

M1428.11

Indsaighidh do denamh la Mac Siurtain d'Extra, & la Seaan Mac Oisdelbh i t-Tir n-Amhalgaidh ar Thomás Barett, & ar chloinn Meic Baitin, & creacha do denamh doibh, Risderd Barett do marbhadh i t-tóraighecht na creiche-sin, & Sean Fionn Mac Oisdelbh do mharbhadh don chur cedna.

M1428.12

Henri Barett Mac Baitin do écc.

M1428.13

Iomhar mac Emainn Meg Raghnaill adhbar taoisigh Muintire h-Eolais do marbhadh la Cathal mac Meg Raghnaill.

Annal M1429

M1429.0

AOIS CRIOST, 1429.

Aóis Criost, míle, ceithre chéd, fiche a naoí.

M1429.1

Semus Stiuard Mac Rígh Alban, & rioghdhamhna Alban beos iarna indarbadh a h-Albain i n-Erinn do écc, iar t-techt loingis ó fheraibh Alban for a chend dia Ríoghadh.

M1429.2

Niall O Dochartaigh taoíseach Arda Miodhair do écc.

M1429.3

Grainne inghen Neill Mhóir Uí Neill ben Uí Dhomhnaill .i. Toirrdhealbhach an Fhiona, do écc.

M1429.4

Ua Flannagan Tuaithe Ratha .i. Giolla Iosa do mharbhadh la cloinn Aodha Még Uidhir ina thigh fein ar greis oidhche.

M1429.5

Coccadh eitir Ua Ruairc, Tadhg, & Ua Raighilligh .i. Eoghan. Clann Mathghamhna Uí Raighilligh & Gaill na Midhe do eirghe i n-aghaidh Uí Raighilligh la h-Ua Ruairc, & baile Uí Raighilligh do losccadh leó. Ua Raighilligh do thabhairt Uí Neill chuicce dia chomhfhurtacht. Airghialla & Fir Mhanach & a chaoraighecht do chor dhó la h-Ua Neill & lásna maithibh-sin co h-Achadh Cille Móire. Ua Ruairc, & Mág Mathghamhna, & barún Dealbna, & Mac Caba do tocht sluagh mór


p.876

ina lenmain co h-Achadh Cille Móire. Ua Néill, a chlann, a ghallocclacha, Fir Mhanach, Ua Raighilligh, & a brathair da n-ionnsoighidh annsin & maidhm Achaidh Cille Móire do briseadh forra. Barún Dealbhna, Mac Caba, Enrí Mac Caba, Diarmaitt Ua Ruairc, & sochaidhe oile do ghabhail & do marbhadh don chur-sin lá h-Ua Néill.

M1429.6

Donnchadh Mac Gille Finnein d'écc.

M1429.7

Aodh Direach O Domhnaill .i. mac Toirrdhealbhaigh an Fhíona & a mhac do mharbhadh la Toirrdhealbhach mac Neill Ghairbh Uí Domhnaill .8. febru.

Rudraighe Ua Dochartaigh d'ecc an raithe cedna h-i f-Fathain Mura Othna.

M1429.8

Díth mhór daoine do thabhairt ar feraibh Breifne uile eitir lethadh & mharbhadh la Muintir Feódachán ar Tulaigh Odra ar Sliabh da Chon conar lugha ina dá fhichit i n-easbaidh im Concobhar mac Domhnaill Mec Suibhne ar n-dul dó tria bhaoís & óige for an siobhal-sin, cuid do Dartraighibh & cuid oile do muintir Cloinne Aedha Mhég Uidhir do mharbhadh ann.

M1429.9

Murchadh mac Ui Brain do écc.

M1429.10

Maoil Seachloinn mac Concobhair Anabaidh Uí Cheallaigh mac tighearna Ó Maine do mharbhadh d'aon urchor do gha la Seaan cam Ó t-Taidhg do muintir Uí Choncobhair.

M1429.11

Maoileaclainn Ó Máille adhbhar tighearna Umaill do marbhadh la cloinn Uí Mháille.

M1429.12

Matha mac Tomais Uí Chuirrnín ollamh na Breifne, saoi coitchenn i sencus & h-i seinm do écc ina tigh féin.

M1429.13

O Cobhthaigh .i. Maoileachlainn mac An Chlassaigh Uí Chobhthaigh do mharbhadh la h-Émann mac Hoiberd Dalatún.


p.878

Annal M1430

M1430.0

AOIS CRIOST, 1430.

