Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal 953

M953.0

Aois Criost, naoi c-céd caoga a trí.

M953.1

An t-aonmhadh bliadhain décc do Chonghalach.

M953.2

Dunadhach, mac Eccertaigh, espucc Cluana Mic Nóis.

M953.3

Dunlang, mac ua Dunaccáin, abb Innsi Doimhle & Tighe Munna.

M953.4

Maol Ionmain, eccnaidh & ancoire Glinne Da Locha, d'écc.

M953.5

Cuilen mac Cellaigh, abb Cille Dara, do mharbhadh.

M953.6

Aonghus, mac Loingsich, airchindech Maighe Bile, d'écc.

M953.7

Aongus, mac Maoil Brighde, airchinneach Doimh Liacc.

M953.8

Ailine, tighearna Mughdorn Maighen.

M953.9

& Braon, mac Cathacain, tighearna Ratha Inbhir, d'ég.

M953.10

Mithighen, mac Cionaedha, tighearna Ua Mail h-Éna.

M953.11

Murchadh, mac Cumusccaigh, tighearna Fer Rois.

M953.12

& Flann, mac Glethnecháin, toisech Cloinne Murchadha, d'écc.

M953.13

Inderghe mac Mocháin, tighearna Ciannachta, do mharbhadh i c-Connachtaibh h-i


p.672

lurcc Chonghalaigh mic Maoil Mithigh.

M953.14

Sloiccheadh la Domhnall mac Muirchertaigh co longaibh o Thuaig Inbhir for Loch n-Eathdach for Dabhall, darsna h-Airghiallaibh, for Loch n-Eirne, iarsin for Loch n-Uachtair, go ro aircc, & co ro indir an Breifne co tucc gialla ua Ruairc.

Annal 954

M954.0

Aois Criost, naoi c-céd caoga a cethair.

M954.1

Gaeitheine sui-epscop Dúin Lethglaise.

M954.2

Oengas, mac Noachain, comharba Fechene.

M954.3

Maol Patraicc, mac Conbretan, airchinnech Sláine.

M954.4

Maonach, comharba Findéin, & fer leighinn Arda Macha.

M954.5

& Maol Brighde, mac Rédáin, comharba Mic Neissi, & Colmain Eala, d'ég.

M954.6

Tadhg na t-Tri t-Tor, mac Cathail Connacht, d'écc.

M954.7

Slóiccheadh la Conghalach, mac Maoil Mithigh, rí Ereann co Laighnibh, & iar n-ionnradh Laighen, & iar n-aighe aonaigh Life frí tríbh láibh. Do-cós ó Laighnibh co Gallaibh Atha Cliath, & tuccsat Amhlaoibh, mac Gofradha, tighearna Gall cona Ghallaibh, & ro h-indleadh caithedarnaigh leó fór cind Congalaigh, conidh triasin ceilcc-sin tainus é cona maithibh oc Tigh Gioghrann. At iad torcratar annsin, Conghalach féisin, Madúdhan, mac Aodha, mic Maoile Mithich, Aodh mac Aichthide, tighearna Tethbha. Corbmac, mac Cathaláin, tighearna Fher n-Arda, & drong


p.674

mór oile amaille friu. Conadh do réimhios Congalaigh h-i ríghe, & d'aois ar t-tighearna Criost an tan ro marbhadh an -si at-bert Aodh ua Raithnén,
    1. Iar n-orgain Atha Cliath grinn,
      ro h-uc Gulla a h-Erind
      it dá bhliadhain for a dech
      i réimhius caoimh-Congalaigh.
    2. A cethair caogat iar fír
      ocus naoi c-céd, ní gníomh suaill,
      o ghein Criost i m-Beithil bóid
      co bás mic Maoil Mithigh mhuaidh.

Annal 955

M955.0

Aois Criost, naoi c-céd caoga a cúicc.

M955.1

An chéd bhliadhain do Dhomhnall, mac Muircheartaigh, uas Erinn h-i ríghe.

M955.2

Flann, mac Aedhaccain, abb Glinne Dá Locha.

M955.3

Maol Ceallaigh, mac Aedha, comharba Ailbhe Imligh.

M955.4

Colmán, mac Conghail, comharba Mo Laisi Daimhinsi.

M955.5

Diarmaitt, ancoire Glinne Dá Locha.

M955.6

Maol Coluim Ua Canannáin, tighearna Ceneoil Conaill, d'écc.

M955.7

Maol Fothartaigh, mac Flaint, Caisil.

M955.8

Muiredhach ua Lachtnáin, tighearna Teathbha, d'écc.

