Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal 1023

M1023.0

Aois Críost, míle fiche a trí.

M1023.1

Maol Maire ua Cainen, eccnaidh & epscop Suird Cholaim Chille, d'écc.

M1023.2

Domhnall mac Aodha Bicc Uí Maoileachlainn, an dara tigherna boí for Mídhe, do mharbhadh lá mac SenainLeocain & lá Luighnibh.

M1023.3

Crech lá Gulla dar Deisceart m-Bregh, & dar Doimh Liacc Chianáin, & Ainbhith ua Cathasaigh, toiseach na Saitne, do mharbhadh dhóibh isin ló-sin.

M1023.4

Dúnchadh ua Duinn, tigherna Bregh, feall do Ghallaibh fair ina n-airecht féin, & a bhreith dar muir sair dar sarucchadh Colaim Cille ar as é a comharba bai a c-comairce fris.

M1023.5

Lochlaind, mac Maoileachlainn, tigherna Insi h-Eoghain & Maighe h-Itha, do mharbhadh lá a dherbhrathair féin .i. lá Niall & lá Ciannachta Glinne Geimhin.

M1023.6

Tadhg, mac Briain, mic Cindeittigh, do mharbhadh do Eilibh i fiull, iar na eráil dia bhrathair féin do Dhonnchadh, forrae.

M1023.7

Conchobhar, mac Aenghusa, mac Carraicch Calma, do mharbhadh lasna Gutta i meabhail.

M1023.8

Tearmann Cluana Mic Nóis do orgain do Ghadhra, mac Dunadhaigh, go ruc il-cheda bó ass.

M1023.9

Slóighedh lá h-ua Conchobhair, .i. Tadhg an Eich Ghil, Connacht, i n-Uibh Briuin, dia ro marbhadh ann Domhnall


p.806

Ua h-Eaghra, tigherna Luighne Connacht.

M1023.10

Erard mac Coisse, árd-chroinicidh na n-Gaoidheal, d'écc h-i Cluain Mic Nóis, iar n-deigh-bhethaidh.

Annal 1024

M1024.0

Aois Críost, mile fiche a cethair.

M1024.1

Fachtna fer leighind & sagart Cluana Mic Nóis, aircinneach, Fiondabhrach Abhae, aircindeach Ind Eidhnen, abb na n-Gaoidheal, d'écc h-i Róimh iar n-dol dia oilethre.

M1024.2

Dubh Shláine, prímh-anmchara na n-Gaoidheal, & saccart Aird Brecain, d'écc h-í c-Cluain Mic Nóis.

M1024.3

Dond Sléibhe, tigherna Ua Faolain, do ghabháil tighe oc Dubhloch for Augaire, mac Dúnlaing, for rígh Laighen, & for Mhaolmórdha mac Lorcáin, tigherna Ua c-Ceinnsealaigh & for a mhac, & ro marbtha iatt a t-triur and lá Donn Sleibhe.

M1024.4

Cuán, ua Lothcháin, primh-écces Ereann, & saoi-senchaidh, do mharbhadh i t-Tethbha, & brénaitt a n-aon-uair an lucht ro marbh, & is firt filidh indsin.

M1024.5

Cú Chaille, mac Gairbhith, d'Feraibh Bregh, d'écc.

M1024.6

Donn Slébhe, mac Maoil Mordha, tigherna Ua Faeláin, do thocht for creich i n-Uibh Failghe conas-tarraidh tigherna Ua Failge & dream do Uibh Muireadhaigh co ro marbhsat é isin ionadh in ro roindedh creich Cille Dara.

M1024.7

Cath Atha na Croisi h-i c-Corand eittir Ua Maol Doraidh & Ua Ruairc, go raoimhidh for Ua Ruairc, & ro ladh ár a mhuinntire .i. fiche céd as eadh torchrattar ann im Ruarc ua n-Diarmada, tanaisi Breifne. As do ro raidhedh,


    p.808

    1. An cath oc Ath na Croisi
      fechattar fir cen taissi,
      ro líon do collaibh Corann
      as la Conall a mhaissi.
Cath ele etorra go rimheadh for Fhiora Brefne, go t-torchair mac Tighernáin ann.