Aoís Criost, míle, cethri chéd triocat.

M1430.1

Giolla na Naomh Ua Lennáin canánach & Sacrita Lesa Gabhail d'écc.

M1430.2

Slóigeadh mhor la h-Eóghan mac Neill Óicc Ui Neill go Gallaibh Machaire Oirghiall. Ro h-aircceadh imorro & ro lomradh & ro loiscceadh Galldacht Machaire Airghiall uile leis. Ro loiscc bheos dúnadh Tragha Baile, & ro chuir aitreabha an bhaile fó chíos & fó umhla dhó, & tainicc dia tigh co m-buaidh & cosgar.

M1430.3

Sloigheadh mór oile lá h-Eoghan co maithibh an chuiccidh uime isin Anghaile, & a dhul dna gusan Sen-longphort do-chóidh iaromh aisidhe co Caill Salaigh, & ro bhaoí sealat ann 'na chomhnaidhe, do-chuaidh iar sin co Frémhainn Mhidhe. Tangattar din Gaoidhil an deisceirt Ua Concobhair Failgigh, .i. an Calbhach, Ua Maol Mhuaidh, & Ua Madadháin, Mag Eochagán & Ua Maoíleachlainn i c-coinne Eóghain do ghabhail a thuarusdail. Ro loiscceadh Iarthar Midhe uile lásna sluacchaibh-sin im Chill Biccsighi. Táinicc barún Dealbna, Ploingcédaigh, Oirebertaigh, & Goill Iarthair Mhidhe co coitcheann i c-coinne Eoghain Ui Neill do thabhairt a riara dhó dar cend a t-tíre. Do-bertsatt iaromh & do-rónsat sidh. Soais Eoghan dia thigh iar m-buaidh & cosgar, & rug mac Uí Fherghail .i. mac Domhnaill Bhuidhe lais go Dún n-Genainn mar braghaid tar cenn tighearnais Uí Fherghail.

M1430.4

Mág Uidhir Tomas (.i. An Giolla Dubh) tighearna Fer Manach fri ré sé m-bliadhan dég ar fichit fear einigh coitchinn fri truaghaibh & trénaibh, fer cumhdaighthe mainistreach, ceall, & reglés, & dealbh n-iomdha, fer siodhaighthe tuath & taoiseach, & cosanta a criche ar a chomharsain, fer ro charsat tuath & ecclais


p.880

ar fheabus a fhollamhnaighthi d'écc iar m-buaidh n-ongtha & n-aithrighe. Ro h-oirdneadh a mhac Tomas Óg ina ionadh do réir togha tuaithe & eccailsi.

M1430.5

Niall mac Enrí Uí Neill d'écc.

M1430.6

Coccadh mor eitir Mág Cárthaigh Riabhach & an t-iarla, .i. Sémus, & caislen Cille Britain do ghabhail lasan iarla ar Mag Cártaigh, & a thabhairt do Donnchadh Mhág Cartaigh dearbrathair esidhe do Mac Carthaigh do bhaoí ina fharradh ag toghail an caislein.

M1430.7

Slóiccheadh lá Mac Uilliam Cloinne Riocaird, & lá Mac Donnchaidh Tíre Oilealla, & lá Mac Domhnaill .i. Brian mic Muirchertaigh Ui Conchobhair h-i Conmaicne Chúile, loiscthe móra do dhenamh leó, & Aedh mac Uí Concobhair Ruaidh, & Cairpre mac Briain Ui Birn do mharbhadh leó, & a t-teacht dia t-tighibh iar c-cosgar.

M1430.8

Caislén Tuillsgi go ghabháil la Cathal mac Ui Concobhair Ruaidh ar cloinn Toirrdhealbhaigh óig mic Aedha mic Toirrdhealbhaigh Ui Concobair.

M1430.9

Brian mac Tighernáin Óicc Ui Ruairc do mharbhadh lá chloinn Mhaoíleachlainn Még Ragnaill h-i Maothail Mancháin & Donnchadh Mac Tighearnáin do cur don ruaig-sin i Mainistir Maotla. Donnchadh fein do thecht amach tar cenn a muintire, ar ionnchaibh Mhég Raghnaill, & síth do dhénomh eatorra, & éraic Briain do dhíol iar sin la h-Ua Ruairc.

M1430.10

Art Ua Ruairc adbar tighearna na Breifne do mharbhadh ina thigh fein i meabhail la mac a dherbrathar, .i. Maghnas mac Concobhair Ui Ruairc seachtmhain ria c-cáiscc do shonradh.