M955.9

Eochaidh, tighearna Locha Cál.

M955.10

Maol Sinchill, mac Duibhcinn, flaith Ua m-Briuin Cualann, d'ég.

M955.11

Cobhlach Ferghail, mic Airt, for Loch Cé.

M955.12

Guin Coirpre Finn h-ui Bruadair, & a mheic .i. Aodh.

M955.13

Riaccán, mac Fiannacta, ui Lorcáin, d'ég.

M955.14

MaelSechlainn, mac Aimhirgin, tighearna Ua Failghe, d'ég.

M955.15

Maidhm ria t-Tuathal, mac n-Ughaire for Uibh Ceinnsealaigh, in ro marbhadh sochaidhe.

M955.16

Slóigheadh la Domhnall, mac Muirchertaigh, go Laighnibh, go ro indrestar Magh Life, & na Coimne go Dún Salach.

Annal 956

M956.0

Aois Criost, naoi c-céd caoga a sé.

M956.1

An dara bliadhain do Domhnall.

M956.2

Flann, mac Mochloingsigh, comharba Tighearnaigh & Maol Dóith.

M956.3

Tanaidhe mac


p.676

Uidhir, comharba Comhgaill, do mharbhadh la Gallaibh.

M956.4

Fiannachta, mac Lachtnáin, airchinneach Ferna.

M956.5

Aodh, mac Ceallaigh, comharba Brénainn.

M956.6

& Lucchaidh, mac Colgan, airchinneach Sláine, d'écc.

M956.7

Tuathal, mac Ugaire, Laighen, d'ég.

M956.8

Niall ua h-Eruilbh do écc.

M956.9

Maidhm for h-Uibh n-Dunchadha, & for h-Uibh Foilghe, & for Cloinn Cellaigh, ag Fiodh Chuilinn .i. for Domhnall, mac Lorcáin, & for Domhnall mac Maoil Mordha, ria n-Uibh Faoláin .i. ria Murchadh, mac Finn, in ro marbhadh Cernach, mac Lorcáin, flaith Cloinne Ceallaigh, & Naoidhenán ua Domhnaill, & sochaidhe oile do shaor-chlannaibh cenmothat-sidhe.

M956.10

Domhnall, mac Aenghusa, tighearna Ua n-Eathach, do écc.

Annal 957

M957.0

Aois Criost, naoi c-céd caoga a seacht.

M957.1

An treas bhliadhain do Dhomhnall.

M957.2

Oenghas ua Lapáin, epscop Ratha Both.

M957.3

Dubh Dúin, comharba Colaim Chille.

M957.4

Martain angcoire, comharba Caoimhghin & Maoile Ruain.

M957.5

Maenach, mac Corbmaic, abb Lis Móir.

M957.6

& Maenach, airchindech Lothra, d'écc.

M957.7

Dubh Da Bhoirend, mac Domhnaill, Caisil, d'écc.

M957.8

Domhnall, mac Maoil Mordha, tighearna Ua Failghe, d'écc.

M957.9

Cluain Mic Nóis do orgain lá Mathghamhain, mac Ceindéiticch, & lá Fiora Mumhan.

M957.10

Losccadh Termainn Chiaráin ó Chrois Áird co Sionaind eitir arbhar & muilnibh, an bhliadhain-si.

M957.11

Creach-shluaighedh Insi Eanaigh la Ferghal ua Ruairc, & maidhm Maighe Itha, dú i t-torchair Aodh, mac Flaithbheartaigh, righdhomhna Cenel Eoghain.

M957.12

Cathusach .i. ó Dhruim Torraidh, mac Doiligein, comhorba Patraicc sui-espucc Gaoidhel, d'écc.


p.678

Annal 958

M958.0

Aois Criost, naoi c-céd caoga a h-ocht.

M958.1

An cethramhadh bliadhain do Dhomhnall.

M958.2

Dubh Dúin ua Steafáin, comharba Colaim Cille.

M958.3

& Cathmhogh, abb Liss Móir, & epscop Corcaighe, d'écc.

M958.4

Carlus, mac Cuind, mic Donnchaidh, do mharbhadh lá Nortmannaibh.

M958.5

Ferghal, mac Augráin, tighearna Laoighisi Rétae, d'ég.

M958.6

Faolán, mac Ferghaile, tanaisi Laoighisi Retae, do mharbhadh.

M958.7

Slóigheadh la Domhnall, mac Muirchertaigh, co Dál n-Araidhe, co t-tucc a n-giallu.

M958.8

Fer Gráidh, mac Cléirigh, tánaisi Caisil, do écc.