M1024.8

Slóicched lá mac n-Eochadha go Gallu, go ro loisccedh lais, & go t-tucc gialla Gaoidheal uadhaibh.

M1024.9

Slóicchedh lá h-Osraighibh, & lá Laighnibh co Talcainde, & do-ratsat seóda & gialla ó Ghallaibh.

M1024.10

Maidhm na n-Erland ria n-Gearr Gaolla for Gulla.

M1024.11

Domhnall mac Aodha, ríoghdhamhna Oiligh, do mharbhadh do Ghiolla Mura mac Occáin.

M1024.12

Maol Dúin ua Con Chaille, tigherna Ua Nialláin, do mharbhadh do Uibh Dortaind.

M1024.13

Maol Ruanaidh ua Ciarrdhai, tigherna Cairpre, d'écc.

M1024.14

Ar Fher Mumhan do chuir lá Donnchadh, mac Aodha i n-Glionn Uisen, tre miorbhail Dé & Comhdháin.

Annal 1025

M1025.0

Aois Críost, mile fiche a cúicc.

M1025.1

Flannabhra, comharba Iae Colaim Chille.

M1025.2

Maol Eóin ua Toráin, comharba Doire Cholaim Chille.

M1025.3

Cend Faoladh, mac Flaithbertaigh, comharba Mo Laisi Daimhinsi.

M1025.4

& Giolla Criost a fer léighinn, d'écc.

M1025.5

Maol Bríghdi ua Richiden, comharba Finnia & Comhgaill, d'écc.

M1025.6

Duibh Insi ua Faircheallaigh, abb Droma Lethain.

M1025.7

Saorbhrethach, abb Imleacha Iubhair, tuir tochaidh & ordain iarthair Ereand esidhe.

M1025.8

& Muiredhach, mac Mucchróin, comharba Ciaráin & Commáin, d'écc. Do mhuintir Imlicch Fordeorach dó.

M1025.9

Niall ua Concobhair, ríoghdhamhna Connacht, do mharbhadh.

M1025.10

Mac Tíre, mac Donnghaile,


p.810

tánaisi Teathbha, do mharbhadh.

M1025.11

Gearr Gaola, tigherna Brecch, do mharbhadh & do losccadh do Dheiscert Bregh & do Mathghamhain ua Riaccáin.

M1025.12

Slóichcedh lá Flaithbertach Ua Néill i m-Breghaibh, co t-tucc gialla Gaoidheal ó Ghallaibh. Slóicchedh lá Domhnall Gott i m-Breghaibh, go ro indarb h-Ui Néill tar Sliabh Fuaid fo thuaidh, & co farccaibh-siot a sciatha & a n-eocha lais, & co t-tucc aittire Fer m-Breghuaidhibh. Maol Sechloind Gott tigherna Midhe, do écc fo cedóir dar a eisi.

M1025.13

Ua Comhaltáin Uí Chléirigh, tigherna Ua Fiachrach Aidhne, d'écc.

M1025.14

Crech lá Cathalán tigherna Fernmhaighe for Feraibh Manach. Creach lá Fiora Mhanach fo chedóir go Loch n-Uaithne, go ro loiscset, & co ro mharbhsat secht fir décc for bhrú an locha.

M1025.15

Dúnghal ua Donnchadha, Caisil, do écc.

M1025.16

Tearmann Feichín do arccain & do losccadh aidhche Nottlacc Mór lá h-Uibh Críocháin.

Annal 1026

M1026.0

Aois Criost, míle fiche a sé.

M1026.1

Conall ua Cilline, comharba Cronáin Tuama Gréine, Maol Pattraicc ua Ailecain fer leighind Duin Lethglaisse d'écc.

M1026.2

Maol Ruanaidh Ua Maol Doraidh, tigherna Ceniuil Conaill, do dhol tar muir dia oilithre.