M1430.11

Tadhg mac Donnchaidh mic Muirceartaigh do écc.

M1430.12

Mac Lochlainn Ui Ruairc, .i. Uilliam Ruadh do écc.

M1430.13

Donnchadh Ócc mac Mec Lochlainn do écc.

M1430.14

Ferghal mac Baothgalaigh mic Taidhg Mec Aedhaccain ollamh Iochtair Connacht


p.882

i f-feinechas saoi coitchend in gach ceirtt, & fear tighe n-aoidheadh da gach aen no thigedh dia shaighidh do ecc iar n-deigh-bethaidh.

Annal M1431

M1431.0

AOIS CRIOST, 1431.

Aoís Criost, míle, cethre chéd, triochatt, a h-aon.

M1431.1

An t-epscop O Martain, .i. epscop Clochair do ecc.

M1431.2

An t-epscop O Maol Accain, .i. epscop Leithglinne do ecc.

M1431.3

Tadhg Ua h-Eoghain oifficel Locha h-Erne saoí leigind d'écc.

M1431.4

Siomón Mhág Garacháin cananach do mhuintir Leasa Gabhail d'écc.

M1431.5

Ua Concobhair Corca Modruadh, .i. Muirchertach do mharbhadh lá cloinn a dearbhrathar féin.

M1431.6

Conn Ua Maoíleachlainn rioghdamhna Midhe do mharbhadh lá muintir na h-Angaile & lá Gallaibh Iarthair Mhidhe, & a brathair Corc do ghabhail.

M1431.7

Gearalt Caomhanach rioghdamhna Laighen saoí einigh & engnamha eisidhe d'écc.

M1431.8

Mag Raghnaill, .i. Sefraidh, fer dearscaighthe, & cenn a cheneoil feisin d'ecc.

M1431.9

Seaan mac Con Connacht mic Pilib Mhég Uidhir do mharbhadh lá Teallach Eachdhach, iar n-dul dia soicchidh ar a n-iocht fein dia t-tir, Brian Caoch mac Mhecc Samhradháin as é ro fheall fair, & nír bhó torbha do Brian sin uair torcair-sídhe & drong dia mhuintir imaille fris. Ni raibhe Seaan cenmotha móirsheiser & ro bháttar an lucht oile cethrachat ina aghaidh, & ro fortamhlaigh an t-anfhorlann fair gur ro marbhadh samhlaidh.

M1431.10

Mag Uidhir, .i. Tomás do dhul sluagh mór i t-Teallach Eachdhach do dhioghail a brathar forra. Ro h-indread, ro creachad, & ro h-airccead an tir leis gur ro mharbh sochaidhe dia maithibh. Ro loisg dno baile Mhég Samhradháin, & táinicc dia thigh iar c-cosgar.

M1431.11

Crecha móra do dhénamh, & daoíne iomdha do mharbhadh la Maghnus Mag Mathghamhna ar Ghallaibh.


p.884

M1431.12

Sloigheadh mór la h-Eoghan Ua Neill, lá Mag Uidhir, & lá h-Ua Raghallaigh go Mac Uidhilín, & a thír do creachadh & do mhilleadh leó. Eoghan cona shlogh & cona caoraigheacht do beith leth ráithe isin tír ag milleadh arbhann, & ag losccadh foirgneamh, & iompudh dhó h-i t-Tír Eoghain iarttain.

M1431.13

Enrí mac Eoghain mic Neill Óicc Ui Néill do ghabháil lá Neachtain Ua n-Domhnaill. Coinne do dhénamh d'Eoghan Ua Neill & do Neachtain fri aroile, & sidh do dénamh dhóibh ina n-imreasain fri aroile, & esrí do leigean amach.

M1431.14

Neachtain Ó Domhnaill do dhol for ionnsoighidh co caislén Locha Laoghaire, & a ghabháil dó for Toirrdhealbhach Ua n-Domhnaill, & a b-fuair ann d' edáil do breith lais.

M1431.15

Marcsluagh mór Gall do thocht for creich h-i c-Cloinn An Chaoich Uí Raigilligh. Magnus mac Ardghail Meg Mathghamhna do dhol an lá cédna ar creich i n-Gallaibh, & iar b-fios sgel na n-Gall dó do-chóidh ina n-deadhaidh co tinneasnach, & fuair iatt ag forchoimhéd a c-creche. Ro ionnsoigh fothaibh, ro ben a c-creacha dhíobh, do gabhadh lais a maithe, & do marbhadh drong oile bheós, & tainicc dia thigh iar m-breith bhuadha.