M958.9

Donnchadh, mac Lorcáin, mic Cathail, do ghuin h-i t-tír Ua c-Ceinnselaigh.

M958.10

Faifne Fili, primh-éicces Laighen, d'écc.

M958.11

Fínshnecta ua Cuill, file Mumhan, d'écc.

Annal 959

M959.0

Aois Criost, naoi c-céd caoga a naoi.

M959.1

An cúicceadh bliadhain do Dhomhnall.

M959.2

Conaing ua Domhnalláin, airchindech Clochair Mac n-Daimheni.

M959.3

Donnchadh, mac Aurchadha, tighearna Ua Briuin Seóla, d'écc.

M959.4

Fear Gráidh, mac Cléirigh, Caisil, d'écc.

M959.5

Foghartach, mac Ciarmhaic, do mharbhadh i meabhail.

M959.6

Ualgharcc, tighearna Dartraighe, do mharbhadh.

M959.7

Soighet teineadh do thecht iar fut Laighen, aniardhes, co ro mharbh míle do dhaoinibh & alltoibh co n-icce Ath Cliath.

M959.8

Niall, mac Aodha, mic Eochaccáin, Uladh, d'écc.

Annal 960

M960.0

Aois Criost, naoi c-céd seascca.

M960.1

An seiseadh bliadhain do Dhomhnall.

M960.2

Slóighedh lá Flaithbheartach, mac Conchobhair, la tighearna Oiligh, i n-Dál n-Araidhe, go ro indir Condere, co n-astairthetar Ulaidh, co ro marbhadh Flaithbheartach,


p.680

& a dá bhráthair, Tadhg & Conn, & sochaidhe oile imaille friú.

M960.3

Aonghas ua Maol Doraidh, tighearna Cenél c-Conaill, do mharbhadh lá Cenél Conaill budhdéissin.

M960.4

Eoghan, mac Muiredhaigh, do mharbhadh lá h-Uibh Fáilghe.

M960.5

Murchadh, mac Aodha, tighearna Ua Máine Connacht, d'écc.

M960.6

Mughron ua Maol Mhuaidh, tighearna Fear c-Cell, d'écc.

M960.7

Cluain Mic Nóis d'orgain d'Osraighibh.

M960.8

Inis Mór for Loch Ribh do ghabháil do Murchadh ua Chellaigh for Cheallach, mac Ruairc, tighearna Fear Cúl .i. tighearna Síl Ronáin, co ruccadh cona chobhlach i Tir Maine i n-erghabhail.

M960.9

Cobhlach Fear Mumhan iar Sionaind, co ro indirset Termann Ciaráin ón Inbhior siar. Ro gabhsat muintir Domhnaill, mic Dúnchadha, ina n-diaidh, co farccaibhset Fir Mumhan a c-cobhlach leó, & do marbhadh drong mhór díobh iar b-faccbháil a long.

M960.10

Muirchertach, mac Ecnecháin, mic Dálaigh d'écc.

M960.11

Slóighedh lá h-Uibh Néll isin Mumhain, co n-dergenset oirccne mara .i. mora.

M960.12

Ferghal ua Ruairc do fhásucchadh Mídhe.

M960.13

Tene saighnéin do mharbhadh na n-géisi & na c-cadhan i n-Airther Life.

M960.14

Loinges meic Amhlaiph, & na Ladgmainn do theacht i n-Erinn, co ro ortatar Conaille & Ettar co h-Inis Mic Nessáin, co n-dechatar na Ladgmainn iarttain co Fioraibh Mumhan, do dhíoghail a m-bráthar .i. Oin, co ro ortattar Insi Doimhle & Uí Liatháin, co ro loitsiot Liss Mór & Corcach, & co n-dernsat ulca imdha archena. Tiaghtar


p.682

iarttain in h-Uibh Liatháin, co t-tarraidh forra Maol Cluiche ua Maol Eittind, co ro la a n-ár .i. cúicc sesccat ar trí céd, cona ternodar díbh acht lucht tri long.

M960.15

Creach la mac Amhlaibh a h-Inis Mac Nesain co Brettain & co Moin Conáinn.

M960.16

Creach la Sittriucc Cam do mhuir co h-Uibh c-Colgan, co t-tarraidh Amhlaibh co n-Gallaibh Atha Cliath, & co l-Laighnibh, & coru bhaidh Amhlaibh do shaighit trena shliasait, co raeimhidh for Sitriucc c-Cam, co n-erla ina longaibh iar n-ár a mhuintire.

M960.17

Buadhach mac Corbmaic, & Donnchadh, mac Cinn Faolaidh, do mharbhadh la h-Eoghanachtaibh i n-aen-mí.