M1026.3

Slóicchedh lá Donnchadh, mac Briain, co t-tucc gialla Fer Midhe & m-Bregh, Gall, Laighen, & Osraighe.

M1026.4

Slóichcedh lá Flaithbhertach Ua Néill & lá Maol Sechloind, mac Maol Ruanaidh, h-í Midhe, co t-tuccsatt gialla, & go n-deachsat for lic oighreadh i n-Inis Mochta, & ro indirsett in inis for Ghallaibh.

M1026.5

Muircheartach, mac Conghalaigh, tigherna Ua f-Foilghe do mharbhadh lá Gallaibh Atha Cliath.

M1026.6

Aimhirgin ua Mórdha, tigherna Laoighisi, & Cu Duiligh ua Beargdu,


p.812

tigherna Ua n-Duach, do mharbhadh la aroile, & comh-ár Ua n-Duach, & Laighisi, acht ro meabhaidh for Ua n-Duach.

M1026.7

Maidhm ria Roen for Ghulla Atha Cliat occ Loich Rén.

M1026.8

Crech-shlóichcedh lá h-Osraighibh i n-Uibh Muiredhaigh, & ruccsat gabhala móra, & ro ghonsat Muirchertach, mac Dunlaing. Do-dheochattar Ui Muiredhaigh i n-Osraighibh, co ro oirccsett Tealach n-Dimaind, & ro marbhsat an sec-napaidh.

M1026.9

Slóichcedh la tigherna n-Osraighe i n-Uibh Ceinnsealaigh co ros-indir.

M1026.10

Trí catha do bhrisedh do Raon, mac Muirchertaigh, mic Maoileachlaind, do rioghdhamhna Temhra, .i. do Chloinn Cholmain, cath for Fiora Midhe, cath for Fiora Bregh, & cath for Ghallaibh Atha Cliath.

M1026.11

An clochan óthá Garrdha in Bhainbh co h-Ilaidh na t-Tri c-Cros do dhénamh lá Bresal Conailleach h-í c-Cluain Mic Nóis.

M1026.12

Crech mór lá Gerr an Cogaidh for Domhnach Sechnaill, & Gerr an Chogaidh fésin do mharbhadh arnamharach, & a dhá bhráthair immaille fris .i. Etigen, & Giolla Maith, lá Muiredhach ua Céle ina thigh fén, tré fertaibh Dé & Sechnaill indsin.

Annal 1027

M1027.0

Aois Críost, míle fiche a seacht.

M1027.1

Dunchadh mac Giolla Mo Chonna, comharba Sechnaill, an t-eccnaidh bá dearsccaighthi d'Eirionchaibh, d'écc h-i c-Colóin san n-Germáin.

M1027.2

Maol Ruanaidh Ua Maol Doraidh, tigherna Cenel Conaill, do ecc ina oilithre.

M1027.3

Ruaidhri mac Foghartaigh, tigherna Deisceirt Bregh, d'ég iar n-aithrighe & iar sendataidh.

M1027.4

Tadhg mac Giolla Pattraig do dhalladh lá tigherna


p.814

Osraighe, Donncadh mac Giolla Pattraicc.

M1027.5

Slóighedh lá Donnchadh, mac Briain i n-Osraighibh, go raoimhidh for a mhuintir, & ro marbhadh an tan-sin Gadhra mac Dúnadhaigh, tigherna Síl n-Anmchadha, & Domhnall, mac Sencháin, mic Flaithbertaigh, rioghdhamhna Mumhan, Maol Sechloinn, mac Concobhair, tigherna Corco Mo Dhruadh, & dá mhac Cuilén, mic Conchobhair, tigherna & tanaisi O Conaill, dá mhac Ecceartaigh, tigherna & tanaisi Eocchanachta, & Occán ua Cuirc, mac Anluain, mic Ceindeittigh, & sochaidhe oile nach airemhther.

M1027.6

Scrín Cholaim Chille do orgain do Raen, & boraimhe mór do breith esde.