M1431.16

Domhnall Mac Giolla Pattraicc mac tighearna Osraighe d'écc.

M1431.17

Barrdubh ingen Uí Ruairc bean craibhdeach deig-einigh d'écc.

M1431.18

Aine inghen Uí Ruairc ben Ui Fherghail d'écc.

M1431.19

Mag Carmaic Fear Manach .i. Giolla Patraic & Muirceartach mac Pilib do mharbhadh lá Donnchadh Mac Carmaic cona muintir.

M1431.20

Moein mac Enri Uí Gairmleadhaigh do marbhadh la Domhnall mac Taidhg mic Cathail Óicc, & la h-Ó n- Duirnín.

M1431.21

Gillebert Ua Duibgennáin & Eoghan Ua Fialáin saoí le dan d'écc.

M1431.22

Domhnall mac Dauid Ui Thuathail d'écc.

M1431.23

Conall mac Neachtain Uí Domhnaill do thocht for creich i t-Tír Aodha for Mhac an Ulltaigh, & Muintir Gallcubhair & clann Mhec an Ulltaigh do breith fair, & Conall do mharbhadh d'aon urchor do shaighit.


p.886

M1431.24

Mac Murchadha tighearna Laighen .i. Donnchadh mac Airt Chaomhánaigh do dhol ar ionnsaighidh i c-Condae Bhaile Atha Cliath, & na Goill do eirghe amach, & maidhm do thabhairt la Mac Murchadha ar Ghallaibh i t-tús laí, & sochaidhe díobh do mharbhadh, & édail iomdha do bhein diobh. Goill do aithtionol sa ló cédna iar sin, & breit doibh ar mhuintir Mec Murchadha deireadh laí, & édala mora aca, brisseadh forra la Gallaibh, & drong da n-amhsaibh do marbhadh fa Mhac an Mhidhigh mic Taidg do Siol m-Briain, & fa dá mhac Uí Concobhair Ciarraighe, & Ó Tuathail do gabhail ann.

Annal M1432

M1432.0

AOIS CRIOST, 1432.

Aoís Criost, mile, cethre chéd, triochat, a dó.

M1432.1

Art Mac Cathmhaoíl epscop Clochair saoí craibhdheach, fear thighe aoidheadh coitchind do bochtaibh & d'aidelgneachaibh an Choimdheadh d'écc iar n-aithrighe.

M1432.2

Ua Néill, .i. Domnall Bocc mac Enri Aimhreidh do mharbhadh i n-oirecht Ui Cathain lá da mac Diarmada Ui Cathain .i. Domhnall & Aibhne, & la Cathanchaibh archena iar n-gabhail tighe fair. Ro marbadh dna, Domhnall mac Uí Neill, & Patraicc Ó Maoil Callainn, & mac Uí Meallain. Eoghan mac Néill Óigh Ui Néill do oirdneadh ina ionadh ar Leic na Riogh i t-Tulaigh Occ.

M1432.3

Coinne do dhenamh lá h-Ua Néill (Eoghan) ar Caol Uiscce ré cloinn Domhnaill Mic Muirchertaig .i. Eoghan & Toirrdhealbhach Carrach, do chengal dóibh ré aroile


p.888

i n-aghaidh Uí Dhomhnaill. Ceithre fichit marcach aseadh lion do-chottar-sidhe & clann Mec Donnchaidh isin c-coinne-sin. Ua Domhnaill, .i. Niall do chor a mhuintire do choimhéd an chaoil do thoirrmeascc na coinne. O Neill & Mag Uidhir do tocht ar an c-caol, & muintir Ui Dhomhnaill do thegmháil friú iar t-tocht do sochraide Mhég Uidhir h-i t-tír. Sraointear forra ar fhud Mhiodhbuilg. Ro marbhadh, & ro loiteadh daoíne iomdha la Cenel c-Conaill don cur-sin. Ar a aoi tangattar clann Domhnaill mic Muircheartaigh airm i raibhe Ua Neill, & do-bertsat a lamha di aroile fri comall a c-cataidh & a c-caradraidh.