M960.18

Dunchadh, mac Laeghaire, tighearna Fernmhaighe, d'écc.

M960.19

Slóigheadh lá Domhnall ua Néill for cuairt Ereann, co raibhe trí trath occ Ráith Ettain.

Annal 961

M961.0

Aois Criost, naoi c-céd seascca a h-aon.

M961.1

An sechtmhadh bliadhain do Dhomhnall.

M961.2

Fothadh, mac Brain, scribhnidh & espucc Insi Alban.

M961.3

Cosccrach, mac Dúnacáin, sui-epscop, & airchinnech Insi Cain Degha.

M961.4

Cathal, mac Corbmaic, sui-espucc Cluana Fearta Brénaint, d'écc.

M961.5

Anaile, scribhnidh Doimh Liacc Cianáin, d'écc iar sendataidh.

M961.6

Dubhtach Disirt Chiaráin, Caoncomhrac, mac Curáin, sui-epscop & abb Cluana h-Eoais, d'écc.

M961.7

Ní nemh-ghnath do dhénamh lasin rígh Domhnall, mac Muirchertaigh .i. longa do breith dar Dabhall, tar Sliabh Fuait co Loch n-Aindind, co ro h-oirccedh oiléna an locha lais.

M961.8

Ecnech, mac Dálaigh tighearna Oirghiall, & a mac .i. Dubh Dara, do mharbhadh la a bhráthair lá Murchadh, & ro dioghladh ó Dhia fair an gníomh-sin, uair ro marbhadh-somh iar n-aimsir la h-Ua c-Canannáin.

M961.9

Ua Canannáin, do bhreith longais lais for Lochaibh Eirne, go ro h-oircceadh oiléna an locha lais.

M961.10

Maidhm ria Fearghal ua Ruairc, Connacht, for Muimhnechaibh for Sionnaind .i. maidhm na Catinchi ettir Cluain Ferta & Cluain Mic Nóis, & Dal Cais do


p.684

orccain lais iarsin.

M961.11

Ar ar Mathgamhain, mac Ceinneittigh, ria f-Ferghal ua Ruairc, dú i t-torchair tri h-ui Lorcáin & secht fichet impu.

M961.12

Donnchadh, mac Ceallacháin, Caisil, do ghuin óna bráthair féissin.

M961.13

Ferghal, mac Ceallaigh, do écc h-i Saighir, iar b-pennainn.

Annal 962

M962.0

Aois Criost, naoi c-céd seascca a dó.

M962.1

An t-ochtmhadh bliadhain do Dhomhnall.

M962.2

Dubh Scúile, mac Cionaedha, comharba Cholaim Chille.

M961.3

Suibhni, mac Niamhain, abb Mughna, d'ég.

M962.4

Suibhne, mac Segonáin, espucc & riaghloir Cilli Cuilind, d'écc.

M962.5

Finghin, sui-epscop, Dúin Lethghlaisi, Corpmac, espucc Tamhlachta, d'ég.

M962.6

Colmán, mac Cobradh, fer leighinn Cilli Dara.

M962.7

& Muiriond, inghen mic Colmáin, banabb Cilli Dara, d'ég.

M962.8

Maol Ruanaidh, mac Floinn, mic Eccneacháin, & a mhac do mharbhadh lá Cloind Fianghusa.

M962.9

Furadhrán, mac Bece, tighearna Derlais, do mharbhadh la Cenel Eoghain.

M962.10

Muircheartach, mac Conghalaigh, mic Maoil Mithigh, ríoghdhamhna Ereann, do mharbhadh lá Domhnall, mac Conghalaigh.

M962.11

Ceall Dara do arccain lá Gallaibh, & broid mhór do sruithibh, & do cléirchibh do ghabháil dóibh ann, & Niall ua h-Eruilbh dia f-fuascladh. Lán an toighe móir Sanct Brighde, & lán an dérthighe as eadh do-ruaichill Niall díobh lia a argad budhdéin.

M962.12

Muirchertach h-Ua Canannáin, tighearna Cenél Conuill, do mharbhadh lá a deirbhfine.

M962.13

Maidhm an Bhealaigh re f-Ferghal h-ua Ruairc


p.686

for Feraibh Tethbha, du i t-torchair Domhnall mac Muirecáin.

M962.14

Maidhm for Amhlaibh, mac Sitriucca .i. oc Inis Teoc, ré n-Osraighibh, dú i t-torcrattar íli do Ghallaibh im Batbarr mac Nirae.

M962.15

Coirpre ua Guaire cenn féli Laighen, d'écc.