M1027.7

Scrín Mo Cholmócc do arccain lá h-Amhlaoibh & lá Dunchadh tigherna Bregh.

M1027.8

Slóicchedh lá Sitriocc, mac Amhlaoibh & lá Dúnchadh, tigherna Bregh i Mídhe co Léicc m-Bladhma co comharnacthar friú Fir Midhe im Roen ua Maoilechlainn. Ferthar cath etorra. Maidheadh for Gallaibh, & for Fhiora Bregh. Cuirther a n-ár im Dhúnchadh, mac Duinn, tigherna Bregh, agus im Ghioll Ausaille mac Giolla Caoimhghin, tighearna Ua m-Briúin Chualann. Soiter for Roen doridhisi, & maidhedh fair, & marbhthar Roen, tigherna Midhe co sochaidhibh oile.

M1027.9

Cathalán ua Criocháin, tigherna Fernmhaighe, & Airghiall archena, & Cú Locha ua Gairbhith, tigherna Ua Meith do chomhtuitim fri aroile.

M1027.10

Domhnall, mac Flaithbhertaigh Ui Néill, d'écc.

M1027.11

Creach lá Cenél Eoghain for Ultoibh, co t-tuccsat bóromha mhór.

M1027.12

Mac Cuind, mic Dondghaile, ríghdhamhna Tethbha, d'écc.


p.816

Annal 1028

M1028.0

Aois Críost, míle fiche a h-ocht.

M1028.1=U128.1

Tuathal ua Dubhannaigh, espucc Cluana Iraird, an t-easpucc ua Suairlich, & Tadhg, mac Eathach, airchindeach Cille Da Lua, d'écc.

M1028.2

Art ua Dunchadha, airchinneach Mungairti, d'ég.

M1028.3

Giolla Criost, mac Duibh Chuilinn, uasal-shagart Arda Macha, d'écc i Ros Comáin.

M1028.4

Cosenmach, mac Duibh Eachtgha, comharba Tola.

M1028.5

Giolla Pattraicc ua Flaithbhertaicch, airchindeach Suird.

M1028.6

Cormac, sagart Cenannsa.

M1028.7

Maol Pattraig ua Baoghalán, sacart Cluana Mic Nóis.

M1028.8

Flaithnia h-ua Tighernáin, fer leighinn Cille Da Cheallócc.

M1028.9

& Cernach, aistire Cluana Mic Nóis, d'écc.

M1028.10

Brian ua Conchobhair, Scorn Ua Ruairc, Flaithbhertach ua h-Erudain, & Conchobhar, mac Eochadha, do mharbhadh.

M1028.11

Maol Mordha, tigherna Fer Rois, do mharbhadh la Conaillibh Muirtheimhne.

M1028.12

Mac Con Cuailgne, tigherna Ua n-Eathach, do écc.

M1028.13

Flannaccán ua Ceallaigh, tigherna Bregh, & Sitriocc, mac Amhlaoibh, tigherna Gall, do dhol do Róimh.

M1028.14

Crech lá Cenel n-Eochcain i t-Tir Conaill, go t-tuccsat gabhála móra.

M1028.15

Donn ua Conghalaigh do mharbhadh do Conaillibh.

M1028.16

Derthech Sláine do thuitim.

M1028.17

Bec ua h-Aghda, tigherna Teathbha, do mharbhadh.

Annal 1029

M1029.0

Aois Criost, mile fiche a naoi.

M1029.1=U1029.1

Donn Sléibhe ua Brogarbháin, tigherna Ua Foilghe, do mharbhadh.

M1029.2

Donnchadh ua Donnacáin, tigherna Fernmhaighe, & Cionaedh, mac An Gheirrce, tigherna Conailli do chomhthuitim h-í Cill Slébhe.

M1029.3

Brian ua Concobhair ríoghdhamhna Connacht, do mharbhadh do Mhaolsechlainn, mac Maol Ruanaidh, tighearna Crumhthann.