M1432.4

Coccadh mór do eirghe eidir Ua Neill & Ua Domhnaill, & Énrí mac Ui Néill do dol go Slicceach ar cenn cloinne Domhnaill mic Muircertaigh. O Domhnaill, & O Ruairc .i. Tadhg, & clann Aodha Mheg Uidhir do beith i foraire rempa an c-cein baoi Énrí thiar, Enri & Cairprigh do thocht ar Maigh Ene. Mag Uidhir, .i. Tomas Ócc do thabhairt choblaigh lais for Caol Uiscce i c-coinne Énri & Cairbreach, & a m-breith slán lais dia tigh.

M1432.5

Slóiccheadh mór lá h-Ua Néill, lá Mag Uidhir, & lá Mac Ui Néill Bhuidhe h-i c- Cenél Moain fri h-ucht Ui Dhomhnaill co m-batar ó Fhél Cross go lughnasadh h-i-suidhe aghaidh i n-aghaidh. Ro gonadh & ro marbhadh daoíne iomdha etorra an airet-sin. Ro loiscceadh baile Uí Dhomhnaill & baile Neachtain don chur-sin, & tiaghaid dia t-tighibh dibhlinibh gan sídh gan ossadh.

M1432.6

Creacha mora minci ar Ghallaibh, & daoíne iomdha do mharbhadh lá Maghnas Mhág Mathghamhna dona Gallaibh cédna, & ro tógbait a c-cionna for cuaillibh gharrdha Baile na Lurgan, .i. dún-arus Magnusa budhéin combó gráin & adhuath lá lucht a b-fairccsena a silleadh.


p.890

M1432.7

Eoghan mac Mhég Cárthaigh Riabhaigh do dol ar creich go Cind Saile, & a marbhadh d'aon urchor.

M1432.8

Mág Mathghamhna Brian mac Ardghail do dhol i n-aghaidh Ui Neill, & i n-aghaidh a braithreach fein, Rúdhraighe & Maghnus, & a chaoraigheacht do breith lais i c-cleith Gall.

M1432.9

Sluagh Gall do thionol, & a techt lá Mág Mathghamhna i n-Airghiallaibh, Dartraighi Coininsi do losccadh leo. Lotar ais-síde co Machaire Arda Macha, & tucsat a raibhe do bhiadh isna teamplaibh estibh & ro loiscset é ar faithche an bhaile. Do-bhensat comhadha móra do sruithibh & do mhacaibh eccalsa an bhaile dar cenn a n-ecclas d'anacal ar losccadh. Tiagaid Gaill & Mag Matgamhna dia t-tigibh iaramh.

M1432.10

Maoileachlainn Maineach Mac Con Mara taoiseach Cloinne Cuilén d'écc.

M1432.11

Tadhg Ua Mathghamhna adhbhar tighearna Corca Baiscind, & Maol Mórdha Ua Raghallaigh d'ecc.

M1432.12

Toirrdhealbhach mac Seaain Ui Raghallaigh d'écc.

M1432.13

Cathal mac Tomáis Ui Fherghail d'écc.

M1432.14

Ua Duibhgeannáin Cille Rónáin .i. Matha Glas saoí ollamhan lé senchus d'écc.

M1432.15

Gregoir mac Seaain Ui Mhaoil Conaire adhbhar suadh lé senchus d'écc.

M1432.16

Tadhg mac Domhnaill mic Briain Ui Dubhda tighearna Ua f-Fiachrach fear tucc a duthcus da gach n-duine ina thír eittir cill & tuaith, fear congmála cadhais d'éiccsibh & d' filedhaibh do écc 16. Ianuarii.

M1432.17

Niall Ruadh mac Enri Uí Neill do écc.

M1432.18

Uatér A Búrc mac meic iarla Uladh fer dercach daonnachtach do écc.


p.892

M1432.19

Creacha mora do denamh d'Ua Domhnaill ar Ua Neill.

Creach ele bheós do dhenamh la Brian Occ ó Neill ar Ua Néill an lá cédna.

M1432.20

Coccadh mor eitir ó c-Cerbaill tighearna Éle & Iarla Urmumhan. An t-Iarla do thecht i n-Élibh go sluagh mór imaille fris. An tír do mhilleadh, & da chaislén Ui Cearbaill do briseadh lais.

M1432.21

Mac Murchadha tighearna Laighen do milleadh na Galldacht co mór. Indsaighidh do dhenamh do Ghallaibh ar Mac Murchadha, & ruaig do thabhairt do Ghallaibh, & Ualtar Toibin do gabhail ar an ruaig-sin, & daoine iomdha do lot do marbhadh, & do gabail diobh.