M1029.4

Muirchertach Ua Maol Doraidh do mharbhadh do Uibh Canannáin oc Raith Canannáin.

M1029.5

Aodh Ua Ruairc, tigherna Dartraighe, & tigherna Coirpre & Aengus ua h-Aenghusa, airchinneach Droma Cliabh & trí fichet duine do losccadh imaille friu i n-Inis na Lainde h-i c-Coirpre


p.818

Móir.

M1029.6

Amhlaoibh, mac Sitriocca, tigherna Gall do ergabháil do Mathghamhain Ua Riagáin, tigherna Bregh, & do bhen da chéd décc bó d'fuasccladh ass, & secht fichit each m-Brethnach, & tri fichit uinge d'ór, & cloidhemh Carlusa, & aittire Gaidheal eittir Laighnibh, & Leth Cuind, & tri fichit uinge d'airget ghil ina unga geimhlech, & ceithre fichit bó fhocail, & impidhe, & ceithre h-eittire d'O Riagáin féin fri sith, & lán-lógh braghatt an treas aittire.

M1029.7

Maol Colaim, mac Maoil Bríghde, mic Ruaidhri, d'écc.

M1029.8

Conchobhar, ríoghdhamhna Connacht, do dhalladh la Tadhg ua c-Conchobhair.

M1029.9

Maol Bríghde, priomh-shaor Ereann, d'écc.

Annal 1030

M1030.0

Aois Críost, míle triocha.

M1030.1

Breasal Conailleach, comharba Ciaráin, d'écc.

M1030.2

Maol Martain, espog Cille Dara, d'écc.

M1030.3

Eochaidh ua Cethenen comharba Tighernaigh, ard-shaoi Ereann i n-egna, d'écc i n-Ard Macha.

M1030.4

Aonghus ua Cruimthir, comharba Comhghaill.

M1030.5

Tuathal ua Garbhain, espog Cilli Cuilinn.

M1030.6

& Mael Odhar Dall, fer leighinn Cille Achaidh, d'écc.

M1030.7

Flann ua Ceallaigh, comharba Caoimhghin, d'écc i c-Cluain Mic Nóis.

M1030.8

Erchra gréine h-i prid Calainn September.

M1030.9

Bachall Iosa do shárucchadh im thri caiplibh, & ro marbhadh ria cionn nomhaide an fear ro-da-sháraigh.

M1030.10

Flaithbhertach Ua Néill do dhul do Róimh dia oilithre.

M1030.11

Ruaidhri Ua Canannáin, tigherna Cenel Conaill, do mharbhadh oc Modhairn lá h-Aodh Ua Néill, & creach an t-sneachta ainm an t-slócchaidh dia ro marbhadh.

M1030.12

Tadhg an Eich Ghil ua Concobhair, .i. Connacht, do mharbhadh lasan n-Gott .i. lá Maol Sechlainn ua Maol Ruanaidh, tigherna Midhe & Cremthainne.

M1030.13

Aodh Ua Maol Doraidh do mharbhadh la h-Art Ua Ruairc.

M1030.14

Maidhm for Ua Maoleachlainn, .i. Concobhar, riasan n-Gott, .i. Domhnall, dú i t-torchair


p.820

h-ua Cernacháin tigherna Luighne, & ba h-esidhe maidhm Atha Ferna.

M1030.15

Righe Midhe do ghabháil do Ua Maol Sechlainn & in Gott h-Ua Maeileachlainn do ionnarbadh ar Loch Ribh.

M1030.16

Tadhg, mac Lorcáin, tigherna Ua Ceinnsealaigh, do écc ina oilithre i n-Glionn Dá Locha.

M1030.17

Cu Mara mac Mic Liacc, ard-ollamh Ereann, d'écc.

M1030.18

Mael Dúin, mac Ciarmhaic, tigherna Cheineoil m-Binnigh, do mharbhadh la Conchobhar ua Loingsigh.

M1030.19

Conchobhar, mac Taidhg Uí Cheallaigh, tigherna Ua Máine, do mharbhadh lá Feraibh Tethbha.

M1030.20

Domhnall Gott, Midhe, do mharbhadh tre mebhail o Choin Caratt ua Cobhthaigh ó a amhus fein.

M1030.21

Gormlaith, inghen Murchadha, mic Find, máthair righ Gall .i. Sittrig, & Donnchaidh mic Briain, righ Mumhan, & Choncobhaír, mic Maoilechlainn, rígh Temhra, d'écc. As í an Gormlaith-si ro ling na t léimeannae, dia n-ebradh,

    1. Trí léimeanna ro ling Gormlaith,
      ní lingfedh ben co bráth,
      léim i n-Ath Cliath, léim i t-Temhraigh,
      léim i c-Caisel carn-maigh ós cach.

M1030.22

Comh-tuitim do Choin Gaileng & do mhac Senáin Ui Leochain, dá rioghdhamhna Gaileng.

M1030.23

Fland ua Flaind, tigherna Gaileng, do écc i n-aitthríchce h-i c-Cenannus.

M1030.24

Donnchadh, tigherna Cairpre, do mharbhadh la h-Uibh Fiachrach Muirisc i n-doras tighe Scríne Adhamhnáin.

M1030.25

Tuathal ua Dubhanaigh, epscop Cluana Eraird, d'écc, iar n-deigh-bhetha.


p.822

Annal 1031

M1031.0

Aois Criost, míle triocha a h-aon.

M1031.1

Cathusach, comharba Finghin, do dhalladh.

M1031.2

Maol Suthain, anmchara Briain, mic Ceindeittigh.

M1031.3

& Conaincc ua Cerbhaill, airchinnech Glinne Dá Locha, ceann crábhaidh, & déirce na n-Gaoidhel, d'écc.

M1031.4

Mac Find, airchinnech tighe aoidhedh Cluana Mic Nóis.

M1031.5

& mac Delbhaoith, comharba Cronáin Tuama Greíne, d'écc.

M1031.6

Flaithbhertach Ua Néill do thoidheacht ó Róimh. As fri reimhes Flaithbhertaigh fo-gaibhthi an connradh dimhór i n-Ard Macha amail as follus isin rand,

    1. Seisedhach do ghrán corca,
      no trian d'áirnibh dubh-corcra,
      no do dercnaibh darach duinn,
      no do cnoibh falach fionn-cuill.
      fo-gaibhthe gan tacha tinn,
      i n-Ard Macha ar aon-pinginn.

M1031.7

Ard m-Brecain do arccain do Ghallaibh Atha Cliath, & dá chéd do daoinibh do losccadh isin doimh liacc, & dá céd do bhreith i m-broitt.

M1031.8

Inis Eoghain do arccain do Flaithbheartach, mac Muirchertaigh Ui Néill, & dia mac .i. Aodh.

M1031.9

Slóichcedh la mac n-Eochadha co Tealach Occ, & nocha t-tarraidh ní. Aodh Ua Néill do dhol thairis sair co t-tucc trí mhíle do bhuaibh, & da céd ar mhíle do bhroitt.

M1031.10

Ua Donnacáin, tigherna Arad Thíre, do mharbhadh lá h-ua m-Briain, .i. Toirdhelbhach.

M1031.11

Ua h-Aghda, .i. Aghda mac Giolla Coluim, tigherna Tethbha do bhásúcchadh lá a braithribh lá Muintir Maoil Fhinn.

M1031.12

Glun Iairn, mac Sitricc, do mharbhadh la Deiscert Breagh.

M1031.13

Diarmait, mac Domhnaill, mic Faoláin, tigherna na n-Deisi, & Donn Slébhe, a bhráthair, do mharbhadh lá Muirchertach, mac Briain, h-i c-cath Sléibhe Cua.

M1031.14

Indredh n-OsraigheDonnchadh mac Briain, co ro marbhsat Osraighe don cur-sin An Gilla Rintach Ua Anradhain, & dá ua Maoilechlainn, mic Floinnabhratt, dá rioghdhamhna Chonaill Gabhra, &


p.824

Maol Coluim Caonraighech.

M1031.15

Giolla Chomhghaill ua Slebhene, primh-ollamh Tuaisceirt Ereann, d'écc.

M1031.16

Cond na m-Bocht, cend Celedh n-Dhé, & ancoiri, Cluana Mic Nóis, do chéid-tionól airghe do bochtaibh Cluana i n-IÍseal Chiaráin, & ro edhbair fiche bó uaidh féin inntí. As dó do ráidheadh,

    1. A Chuinn Chluana,
      at-clos tú a h-Erind i n-Albain,
      a chind ordain,
      nochan usa do chill d'argain.

M1031.17

Flaithbhertach ua Murchadha, taoiseach Cenel m-Bogaine, do écc.

M1031.18

Cu Slébhe ua Dobhailen, taoiseach Corca Fhir Tri, do mharbhadh i fiull.

M1031.19

Ua Ruairc, Art, .i. an Caileach, do argain Cluana Ferta Brénainn, & ro meabhaidh fair isin lo cédna ria n-Donnchadh mac Briain go f-fargaibh ár daoine & ethar.

M1031.20

Raghnall mac Raghnaill, mic Iomhair, tigherna Puirt Lairge, do mharbhadh i n-Ath Cliath i fiull.

Annal 1032

M1032.0

Aois Críost, míle triocha a dó.

M1032.1

Maol Mordha angcoire d'écc.

M1032.2

Mughron Ua Níoc, abb Tuama Dha Ghualann, d'écc.

M1032.3

Duibh Indsi, liachtaire Cluana Mic Nóis, d'écc.

M1032.4

Domhnall, mac Maol Ruanaidh Uí Mhaoldoraidh, tigherna Ceniuil Conaill, do mharbhadh lá Cloind Fhianghasa.

M1032.5

Mac Mathghamhna, mic Muiredhaigh, tigherna Ciarraighedo mharbhadh.

M1032.6

Diarmaitt mac Eathach, cend Cloinde Scandláin, d'écc.

M1032.7

Donnghal, mac Duinn Chothaigh, tigherna Gaileng, do mharbhadh do ua Carraigh.

M1032.8

Etru Ua Conaing, ríoghdhamhna Mumhan, do mharbhadh lá muintir Imleacha Ibhair.

M1032.9

Maidhm Droma Bendchuir for Ultaibh ria n-Airghiallaibh.

M1032.10

Maidhm Inbhir Boinne ria Sitrioc, mac Amhlaoibh for Conaillibh & for Uibh t-Tortáin, & for Uibh Méith, in ro ládh a n-ár .i. trí chéd idir mharbhadh & ergabhail.

M1032.11

Conchobhar, mac Maoilechlainn Uí Dubhdai, do mharbhadh dia bhráthair, .i. do mhac Néill I Dhubhdai.

M1032.12

Ceallach mac Dunchadha, tigherna Ua n-Dúnchadha,


p.826

d'écc.

M1032.13

Mathghamhain Ua Riagáin, tigherna Bregh, do thuitim la Domhnall h-Ua Ceallaigh, isin domhnach ria c-Caisc.

M1032.14

Domnall h-Ua Ceallaigh, mac Flannaccáin, do dhalladh lá Muirchertach Ua Ceallaigh.

M1032.15

Aongus Ua Tighernáin, do mharbhadh do Chenél Aodha.

M1032.16

Murchadh, mac Searraigh, tigerna Coirpre Móiri, d'écc.

M1032.17

Muirchertach, mac (no ua) Maoil Sechlainn do dhalladh la Conchobhar Ua Maoileachlainn.

M1032.18

Tadhg Ua Guaire, tigherna Ua Cuilinn, do mharbhad la mac Maoil na m-Bó.

M1032.19

Mac Con Connacht .i. Ua Dunadhaigh, tigherna Sil n-Anmchadha, do mharbhadh.

M1032.20

Maol Tuile, epscop Arda Macha, do écc.